Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan pacáiste cáinaisnéise €339 milliún do 2019

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, maoiniú breise ar fiú os cionn €36 mhilliún é dá Roinn in 2019, agus is méadú 12% an méid sin ar leithdháiltí 2018.

Is ionann an méadú ar mhaoiniú agus €21 mhilliún i gcaiteachas caipitil, méadú 39% ar mhaoiniú 2018 agus €15 mhilliún i gcaiteachas reatha (méadú 6%) agus ciallaíonn sé sin go mbeidh thart ar €339 milliún ar an iomlán le caitheamh ar ár gcultúr, ár dteanga agus ár n-oidhreacht in 2019.

Buaicphointí Cháinaisnéis 2019:

  • Ealaíona agus cultúr: méadú €22.6m nó 13.5% ar mhaoiniú - méadú €10.6m (7.7%) ar mhaoiniú reatha agus €12m (nó 14%) ar chaipiteal;
  • An Chomhairle Ealaíon: méadú 10% ar mhaoiniú go €75m, lena n-áirítear os cionn €6m i maoiniú reatha, agus is ionann an méid sin agus dhá oiread an mhéadaithe in 2018;
  • Oidhreacht Thógtha agus Nádúrtha: méadú os cionn €7.1m nó beagnach 15% - agus caipiteal is ea €5.2m den mhéadú sin; agus
  • An Ghaeltacht, An Ghaeilge, agus na hOileáin: méadú €5m (8%) ar mhaoiniú i gcomparáid le leithdháiltí 2018. Tá maoiniú breise de €2m san áireamh anseo le haghaidh Údarás na Gaeltachta chun tacú le cruthú agus coinneáil post i gceantair Ghaeltachta agus chun tacaíochtaí do chomharchumainn Ghaeltachta a mhéadú, mar aon le €600k breise chun leanúint le cur chun feidhme an phróisis pleanála teanga.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan i ndiaidh an fhógra maidir le Cáinaisnéis 2019:

Is ionann an méadú seo ar mhaoiniú agus fianaise inláimsithe den tábhacht a thugtar dár n-oidhreacht chultúrtha agus chruthaitheach faoi Thionscadal Éireann 2040 agus léiriú soiléir is ea é ar thiomantas an Rialtais seo caiteachas in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir a mhéadú ar bhealach chun go dtabharfar dhá oiread an mhaoinithe ina leith faoi 2025.