Foilsithe ar 

Rath ar Ealaíontóirí Éireannacha Buann Saothair arna dtacú ag Cultúr Éireann Duaiseanna i nDún Éideann

Tá léirmheastóirí amharclannaíochta de chuid na Breataine tar éis ardmholadh a thabhairt d’ocht seó Éireannacha a cuireadh i láthair i nDún Éideann an mhí seo le tacaíocht ó Chultúr Éireann, mar chuid de Chultúr Éireann GB18.

Bhuaigh Amharclann Druid an duais inmhianaithe Herald Angel as athléiriú Garry Hynes ar “Waiting for Godot”. Bhí an léiriú, a ndearna The Times cur síos ar mar léiriú “den scoth”, ar siúl ag an Lyceum mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann.

Bhuaigh Amharclann Inis duais Scotsman Fringe First as “Class” de chuid David Horan agus Iseult Golden. Fuair an dráma seo, a bhí á gcur i láthair ag The Traverse i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach, ardmholadh agus 4 réalta ó The Scotsman, The Herald agus The Guardian, a dúirt go raibh sé i measc na léirithe ab fhearr ag Féile Fringe. Moladh “Class” do Dhuais Carol Tambor freisin.

Chomh maith leis sin, luaigh The Guardian “Everything Not Saved” de chuid Malaprop agus léiriú Prime Cut & Pat Narrans ar “My Left Nut” ina liosta de na Léirithe Ab Fhearr de chuid Féile Fringe.

Mhol The Observer na “taibhithe iontacha” a thug na haisteoirí Éireannacha Cathy Belton, Derbhle Crotty agus Aisling O’Sullivan, i léiriú Landmark Productions ar “The Approach” le Mark O’Rowe. Thug an Edinburgh Reporter agus Edinburgh Festivals Magazine 5 réalta don dráma a bhí ar siúl ag The Assembly Hall.

Dúirt British Theatre Guide gurb é “Maz & Bricks”, dráma de chuid Eva O’Connor arna chur i láthair ag Fishamble - The New Play Company, “Ceann de na drámaí ab fhearr sa chathair i mbliana”.

Díoraíodh ar léirithe rince na hÉireann i mbliana freisin agus thug The Stage 4 réalta do “Giselle’’ ó Ballet Ireland agus “WRoNGHEADED” ó Liz Roche Company.

Thréaslaigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, leis na healaíontóirí Éireannacha go léir agus lena bhfoirne cruthaitheacha i nDún Éideann. Dúirt sí:

Agus níos mó na 3,500 seó á gcur ar siúl ag Féiltí Dhún Éideann, is léiriú ar ardchaighdeán an tsaothair atá ar bun in Éirinn é gur bhuaigh ealaíontóirí Éireannacha duaiseanna agus gur tugadh moladh chomh mór céanna dóibh.” Táim thar a bheith bródúil as na héachtaí go léir a rinneadh i nDún Éideann agus as an obair a dhéanann Cultúr Éireann chun tacú leis na léirithe seo. Bíonn ár n-ealaíontóirí de shíor ag cur saothar ardchaighdeáin i láthair ar an ardán idirnáisiúnta a thugann blaiseadh ar Éirinn agus ar chruthaitheacht chumhachtach ár bpobail do lucht féachana domhanda



Beidh Féile Fringe Dhún Éideann ar siúl go dtí an 29 Lúnasa.