Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan deontais 2 mhilliún euro faoi Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha 2018

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, inniu go raibh 370 tionscadal oidhreachta ar fud na tíre maoinithe faoi Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha 2018.

Cuirfidh an scéim infheistíocht € 2 milliún euro ar fáil in 2018 chun struchtúir stairiúla a dheisiú agus a chaomhnú. 

Soláthraíonn BHIS maoiniú d'oibreacha ar struchtúir chosanta in úinéireacht phríobháideach agus phoiblí. Tá na deontais a dámhadh idir €2,500 agus €15,000 in aghaidh an tionscadail.

As an 370 struchtúr ar ar bronnadh maoiniú, is áiteanna stairiúla adhartha agus cónaithe iad go leor. Tá roinnt chun díon giolcaí a chur ar fhoirgnimh is díol spéise iad agus i measc na dtionscadal rathúil tá deisiúcháin, d’ardeaglaisí, do mhuilte agus do cheártaí.

Bhronn údaráis áitiúla na deontais seo tar éis measúnuithe a ghlac le hiarratais ón bpobal agus chuireadar tionscadail mholta ar aghaidh chun an Aire lena gceadú. 

Tá liosta na dtionscadal rathúil do Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha 2018 ar fáil anseo.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire:

“Tabharfaidh an infheistíocht seo tacaíocht d'úinéirí agus do chaomhnóirí struchtúir chosanta i ngach ceantar údaráis áitiúil ar fud na tíre mar a dhéanann siad tionscadail ar scála beag, diansaothair chun ár dtimpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú agus a chaomhnú. Feabhsóidh na tionscadail cuma agus riocht na bhfoirgneamh oidhreachta agus tacóidh sé le poist áitiúla i gcaomhnú, scileanna traidisiúnta agus tógáil.

 

Tá foirgnimh stairiúla tábhachtach do phobail a bhfuil meas mór acu ar a n-oidhreacht thógtha. Cabhróidh na deontais seo le bailte agus le ceantair thuaithe a athghiniúint agus beidh siad mar thacaíocht bhreise dóibh siúd atá faoi chúram ár n-airíonna oidhreachta.

 

Is cuid ríthábhachtach dár dtírdhreach cultúrtha é ár n-oidhreacht. Tá áthas orm a bheith ábalta leanúint lenár n-infheistíocht chun é a chosaint don todhchaí.”