Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Doyle, agus an tAire Madigan, comhshíniú conartha do sholáthar Seirbhísí Bainistíochta Fianna i gCo. Chill Mhantáin

D’fhógair Andrew Doyle, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu gur síníodh conradh le Comhairle Ardtailte Chill Mhantáin do sholáthar Seirbhísí Bainistíochta Fianna i réigiún Chill Mhantáin. Tagann síniú an chonartha sna sála ar thairiscint rathúil de chuid Chomhairle Ardtailte Chill Mhantáin, i ndiaidh comórtas tairisceana a reáchtáladh níos luaithe i mbliana. Beidh an tionscadal cómhaoinithe seo ar siúl thar trí bliana agus tá sé ceaptha chun forbairt acmhainne agus comhoibriú sciobtha ar leibhéal áitiúil a chumasú mar a bhaineann sé le bainistíocht fhadtéarmach na bhfianna i gCo. Chill Mhantáin.

Is féidir le líonta neamh-inbhuanaithe fianna tionchar diúltach a imirt ar thalmhaíocht, ar chaomhnú, ar chuspóirí foraoiseachta agus ar shábháilteacht ar an mbóthar freisin. Is minic a thagann ceisteanna maidir le líonta arda fianna chun cinn i gCo. Chill Mhantáin, agus is ábhar imní é atá ag dul i méad i gcónaí ag leor bainisteoirí talún agus caomhantóirí sa chontae.

Dúirt an tAire Madigan

Is cúis áthais dom a bheith ag obair leis an Aire Doyle ar an tionscadal tábhachtach seo don réigiún. Is ceist thábhachtach é bainisiú inbhuanaithe na bhfianna i gCo. Chill Mhantáin d’úinéirí talún agus dóibhsean ar ábhar buartha dóibh leas ainmhithe.

Dúirt an tAire Doyle,

Is é aidhm an tionscadail seo bainistiú a dhéanamh ar fhianna a bhíonn le fáil go háitiúil laistigh de 3 aonad nuabhunaithe bainistíochta fianna atá lonaithe i gCo. Chill Mhantáin. Cuirfidh an tionscadal seo bonn níos proifisiúnta faoi bhainistíocht inbhuanaithe na bhfianna sa chontae agus cuirfidh sé malartú eolais sa chontae chun cinn agus tacóidh sé le príomhshruthú an tionscadail agus roinnt eolais in áiteanna a bhfuil gá leis lasmuigh de chontae Chill Mhantáin freisin.

Is fadhb iad líonta neamh-inbhuanaithe fianna i gCo. Chill Mhantáin le roinnt blianta anuas agus imríonn siad tionchar ar fhoraoiseacht, ar chaomhnú agus ar chuspóirí talmhaíochta sa chontae agus is ceist í freisin a bhaineann le leasa fianna. Cloífidh Comhairle Ardtailte Chill Mhantáin leis na treoirlínte a leagtar amach sa tuarascáil chompháirteach dar teideal “Deer Management in Ireland, A Framework for Action” le linn téarma trí bliana an chonartha. Ní mór struchtúir chuí bhainistíochta, rialála agus spáis a bheith ann do bhainistíocht fianna, mar shampla, chun aithris a dhéanamh ar iompar fálróide agus méid gnáthóga na bhfianna, agus chun aird a thabhairt ar nádúr dinimiciúil na gcleachtas agus na gcuspóirí nua-aimseartha úsáide talún chomh maith.

Dúirt an tAire Doyle,

Ba cheart fianna fiáine a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe atá sábháilte, daonnachtúil agus atá freagrach ó thaobh na eitice de, agus a uasmhéadaíonn an tairbhe a bhaineann an tsochaí as bainistíocht fianna.

Tógfaidh an tionscadal seo ar thaithí atá ann cheana sa chontae, agus cuirfidh sé le forbairt ar leibhéal náisiúnta sa réimse seo trí Fhóram Bainistíochta Fianna na hÉireann agus trí bhearta malartaithe eolais.