Foilsithe ar 

Scéim Athnuachana na mBailte agus Sráidbhailte faoin Tuath in Éirinn á seoladh

20170809Rural Affairs

€10 milliún ar fáil in 2016 chun tacú le hathnuachan bhailte agus sráidbhailte na tuaithe

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys inniu  go gcuirfear €10 milliún ar fáil d’Údaráis Áitiúla i mbliana chun tacú le hathnuachan na mbailte agus sráidbhailte faoin tuath in Éirinn.

Ag labhairt di ag seoladh Scéim Athnuachana na mBailte agus Sráidbhailte Tuaithe do 2016 i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin, dúirt an tAire Humhphreys:

Is tosaíocht mhór de chuid an Phlean don Rialtas Comhpháirtíochta é forbairt na tuaithe.  Tá bailte agus sráidbhailte na hÉireann ag croílár ár bpobail tuaithe, ach d’imir an cúlú geilleagrach tionchar nach beag ar cuid mhór de na bailte agus sráidbhailte sin. Tá sé de dhualgas orainn cuidiú leo téarnamh a bhaint amach.  Tá Scéim Athnuachana na mBailte agus Sráidbhailte á seoladh agam inniu chun beocht a chur inár mbailte agus sráidbhailte faoin tuath.  Tá sé ríthábhachtach go mbeifear in ann gníomhaíocht eacnamaíochta a bhláthú sna bailte agus sráidbhailte, go mbeidh daoine in ann cónaí agus oibriú iontu agus go mbeifear in ann castáil lena chéile ag leibhéal sóisialta iontu freisin.

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

Tá leithdháileadh de €10 milliún á chur ar fáil ag an Rialtas i mbliana do Scéim Athnuachana na mBailte agus Sráidbhailte.   Tá an leithdháileadh don scéim méadaithe níos mó ná dhá oiread agam i Vóta mo Roinne i mbliana, ó €4 mhilliún go €10 milliún, rud a léiríonn tiomantas an Rialtais d’fhorbairt cheantar tuaithe na hÉireann.  Rachaidh an scéim chun tairbhe do suas le 200 baile agus sráidbhaile ar fud na tíre i mbliana. 

Beidh comhairliúchán agus comhar mar phríomhghnéithe den scéim.  Déanfar í a riar trí na hÚdaráis Áitiúla, agus éileofar orthu dul i gcomhpháirtíocht le gnóthais agus pobail áitiúla chun smaointe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh fíordhifear fadtéarmach d’athbheochan bhailte agus sráidbhailte na tuaithe.

Tá Scéim Athnuachana na mBailte agus Sráidbhailte mar chuid de ghealltanas an Rialtais go gcinnteofar go rachaidh an téarnamh geilleagrach chun tairbhe do gach cearn den tír.  Tugtar aghaidh leis an scéim ar mholtaí thuairisc CEDRA freisin, tuairisc a foilsíodh in 2014.

Díreofar ach go háirithe in 2016 ar thacaíocht a thabhairt do bhailte beaga, ina bhfuil daonra faoi bhun 5,000 duine.  Féadfar tacú le líon níos lú tionscadal i ngach contae do bhailte le daonra suas le 10,000.