Foilsithe ar 

Ionadaíocht na hÉireann ag 16ú Biennale Ailtireachta na Veinéise in 2018

Inniu, Déardaoin 26ú Aibreán, sheol Aire na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh T.D., Ionadaíocht na hÉireann ag 16ú Biennale Ailtireachta na Veinéise in 2018.

Roghnaíodh tiomsach Free Market, foireann sé ailtire, Jeffrey Bolhuis, Jo Anne Butler, Miriam Delaney, Tara Kennedy, Laurence Lord agus Orla Murphy chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar bhonn glao oscailte. Is páirtnéireacht de Chultúr Éireann agus den Chomhairle Ealaíon é Éire sa Veinéis. Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise an fóram domhanda is mó i gcás Taispeántas Ailtireachta agus na díospóireachta. Bíonn sé ar siúl gach tarna bliain agus meallann sé os cionn 260,000 cuairteoir le linn na sé mhí, chomh maith le clúdach ó na meáin chumarsáide idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire McHugh:

Léireoidh taispeántas Free Market ag Biennale Ailtireachta Veinéise 2018 géarchéim na mbailte margaidh in Éirinn, ag cur béime ar a gcarachtar uathúil agus an cás a dhéanamh i gcás féidearthacht an mhargaidh chun pobail athléimneacha a chothabháil.

Tráth uirbiú méadaithe, tá athshondas domhanda ag téama todhchaí an bhaile bhig, agus tá suim mhór idirnáisiúnta ann cheana féin. Ar ndóigh, is saincheist ábhartha í go háirithe in Éirinn anois, agus sinn ag pleanáil do thodhchaí ár mbailte i gCreat Éire 2040.

Faoi mar ba chleacht, cuirfear Taispeántas na hÉireann ag Biennale na Veinéise i láthair in Éirinn do lucht féachana náisiúnta. Is é an taispeántas Free Market an chéad uair a fhillfidh Pailliún na hÉireann ar bhailte tuaithe mar chuid dá thuras náisiúnta i rith shamhradh 2019, ag leanúint le scéalta a bhailiú agus díospóireacht spreagúil a shroichfidh buaic i siompóisiam i mBaile Átha Cliath go déanach in 2019.

Dúirt foireann Free Market:

Is iontach a fheiscint go bhfuil an tionscadal tábhachtach seo tacaithe chomh maith sin. Baineann an tionscadal so le bheith ag obair i gcomhar le chéile agus ag cruthú líonraí leasanna roinnte. Ba mhaith le foireann Free Market obair agus tacaíocht Chultúr Éireann agus na Comhairle Ealaíon a thug tacaíocht airgeadais don tionscadal a aithint, na húdaráis áitiúla leis a chuidigh leis an taispeántas go fonnmhar agus tacaíocht na scoileanna ailtireachta agus an scéim comhaltachta.

Cruthóidh an scéim leagáid don tionscadal seo trí thacú le mic léinn óga am a chaitheamh ag obair sa Biennale ag foghlaim ón taispeántas agus óna chuairteoirí agus a léann a thabhairt ar ais chun na n-ollscoileanna agus an chéad ghlúin eile d'ailtirí óga in Éirinn.


Is bliain shuntasach í an bhliain seo d'Ailtireacht na hÉireann, mar is é seo an chéad uair tugadh an onóir d’Ailtirí na hÉireann a bheith ina gcoimeádaithe foriomlána an Biennale. Roghnaigh Ailtirí - Shelley MacNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects FreeSpace mar théama foriomlán an Biennale. Cuimsíonn sé flaithiúlacht spioraid agus tuiscint daonnachta i gcroílár chlár oibre na hailtireachta, ag díriú ar chaighdeán an spáis féin agus conas ba cheart dó dul i ngleic leo siúd a úsáideann é go laethúil. Beidh Pailliún na hÉireann ar cheann de 65 phailliún náisiúnta ag cur i láthair ag Biennale 2018.