Foilsithe ar 

Seirbhísí Fharantóireacht Thoraí

D’aithin an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le fada an lá gurb oileán ar leith i measc na n-oileán amach ón gcósta í Toraigh.
Tá réimse tacaíochtaí i bhfeidhm ag an Roinn don oileán, i gcomhthéacs na bhfreagrachta atá uirthi chun tacú lenár n-oileáin amach ón gcósta, ach chun tacú chomh maith leis sin le pobal Gaeltachta Thoraí.

Maoiníonn an Roinn seirbhísí paisinéirí agus farantóireachta chuig na hoileáin uile a bhfuil cónaí orthu amach ó chósta na Éireann, Toraigh ina measc siúd.

Anuas ar sheirbhísí farantóireachta, chomhaontaigh an Roinn in 2016 maoiniú a chur ar fáil chun an leibhéil seirbhísí héileacaptair chuig Toraigh a mhéadú ó sheirbhís a sholáthraítear gach coicís go dtí seirbhís a sholáthraítear gach seachtain.

Cúlra
· I rith 2017, chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta comórtas tairisceana oscailte ar bun, i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí, chun seirbhís farantóireachta do phaisinéirí agus lastas éadrom a sholáthar do Thoraigh.

· Sula ndeachthas chun tairisceana, chas an tAire Stáit McHugh agus oifigigh na Roinne le hionadaithe ó Chomharchumann Thoraí. D’iarr muintir an oileáin go ndéanfaí coinníoll den chonradh nua nach mbeadh fad an aistir ní b’fhaide ná 30 nóiméad. Mheas an Roinn nach mbeadh sé praiticiúil a bheith chomh sonrach seo i gcáipéis tairisceana mar gheall go bhféadfadh nach bhfaighfí aon tairiscintí i margadh an-teoranta dá bharr.

· Fuarthas dhá thairiscint agus, i ndiaidh meastóireacht a dhéanamh, bronnadh an conradh don tseirbhís seo ar an gcuideachta, Réalt na Maidne Teo, trí úsáid a bhaint as an mbád, MV Queen of Aran. Cé go bhfuil an tsoitheach seo níos sine ná an ceann a úsáidtear ar an tseirbhís faoi láthair, tá athchóiriú iomlán á dhéanamh faoi láthair air, i gcomhairle le hOifig an tSuirbhéara Mhuirí (OSM) ar a bhfuil freagracht reachtúil as sábháilteacht bháid paisinéirí in Éirinn.

· Cuirfidh an tseirbhís nua feabhas suntasach ar an tseirbhís a sholáthraítear faoi láthair:
o Beidh ardaitheoir ar an árthach do phaisinéirí ar a bhfuil lagú luaineachta.
o Beidh an t-árthach níos tapúla ná an t-árthach reatha agus iompróidh sé níos mó paisinéirí.
o Soláthrófar seirbhís thiomnaithe bhus idir an Bun Beag agus Machaire Rabhartaigh ar laethanta nach féidir leis teacht i dtír ag cé Mhachaire Rabhartaigh. Roimhe seo, bhí tacsaithe le socrú ag na hoileánaigh ón mBun Beag go Machaire Rabhartaigh.
o Soláthróidh an t-oibreoir seirbhísí breise lastais mar chuid den chonradh.

· Soláthraíonn an fortháirgeoir rathúil seirbhísí farantóireachta chuig Árainn Mhór faoi láthair, chomh maith.

· Tiocfaidh an conradh seo i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2018 agus leanfaidh sé a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse 5 bliana.

· Chas an tAire Stáit McHugh, i dteannta oifigigh na Roinne le Comharchumann Thoraí i Meán Fómhair 2017. D’fhreastail siad ar chruinniú poiblí ar Thoraigh ar 12 Eanáir 2018 agus chas siad ansin le hionadaithe ó Chomharchumann Thoraí ar 2 Feabhra chun plé a dhéanamh ar thosach feidhme an chonartha agus ar bhuarthaí mhuintir an oileáin. Chomh maith leis sin, rinneadh teagmháil leanúnach idir an Roinn agus ionadaithe Chomharchumann Thoraí maidir leis an tsaincheist seo.

Roghanna amach anseo

· Agus na buarthaí a thug muintir an oileáin le fios á n-aithint, chuir an Roinn roinnt roghanna ar fáil do sheirbhísí farantóireachta amach anseo chuig Toraigh. Áirítear leo seo:

o Árthach nua a thógáil chun freastal ar an oileán nó árthach nua a cheannach
o An ché ag Machaire Rabhartaigh a fhorbairt chun freastal ar an árthach nua
o Soláthar sheirbhís ghasta fharantóireachta ar leith a fhóirdheonú don oileán chun cur leis an tseirbhís nua atá le tosú ar 1 Aibreán 2018, leis an tseirbhís lastais throim atá á soláthar faoi láthair agus leis an tseirbhís sheachtainiúil aeir sa gheimhreadh chuig an oileán. Theastódh bád beag ón tseirbhís ghasta seo a d’fhéadfadh idir 12 agus 20 paisinéir a iompar, a d’oibreodh ar aon dul leis an bpríomhsheirbhís agus le seirbhís fhóirdheonaithe sheachtainiúil aeir an oileáin.

· D’aontaigh ionadaithe ón gcomharchumann breithniú a dhéanamh ar thairiscintí na Roinne agus dul i dteagmháil ina dhiaidh sin leis an Roinn in am trátha.

· Tá ráite ag an Aire Stáit arís eile go bhfuil sé tiomanta do na roghanna seo a mheas ag gach cruinniú le pobal Thoraí.


· Seachas an tseirbhís thapa chomhlántach, glacfaidh sé roinnt ama chun na roghanna chun árthach nuathógtha nó árthach nuacheannaithe a sholáthar agus na forbairtí gaolmhara ag Machaire Rabhartaigh a chur chun cinn. Idir an dá linn, tá conradh dlíthiúil i bhfeidhm ag an Roinn chun tús a chur leis an tseirbhís nua fharantóireachta ar 1 Aibreán 2018.

· Luaigh an tAire arís eile na gealltanais a rinne sé ag cruinnithe leis an bpobal agus leanfaidh sé ag tacú leis an bpobal tábhachtach oileáin agus Gaeltachta seo nuair a bheifear ag dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le cónaí ar oileáin.