Foilsithe ar 

Foilsíonn an tAire McHugh Lámhleabhar Rialachais nua do Bhunscoileanna agus gabhann sé buíochas le boird bainistíochta scoile atá ag dul as oifig

Ghabh an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D. buíochas inniu (Dé Mairt 24 Meán Fómhair) leis na mílte saorálaithe a d’fhóin ar bhoird bainistíochta bhunscoile le ceithre bliana anuas.

Chuir an tAire a bhuíochas in iúl agus Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2019-2023 nua á fhoilsiú chun cabhrú le scoileanna iad féin a ullmhú le haghaidh boird bainistíochta nua.

Dúirt an tAire McHugh:

Déanann na mílte duine obair dheonach agus tugann siad dá gcuid ama, eolais agus taithí ar mhaithe lena gcuid scoileanna agus pobail scoile chun obair ar bhoird bainistíochta bunscoileanna. Tá aitheantas mór tuillte acu.

Cuireann siad go mór le bainistiú agus oibriú ár gcuid scoileanna.

Tiomantas ollmhór is ea é a chinntiú go mbainistítear na scoileanna ar shlí go gcuirtear an t-oideachas is fearr dá bhfuil ann ar fáil do gach dalta. Go raibh maith agaibh go léir.

D’fhógair an Roinn go n-eagróidh na scoileanna toghcháin le linn na seachtainí atá amach romhainn chun boird bainistíochta nua a cheapadh a rachaidh i mbun oifige ón 1ú Nollaig.

Sa lámhleabhar rialachais atá á sheoladh inniu tugtar forléargas áisiúil ar ról an bhoird mar aon leis na rialacha éagsúla maidir le comhdhéanamh agus oibriú na mbord.

Tá struchtúr an bhoird bainistíochta ann ó 1975 agus oibríonn sé i mbreis is 3,200 bunscoil faoi láthair. Bíonn ochtar ball ar gach bord de ghnáth. Is ionadaithe tuismitheoirí beirt díobh seo agus is é atá i gceist leis an mballraíocht leasanna éagsúla ar fad a léiriú atá ag pobal na scoile lena n-áirítear an pátrún, na tuismitheoirí, na múinteoirí agus an pobal i gcoitinne.

Dúirt an tAire McHugh:

Ba chóir go mbeadh léirthuiscint ag na boird scoile is éifeachtaí ar a ról agus a fhreagracht maidir le rialachas agus ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go huile agus go hiomlán ar a thábhacht agus atá cumarsáid mhaith le pobal na scoile.

Tá obair den scoth á déanamh cheana féin ag roinnt scoileanna maidir le cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal agus dul i gcomhairle leis. Is é is aidhm don Bhille um Chairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí a foilsíodh le déanaí an spiorad seo na comhpháirtíochta atá ina shaintréith dár gcuid scoileanna a bhuanú agus a chur chun cinn. Cabhróidh feabhas a chur ar an leibhéal caidrimh idir scoileanna agus scoláirí agus a gcuid tuismitheoirí trí aiseolas agus tuairimí a lorg ó scoláirí agus tuismitheoirí agus trí cultúr éisteachta a fhorbairt sa scoil.

Lena chois sin tá sé i gceist go dtabharfadh an Fóram Bunoideachais faoi tuilleadh pléite faoin gcuma a bheidh ar shocruithe agus freagrachtaí rialachais do bhoird bainistíochta scoile amach anseo.

Dúirt an tAire McHugh freisin:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhlachtaí bainistíochta as a gcuid oibre le boird bainistíochta, oiliúint, comhairle agus stiúir san áireamh. Molaim do gach bord nua leas a bhaint as an tacaíocht seo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo:

Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2019-2023 - https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Boird-Bhainistíochta/lamhleabhar-rialachais-do-bhunscoileannna-2019-2023.pdf

Ciorclán 0057/2019 - Toghadh Bord Bainistíochta nua ar Bhunscoileanna - https://www.education.ie/ga/Ciorcláin-agus-Foirmeacha/Ciorcláin-Gníomhacha/cl0057_2019.pdf