Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit McHugh leathnú ar thionscadal Clár TechSpace

D’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeilge, an nGaeltacht agus na hOileáin, Joe McHugh, inniu (Dé Domhnaigh 8 Aibreán) gur cheadaigh sé deontas €283,347 do Camara Ireland chun an tionscadal Clár TechSpace a fhorbairt tuilleadh.

Is tionscadal náisiúnta é tionscadal Clár TechSpace a bhfuil sé mar aidhm aige dul i bhfeidhm ar shaol daoine óga trí theicneolaíocht chruthaitheach na hÉireann a threorú i gcás fhorbairt óige dírithe ar thorthaí trí mheán na Gaeilge.

Is gréasán náisiúnta é TechSpace de spásanna meáin dhigiteacha in ionaid óige agus scoileanna.

Cuidíonn an gréasán le daoine óga chun ábhar digiteach agus teicneolaíoch a chruthú agus iad páirteach i ngníomhaíochtaí ar nós scannán digiteach, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna fón póca agus róbataic agus eile.  Faoi stiúir theagascóirí agus mheantóirí oilte, beidh daoine óga in ann feabhas a chur ar a gcumas ríomhaireachta, agus feabhas a chur ar a bhféinmhuinín agus ar a gcuid scileanna sóisialta ag an am céanna.

Arna sheoladh i gConachta i 2015, tá foireann Chlár TechSpace ag obair faoi láthair le scoileanna agus le clubanna óige i gConnachta agus i Mumhain.  

Lamhálfaidh an maoiniú a fógraíodh inniu don obair seo dul ar aghaidh sa dá chúige, le béim níos mó ar dhisciplíní STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) a fhorbairt.  Ina theannta sin, tosóidh an obair d’fhonn an clár a leathnú chun Uladh agus Laighean. 

Imeacht mór nua i mbliana is ea Tech Féile, a cheiliúrfaidh obair na ndaoine óga a ghlacann páirt i gClár TechSpace.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit McHugh:

“Bhí áthas orm tionscadal Clár TechSpace a sheoladh in 2015, mar d’aithníos an tionchar dearfach a d'fhéadfadh a bheith aige ar shaol daoine óga, agus an deis a thabharfaí dóibh a scileanna teicneolaíochta a fhorbairt trí Ghaeilge.  Tógaint croí é an dul chun cinn atá déanta ag an tionscadal ó shin mar leath sé as Connachta isteach Mumhain, agus cuirim fáilte roimh an nuacht go dtosnóidh an obair i mbliana chun tús a chur leis in Ulaidh agus i Laighin.

Tá áthas orm go háirithe le forbairt Tech Féile, imeacht mór nua i gcomhar le TG4, rud a chuirfidh béim ar an obair atá á déanamh ag daoine óga trí mheán na Gaeilge sa chlár TechSpace.  Tá lá iomlán imeachtaí á phleanáil le ceardlanna, taispeántais, aoichainteoirí, ceol agus duaiseanna agus táim cinnte go mbeidh an-rath air.  Agus sinn ag ceiliúradh Bhliain na Gaeilge 2018, is ceart go gceiliúrfaimid an obair nuálach atá á déanamh ag an gcéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge sa chlár seo.”