Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Ó Murchú bunú an Choimisiúin Reifrinn

Tá sé fógartha ag an Uasal Eoghan Ó Murchú, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, go ndearnadh ordú faoi Acht an Reifrinn 1998 ag bunú Coimisiún Reifrinn reachtúil neamhspleách chun críocha an reifrinn ar an Bille um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris), 2018.

De réir Acht 1998, tá an Breitheamh Isobel Kennedy Oinigh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh ina Cathaoirleach ar an gCoimisiún. Is iad na daoine seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí eile den Choimisiúin:

• An tArd-Reachtaire Cuntas & Ciste (an tUasal Seamus McCarthy),
• An tOmbudsman (an tUasal Peter Tyndall),
• Cléireach Dháil Éireann (an tUasal Peter Finnegan), agus
• Cléireach an tSeanaid (an tUasal Martin Groves).

Is é príomhfheidhm an Choimisiúin ráitis a ullmhú, a fhoilsiú agus a chur ar fáil do thoghthóirí ina dtugtar míniú ginearálta ar an togra is ábhar don reifreann, chun feasacht ar an reifreann a chur chun cinn agus chun toghthóirí a spreagadh le vóta a chaitheamh.

Chomh maith leis sin, breithneoidh agus rialóidh an Coimisiún iarratais ó chomhlachtaí nó ó ghrúpaí lena ndearbhú ina gcomhlachtaí ceadaithe le gníomhairí a cheapadh ag an reifreann le bheith i láthair ag stáisiúin vótaíochta agus ag comhaireamh na vótaí.