Foilsithe ar 

Ráiteas ón Aire Catherine Martin TD agus ón Aire Stáit Dara Calleary TD

Ráiteas ón Aire Catherine Martin TD agus ón Aire Stáit Dara Calleary TD

 

Chuir Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta fáilte inniu (an 2 Iúil) roimh an tAire Stáit don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus Spórt agus Príomh-Aoire an Rialtais Dara Calleary TD, chuig an Roinn agus dúirt sí go raibh sí ag súil le bheith ag obair i gcomhar leis ar fud na n-earnálacha tábhachtacha seo.

 

Dúirt an tAire Martin

bhí tionchar ollmhór ag Covid-19 ar gach réimse den tsochaí agus bhí an tionchar sin an-ghéar san earnáil ealaíon agus san earnáil turasóireachta ach go háirithe. Táim ag súil le bheith ag obair i dtreo ghealltanas an Rialtais cuidiú leis na hearnálacha sin ach go háirithe agus téarnamh gheilleagar na tíre á phleanáil againn.

 

Nuair a bhí an Tuarascáil Tosaigh maidir le Tascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta léite agam, bhuail mé leis an Tascfhórsa inné agus chuala mé féin faoin tionchar atá ag Covid-19 ar an earnáil riachtanach maidir le geilleagar na tíre. Tá na dúshláin a gcaithfidh an earnáil aghaidh a thabhairt orthu soiléir anois, agus srianta COVID 19 á maolú, dúshláin nach bhfacthas riamh roimhe seo agus táim ag súil leis an toradh a bheidh ar mhachnaimh an Tascfhórsa agus le bheith ag obair leis chun téarnamh inbhuanaithe a bhaint amach.

 

Dúirt sí freisin: 

Tuigim go maith freisin na dúshláin atá ann do Choistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus do chumainn spóirt agus tús á chur arís le spórt sa tír agus táim ag tnúth le bualadh le príomhpháirtithe leasmhara san earnáil go ríghairid.

 

Thug an tAire tuairisc Shainghrúpa Comhairleach na Comhairle Ealaíon ar aird chomh maith, tuairisc a leagan amach réimse tograí chun tacú leis an earnáil i bhfianaise na ndúshlán atá tagtha chun cinn de bharr na paindéime.

Táim ag tnúth le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad chun an réimse iomlán beart, atá leagtha amach i gClár an Rialtais, a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá de dhíth ón earnáil ealaíon ag an tráth seo,

a dúirt sí.

 

Thug an tAire ar aird go bhfuil ár dteanga, cultúr agus spórt ar leith lárnach maidir lenár sainiúlacht mar náisiún agus baineann sé seo go mór le turasóirí a mhealladh lena gcuid laethanta saoire a chaitheamh in Éirinn, turasóirí as Éirinn agus ó thar lear. Dúirt sí chomh maith go bhfuil sí "ag tnúth le naisc níos láidre a chothú idir na gnéithe sin ar fad chun taithí cultúir níos saibhre agus níos tairbheach a chur ar fáil do shaoránaigh na tíre agus do chuairteoirí araon.

 

Leag an tAire béim ar an tábhacht a bhaineann leis na meáin agus an earnáil closamhairc in Éirinn chomh maith. Dúirt sí:

Tá sé léirithe ag Covid-19 dúinn, thar aon ní eile, go bhfuil an-tábhacht go deo le meáin chumarsáide atá bríomhar agus eolasach, agus go háirithe an tábhacht a bhaineann le craoltóireacht earnála poiblí sa dá cheann dár dteangacha náisiúnta. Tá a fhios agam go bhfuil dúshláin thar a bheith sonrach le sárú ag an earnáil seo agus táim ag súil le bheith i mbun rannpháirtíocht láidir ar an réimse tábhachtach seo, arb é croílár daonlathas nua-aoiseach agus iolraíoch é.

 

Dúirt an tAire Martin go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ríthábhachtach don Rialtais agus di féin go pearsanta, agus go bhfuil sí ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth in éineacht leis an Aire Stáit don Ghaeltacht, Gaeilge agus Spóirt, Dara Calleary TD, chun cúram leathan na Roinne a bhrú chun cinn.

 

Dúirt an tAire Calleary:

Bhí an-áthas orm bualadh leis an Aire Martin agus le hoifigigh ó rannán na Gaeltachta agus Spóirt inniu.

Ag tagairt don Ghaeltacht agus don Ghaeilge dúirt sé

Is am dúshlánach é seo i ngach earnáil sa tsochaí, ní áirím i gceantair Ghaeltachta, áit mbeidh tionchar mór orthu i mbliana de bharr go bhfuil na Coláistí Samhraidh curtha ar ceal. Tuigim na dúshláin atá roimh an teanga, agus an gá atá ann go nglacfadh an Rialtas cur chuige gníomhach chun an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin agus cosaint a thabhairt do “Tobar an Dúchais” idir an dá linn, siad sin na pobail Ghaeltachta inarb í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail.

Tá mandáid láidir curtha ar fáil ag na gealltanais atá déanta sa Chlár Rialtais maidir leis an teanga agus an Ghaeltacht chun reachtaíocht agus tionscnaimh beartais tábhachtacha atá dírithe ar mo ról nua a chomhlíonadh a thabhairt chun cinn. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim ag an Aire Martin sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, agus táim ag súil le bheith ag obair go dlúth agus go tairgiúil in éineacht léi sa Roinn.

Maidir le cúrsaí spóirt, dúirt an tAire Stáit:

Táim ag súil lena mbeidh ar mo chumas a dhéanamh a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh imeachtaí spóirt ar fáil go sábháilte dúinn uilig arís. Le linn na paindéime, bhí sé soiléir go raibh tóir níos mó ag daoine ar a bheith ag rith, ag rothaíocht agus ag siúl mar go raibh siad ag iarraidh aire a thabhairt don tsláinte fhisiciúil agus mheabhrach. Cuirfimid leis sin le linn mo théarmsa san oifig chun sláinte agus folláine an phobail a fheabhsú. Cinnteoimid go dtabharfar a mhéid cúnaimh agus is féidir dár Lúthchleasaithe Ardfheidhmíochta le go mbeidh siad ábalta a gcuid spriocanna a bhaint amach agus spreagadh a thabhairt do mhuintir na tíre seo.