Foilsithe ar 

Osclaíonn Michael Ring an Mol Digiteach agus nuálaíoch go hoifigiúil, gteic@ An Spidéal

An chéad tionscadal faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe curtha i gcrích
An Mol ina chuid de ghréasán áiseanna leathanbhanda ardluais i gceantair thuaithe sa Ghaeltacht
Béim leagtha ar phoist a chruthú sna hearnálacha cruthaitheachta agus meán digiteach

D'oscail Michael Ring, TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, go hoifigiúil inniu (Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair 2019) an chéad tionscal atá tugtha chun críche le maoiniú a cuireadh ar fáil faoi Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe an Rialtais, a bunaíodh mar chuid de Thionscadal Éireann 2040.

Maidir le hoscailt gteic@An Spidéal inniu, dúirt an tAire Ring:

Tá an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe – ar fiú €1 billiún é agus atá á riar ag mo Roinnse, ina dhlúthchuid de Thionscadal Éireann 2040.   Féachtar leis tacaíocht a thabhairt do thionscadail straitéiseacha, mórscála a bhfuil sé d'acmhainn acu dul chun cinn geilleagrach agus sóisialta a chur chun cinn i gceantair thuaithe in Éirinn. 

Is ceann de na tionscadail den scoth sin é Mol Digiteach agus Nuálaíochta gteic@An Spidéal, arna fhorbairt anseo sa Spidéal ag Údarás na Gaeltachta, agus bhí ríméad orm a bheith ábalta €548,887 a leithdháileadh ón gCiste sin chun an tionscadal seo a chur i gcrích.

trí gteic@An Spidéal, cuideofar le deiseanna fostaíochta a chruthú agus cuirfear áis bhríomhar, nua-aimseartha agus ardluais leathanbhanda ar fáil d'fhiontair nuathionscanta agus seanbhunaithe. Tríd an Mol, tacófar le fostaíocht sa cheantar áitiúil go díreach agus go hindíreach agus beidh béim faoi leith ar na hearnálacha cruthaitheachta agus meán digiteach

Tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe, cuirtear deis gan fasach ar fáil tionchar suntasacht a bheith againn ar phobail tuaithe agus iad a athrú ó bhonn: cuirfidh sin leis an teacht aniar agus le cuspóirí Thionscadal Éireann 2040.

Ceadaíodh maoiniú don Mhol gteic sa chéad ghlaoch ar thionscadail a fuair maoiniú faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe. Faoin gcéad ghlaoch, d'fhógair an tAire Ring maoiniú €86 milliún do thionscadail ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne T.D. ag an imeacht:

Táim an-sásta a bheith anseo in éineacht le mo chomhghleacaí, an tAire Ring, agus an Mol gteic á oscailt anseo sa Spidéal.  Tríd an Mol seo, cuirfear deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontraithe na háite agus ag an am ceanna, spreagfar daoine chun smaoineamh ar fhilleadh ar an gceantar nó gnó a bhunú ann.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Údarás na Gaeltachta:

Tá ríméad orainn in Údarás na Gaeltachta an mol iontach, nua-aimseartha, nuálach agus tarraingteach seo a fhorbairt laistigh dár ngréasán gteic trí chúnamh maoinithe suntasach á fháil ó RRDF. Tá gteic@An Spidéal ina chuid de ghréasán bríomhar atá ag méadú d'áiseanna leathanbhanda ardluais atá á bhforbairt againn i gceantair thuaithe sa Ghaeltacht agus cuideoidh sin le poist a chruthú, tacú le cianoibrithe agus spreagfaidh sé agus cuirfidh sé ar chumas Diaspóra na Gaeltachta filleadh ar an mbaile, forbairt coincheapa agus gnó nua a éascú agus chomh maith leis sin, forbrófar líon mol ina gcuireann cultúr faoi leith na Gaeltachta cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Ring:

Is sampla iontach an tionscadal seo ar mar atá pobail thuaithe ar fud na tíre ag baint leas as an leibhéal ollmhór infheistíochta atá déanta mar chuid de Thionscadal Éire 2040 mar aon leis an dul chun cinn geilleagrach agus sóisialta atá á bhaint amach mar gheall ar an maoiniú.  Leanfaidh mo Roinnse den chlár forbartha tuaithe a chur chun cinn ar fud an Rialtais agus leanfar d'fhorbairt a dhéanamh ar an dul chun cinn iontach atá déanta go dtí seo.