Foilsithe ar 

  Infheistíocht bhreise déanta ag an Rialtas chun 5,000 ríomhLeabhar agus ríomhChlosleabhar a chur ar fáil mar fhreagra ar an éileamh mór atá ann anois ar sheirbhísí leabharlainne ar líne - an tAire Ring

Infheistíocht €200,000 déanta agus é tugtha le fios ag leabharlanna go bhfuil méadú suntasach tagtha ar bhallraíocht ar líne
Tá ciste €200,000 fógartha ag an Aire Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail chun tacú le 5,000 ríomhLeabhar agus ríomhChlosleabhar breise a chur ar fáil chun an méadú suntasach atá tagtha ar an éileamh atá ar sheirbhísí leabharlainne poiblí ar líne le linn ghéarchéim COVID-19 a shásamh.
Tá an cistiú seo á chur ar fáil tríd an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil a dhéanann an córas leabharlainne ar líne a riar.
Ag fógairt an mhaoinithe inniu, dúirt an tAire Ring:

Cé nach bhfuil tú ábalta cuairt a thabhairt ar na leabharlanna faoi láthair, tá an tseirbhís leabharlainne fós ar fáil do dhaoine ar líne. Go deimhin, tháinig méadú mór ar líon na ndaoine atá ag iarraidh leas a bhaint as an tseirbhís leabharlainne ar líne ó dúnadh doirse na leabharlann.
Lena chinntiú go mbeadh an stoc ar líne ábalta an méadú atá tagtha ar éileamh a shásamh tá €200,000 ceadaithe agam chun 5,000 ríomhLeabhar breise a chur leis an gcnuasach ar líne."
Chláraigh breis is 7,300 duine don tseirbhís Borrowbox sa tseachtain tar éis do na leabharlanna poiblí dúnadh, seirbhís a chuireann ríomhLeabhair agus Closleabhair ar fáil do bhaill den leabharlann. Is ionann sin agus beagnach líon iomlán na daoine a chláraigh don tseirbhís ó thús na bliana.
Íoslódáladh 25,521 ríomhLeabhar idir an 13 agus an 19 Márta, trí oiread an méid a íoslódáladh an tseachtain roimhe sin. Íoslódáladh níos mó ná 26,000 ríomhChlosleabhar, dhá oiread an méid a íoslódáladh an tseachtain roimhe sin.


Dúirt an tAire Ring freisin:

Thosaigh foireann na leabharlann ag teacht ar bhealaí nuálacha chomh luath agus a dúnadh brainsí don phobal. Cuireadh stop leis an ngá a bhí ann go mbeadh ar dhaoine dul isteach i leabharlann chun bheith ina mbaill. Is féidir é seo a dhéanamh anois ar líne chun go mbeidh fáil ag daoine ar sheirbhísí ar líne láithreach.
"Ba mhaith liom a dhearbhú do gach uile dhuine go bhfuil mo Roinn ag glacadh gach uile ghníomh chun go mbeimid réidh le dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn agus chun go mbeidh daoine ábalta leas a bhaint as leabharlanna le linn na tréimhse seo.

Cuireann leabharlanna poiblí réimse seirbhísí ar líne saor in aisce ar fáil d'úsáideoirí, lena n-áirítear ríomhLeabhair, ríomhChlosleabhair, ríomhIrisleabhair, cúrsaí ar líne agus páipéir nuachta ar líne.  Is féidir na hacmhainní ar fad a fháil ar https://www.librariesireland.ie/elibrary.
Is féidir na seirbhísí ar líne a fháil ach na haipeanna seo a leanas a íoslódáil: 
• BorrrowBox – 30,313 ríomhleabhar and 22,781 ríomh-chlosleabhar ar fáil via Aip BorrowBox na leabharlann.
• RBdigital– Na heagráin is déanaí d'os cionn 350 irisleabhar, lena n-áirítear Hello!, Woman’s Own, The Economist, Time Magazine etc.
• Press Reader – Os cionn 1,400 páipéar nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta ar líne, lena n-áirítear an Irish Independent, Irish Examiner, Sligo Champion agus Daily Telegraph.
• Transparent Language & Universal Class– os cionn 500 cúrsa ríomhfhoghlama lena n-áirítear ranganna ríomhairí, cógas malartach agus 70 teanga éagsúla.


Is féidir leas a bhaint as na seirbhísí seo ar fad ach logáil isteach leis an uimhir atá ar do chárta leabharlainne. Is féidir leat glaoch a chur ar do leabharlann áitiúil má tá do chárta as dáta nó má theastaíonn cúnamh uait. Tá sonraí teagmhála ar fáil ar https://www.librariesireland.ie/find-your-local-library.

Chomh maith leis na seirbhísí ar líne seo, tá foireann na leabharlainne fós ag obair sna brainsí ag cur seirbhísí ar fáil, lena n-áirítear:
• seirbhísí teileafóin, lena n-áirítear tacaíocht do bhaill, ceisteanna a bhaineann le ballraíocht agus roghanna maidir le hiasachtaíochtaí agus le comhairle a thabhairt maidir le stádas oibríochtaí na leabharlainne,
• Facebook Live story times,
• ábhar is féidir a cló lena dhathú isteach,
• teacht ar fhoirmeacha na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ar pháipéar agus
• naisc chuig Ionaid Oibrithe Deonacha, an Garda Síochána agus Ionaid Acmhainní Teaghlaigh áitiúla chun seirbhísí a chur chun cinn do dhaoine atá scoite amach ón bpobal agus do dhaoine níos sine.