Foilsithe ar 

Ráiteas maidir le Foilsiú na Tuarascála ar Cheolfhoirne RTÉ

Chuir an tAire Cumarsáide, Gníomhaíocht Aeráide agus Comhshaoil Denis Naughton agus an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan fáilte roimh fhoilsiú le RTÉ den tuarascáil ar Cheolfhoirne RTÉ, ‘Ensuring a sustainable future’ le Helen Boaden agus Mediatique.

Chuir na hAirí fáilte roimh na moltaí sa tuarascáil, go háirithe an moladh gur chóir go mbeadh an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta ina hinstitiúid chultúrtha náisiúnta ina ceart féin nó laistigh den Cheoláras Náisiúnta. Deirtear sa tuarascáil freisin gur chóir go bhfanfadh an Cheolfhoireann Ceolchoirme Náisiúnta le RTÉ, ag feidhmiú mar cheolfhoireann raidió clasaiceach. Aithnítear freisin an tábhacht a bhaineann le ceangal láidir a choinneáil idir an dá cheolfhoireann.

Dúirt an tAire Madigan:

“Creidim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil soláthar láidir ceoil cheolfhoirnigh in Éirinn agus lamhálann an tuarascáil seo dúinn slí chun tosaigh don dá cheolfhoireann a áirithiú - todhchaí láidir a chinntiú agus a áirithiú go bhféadfaidh siad cur go hiomlán le hoidhreacht chultúrtha shaibhir na hÉireann. Tá an tuarascáil tráthúil chomh maith – tiomnaíonn clár Éire Chruthaitheach an Rialtais do raon tionscnamh tábhachtach chun tacú le cultúr agus le cruthaitheacht in Éirinn, beartaíonn ár bPlean Forbartha Náisiúnta 10 mbliana, mórthionscnamh caipitil inár nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, lena n-áirítear athfhorbairt mhór an Cheolárais Náisiúnta. Tá an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta sa bhaile sa Cheoláras Náisiúnta ó d’oscail sé, rud a sholáthraíonn formhór clár ceoil ceolfhoirne an Halla. Tá deis anois ag an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta ról níos láidre a imirt mar chuid de na forbairtí níos leithne seo”.

Dúirt an tAire Naughton:

“Cuirim fáilte roimh an aitheantas ag an tuarascáil d’inmhianaitheacht fócais athnuaite ar ról oideachais na gceolfhoirne agus an tábhacht a bhaineann le freastal ar lucht féachana réigiúnacha. I gcomhar leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, táim ag tnúth le moltaí na tuarascála a chur chun cinn.”

D’iarr na hAirí ar oifigigh óna Ranna dul i dteagmháil le RTÉ d'fhonn tograí a thabhairt chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí mar thosaíocht.