Foilsithe ar 

Maoiniú d'Fhéilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh fógartha ag an Aire Madigan

Tá leithroinnt maoinithe €54,700 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu chun tacú le Féilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann in 2020.

Tá an Scéim leagtha amach chun tacú le himeachtaí áitiúla cultúir nach measfar a bheith incháilithe faoi chritéir mhaoinithe le haghaidh imeachtaí ar scála níos mó amhail na cinn arna dtacú ag Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus comhlachtaí eile mar sin.  An 24 Aibreán 2020 an dáta deiridh a glacadh le hiarratais. Leithdháileadh maoiniú i ndiaidh próiseas iomaíoch iarratas ina raibh deontas €5,000 ar a mhéad ar fáil.

Meascán d'imeachtaí ar líne agus imeachtaí a tharlóidh 'sa saol mar atá' a bheidh sna tionscnaimh a chuirfear maoiniú ar fáil dóibh, imeachtaí a chuirfear ar fáil do lucht spéise na tíre ag teacht le treoir ghinearálta sláinte poiblí. Táthar ag súil go gcuirfear leis an ábhar cultúir le tacaíocht ón Roinn chun ionad cultúir ábhartha a chruthú ar mhaithe le leas an phobail agus an pobal níos leithne.

Seo a leanas an liosta de na hiarratasóirí ar éirigh leo.

Dúirt an tAire Madigan inniu:

Tá sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí áitiúla cultúir, go bunúsach, tosaíonn sé go háitiúil le muintir an phobail agus déantar é a neartú agus a fhorbairt tríd an bpobal féin ansin. Is ríthábhachtach atá sé sin i láthair na huaire agus go leor daoine b'fhéidir ag brath go bhfuileadar scoite amach ón bpobal agus leo féin amach is amach.

Tá an-chuid teacht aniar léirithe ag na heagraíochtaí a tugadh maoiniú dóibh faoin scéim seo mar aon le hoiriúnacht maidir lena gcuid tionscadal a phleanáil agus beidh tionchar dearfach ag na himeachtaí seo ar fholláine gach duine a mbeidh an t-ádh orthu a bheith i láthair nó a bheith páirteach.    Táthar ag súil go eascróidh mórtas an phobail ar a gcultúr áitiúil féin fad agus atá gach duine ag fanacht amach óna chéile agus go mbeidh pobail cultúir agus cóngaracht le mothú de bharr na n-imeachtaí a dtabharfar maoiniú dóibh tríd an scéim.

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Iarratasóir

Cur síos ar an Tionscadal

Contae

Suim an chistithe atá beartaithe

Scoil Samhraidh Sheosaimh Mhic Gabhann

Ceoil Traidisiúnta, Amhránaíocht Thraidisiúnta & Damhsa Traidisiúnta - lena cur ar líne do 2020

Maigh Eo

€5,000.00

Féile Scannán Araibise Bhaile Átha Cliath

Féile chun an chuid is fearr de chultúr scannán Arabach a chur os comhair lucht féachana i mBaile Átha Cliath

Baile Átha Cliath

€3,000.00

CLG Chomhlachas Drámaíochta na hÉireann

Cúrsa 8 lá ar thraenáil amharclannaíochta

Baile Átha Cliath

€5,000.00

Músaem Scríbhneoirí Chiarraí

Féile idirnáisiúnta scéalaíochta agus béaloidis

Ciarraí

€4,700.00

Féile Ceoil Thraidisiúnta Patrick O'Keefe

Féile chun ceol agus cultúr dúchasach Shliabh Luachra a chaomhnú

Ciarraí

€5,000.00

Oifig Fógraíochta Oirthuaisceart Mhaigh Eo

Féile Imill Bhéal an Átha

Maigh Eo

€5,000.00

NYAH an Chabháin

Dhá Lá & Oíche de Cheol & an Focal Labhartha

An Cabhán

€4,500.00

Ionad Ealaíon & Oidhreachta Bhaile Átha an Rí

Féile Ceoil, Ealaíon, Drámaíochta Bhaile Átha an Rí (Tá roghanna ar líne á mbreithniú)

Gaillimh

€5,000.00

Headfest

Féile d'imeachtaí ceoil, pobal, spórt agus healaíona (dátaí an tsamhraidh curtha ar ceall)

Gaillimh

€1,500.00

Féile Sorcais Ghort na Silíní Baile Átha Cliath

Scoil samhraidh ina mbeidh daltaí in ann léargas a fháil ar theaghlach sorcais agus beidh deis acu foghlaim faoi stair an tsorcais in Éirinn agus thar lear

Baile Átha Cliath

€3,000.00

CLG Foras Oidhreachta Airm na hÉireann

Scoil Samhraidh - Féiniúlacht, éagsúlacht agus Athmhuintearas na hÉireann á Scrúdú

Dún na nGall

€4,000.00

Féile Fómhair na nGleanntach

Féile Bhliantúil an Fhómhair

Dún na nGall

€2,500.00

Clowns Without Borders

Féile saincheaptha cultúir lae atá san Umbrella Carnival i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

Baile Átha Cliath

€3,000.00

Ionad Idirnáisiúnta Smashing Times

Féile Ealaíon Bhaile Átha Cliath agus Féile Chearta Daonna chun ardán a thabhairt don obair iontach a dhéanann cosantóirí na gcearta daonna in Éirinn chomh maith le béim a leagan uirthi (Rogha ar líne)

Baile Átha Cliath

€3,500.00

Iomlán

€54,700.00