Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire McHugh go mbunófar bunscoil nua i Ráth Cúil

Inniu, an 20 Nollaig, d’fhógair Joe McHugh, T.D., Aire Oideachais agus Scileanna, go mbunófar bunscoil nua i Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath in 2020.

Beidh an scoil nua seo i Ráth Cúil ar an 45ú scoil nua a bhunófar idir 2019 agus 2022 chun freastal ar an méadú sa daonra. Roimhe seo rinneadh athbhreithniú tosaigh ar an éileamh a bhfuil súil leis sa cheantar seo mar chuid d’athbhreithniú náisiúnta daonra féachaint cén soláthar bunscoile is gá. 

Dúirt an tAire McHugh:

Tá daonra Ráth Cúil ag dul i méid i gcónaí agus tá forbairt cónaithe bhreise beartaithe ann sna blianta atá romhainn.

Tá sé tábhachtach go ndéanfaimis soláthar don mhéadú ar éileamh seo in Iarthar Bhaile Átha Cliath agus tá áthas orm scoil ocht seomra ranga a fhógairt inniu, scoil a osclófar in 2020.

Osclófar ceithre bhunscoil eile in 2020, agus gaelscoil nua i gceantar Theach Sagard/Iarthar na Cathrach ina measc.

Tá cuireadh á thabhairt do mháithreacha, d’aithreacha agus do chaomhnóirí leanaí i gceantair An Chaisleáin Nua/Ráth Cúil atá le rollú i mbunscoil idir 2020-2024 suirbhé ar líne a dhéanamh chun an modh pátrúnachta ab fhearr leo sa scoil nua a chur in iúl. Beidh an suirbhé ar oscailt ag https://patronage.education.gov.ie go dtí uair an mheán oíche 26 Eanáir.

D’iarr an tAire ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí a dtuairimí a thabhairt maidir lena rogha pátrúin agus teanga theagaisc don scoil nua a bhunófar i Ráth Cúil an bhliain seo chugainn.

Agus é ag iarraidh ar dhaoine an suirbhé ar líne a dhéanamh, dúirt an tAire McHugh:

Is deis iontach é seo do mháithreacha, d’aithreacha agus do chaomhnóirí lámh a bheith acu i múnlú an chórais oideachais a bheidh againn sa todhchaí. Molaim don oiread daoine agus is féidir atá ina gcónaí sa cheantar agus a mbeidh leanaí acu ag freastal ar bhunscoil sna chéad chúpla bliain eile a dtuairimí a thabhairt.

Dúirt an tAire:

Táim meabhrach go bhfuil na scoileanna eile i Ráth Cúil lán go doras. Maidir le cóiríocht a chur ar fáil do Ghaelscoil Chrónáin, tá lotaí breise á gceannach ag mo Roinn i láthair na huaire ó Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, lotaí atá láimh leis an suíomh a bhaineann leis an Aire ag Gaelscoil Chrónáin. Tabharfaidh an talamh breise seo deis don Aire díriú ar riachtanais chóiríochta Ghaelscoil Chrónáin.

 

Tá an suirbhé ar líne maidir leis na ceithre bhunscoil eile a osclófar in 2020 ar oscailt do thuismitheoirí ón 28 Samhain seo caite. Tá síneadh á chur le tréimhse na suirbhéanna seo go dtí uair an mheán oíche ar an 12 Eanáir 2020.

Is grúpa neamhspleách darb ainm an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua atá i gceannas ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua.

Bunaíodh an grúpa seo in 2011 chun comhairle a chur ar an Aire maidir le pátrúnacht scoileanna nua. Déanfaidh an grúpa sin anailís ar thorthaí na suirbhéanna ar líne agus cuirfear critéir eile san áireamh sula n-eiseofar moladh.