Foilsithe ar 

Plean teanga do cheantar Gaeltachta Chiarraí Thiar ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., inniu agus é ag oscailt Ionad nua Foghlama i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh, go bhfuil plean teanga Chiarraí Thiar ceadaithe aige faoin phróiseas pleanála teanga.

Is é seo an t-ochtú plean le bheith ceadaithe faoin phróiseas ó cuireadh tús leis in 2014 agus an ceathrú ceantar den chúig cheantar Gaeltachta ar fad i gcúige Mumhan atá réidh le tús a chur le plean a fheidhmiú láithreach.

D’fhógair an tAire Stáit go mbeidh allúntas suas le €150,000 thar tréimhse 12 mhí á chur ar fáil ag an Roinn le cabhrú le feidhmiú an phlean do Chiarraí Thiar, rud a chuirfidh ar chumas Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú más gá.

Dúirt an tAire Stáit:

Le ceadú phlean teanga Chiarraí Thiar tá dlús curtha le feidhmiú an phróisis pleanála teanga. Beidh an deis ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne aghaidh a thabhairt láithreach ar raon rudaí breise a dhéanamh go háitiúil chun cuidiú tuilleadh le staid na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar.

Leis an chuidiú suntasach seo – atá sa bhreis ar an chuidiú a chuireann an Roinn agus an tÚdarás ar fáil don Chomharchumann cheana féin ar bhonn leanúnach, déanfar treisiú ar an obair mhór atá ar bun ar leas an cheantair ag an Chomharchumann mar a bhaineann sé leis an phróiseas pleanála teanga.

Bhí an tAire Stáit i láthair mar aoi speisialta ag oscailt Ionad Foghlama i mBaile an Fheirtéaraigh atá forbartha ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; chuir an Roinn deontas i leith trealaimh teicneolaíochta ar fáil faoin Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne - ar fiú beagnach €25,000 é.

Maidir le gnóthaí pleanála teanga; in éindí le Ciarraí Thiar tá pleananna teanga ceadaithe cheana féin i leith na gceantar a leanas:
1. Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe,
2. Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
3. Cloch Chionnaola, Co. Dhún na nGall,
4. Na Déise, Co. Phort Láirge,
5. Múscraí, Co. Chorcaí,
6. Ciarraí Theas.
7. Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.


Tá 4 phlean eile á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair agus táthar ag súil leis go ndéanfar 7 bplean eile a scrúdú agus a cheadú faoi dheireadh na bliana.
Tá pleananna á n-ullmhú cheana féin i gcás na mbailte a leanas: Leitir Ceanainn; Daingean Uí Chúis agus Cathracha na Gaillimhe agus Chorcaí. Táthar ag súil leis go gcuirfear tús le hullmhú pleananna i gcás Dún Garbhán, Trá Lí, An Clochán Liath agus Caisleán an Bharraigh i mbliana.


Leanann ullmhúchán pleananna ar aghaidh faoi stiúir Fhoras na Gaeilge i leith na Líonraí Gaeilge: Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Táthar ag súil leis go gcuirfidh Foras na Gaeilge pleananna ina leith faoi bhráid na Roinne lena cheadú roimh dheireadh na bliana.