Foilsithe ar 

Seisiún Eolais maidir le Oidhreacht Éireann 2030, Plean Náisiúnta Oidhreachta nua, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

Seisiún Eolais maidir le 'Oidhreacht Éireann 2030' ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ó 12 meánlae – 4 i.n., Dé Máirt, an 28 Bealtaine.
Daoine agus eagraíochtaí a chuir aighneacht faoi bhráid mar chuid den chomhairliúchán poiblí i láthair.
Plé ar na tuairimí príomhthábhachta a d'eascair ón 2000+ aighneacht a tháinig isteach ag an Roinn as gach cuid d'Éirinn.
Rinneadh cúnamh a éileamh go mór maidir le haird agus tuiscint ar chúrsaí oidhreachta a chothú, le hoiliúint agus le spéis dhaoine óga a spreagadh.  Is léir éileamh freisin ar acmhainní breise a chuideodh le gníomhaireachtaí, eagraíochtaí oidhreachta, daoine aonair agus grúpaí pobail cúram a dhéanamh den oidhreacht.  Bhí an gá díriú ar thoradh an athrú aeráide ar ghnéithe den oidhreacht agus caillteanas bithéagsúlachta a chosc ar na téamaí eile a tháinig chun cinn go mór mar gheall ar an mbeart comhairliúcháin.

Gabhfaidh Josepha Madigan, T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta buíochas inniu leo siúd ar fad a chuir aighneacht faoi bhráid maidir leis an bplean náisiúnta oidhreachta nua - Oidhreacht Éireann 2030 - ag Seisiún Eolais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Mar chuid de na bearta comhairliúcháin le gairid, eagraíodh níos mó ná 70 ceardlann poiblí ar fud na tíre agus chuir níos mó ná 2,000 eagraíocht agus duine aonair aighneacht faoi bhráid faoina bhfuil i gceist le hoidhreacht dóibhsean.  D'fhág an leibhéal ard caidrimh agus comhfhreagrais, níos airde ná mar is gnáth maidir le comhairliúchán poiblí, gur cuireadh síneadh míosa leis an tréimhse comhairliúcháin.

Tá an Seisiún Eolais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Dé Máirt, an 28 Bealtaine, á eagrú mar bheart deiridh sa phróiseas comhairliúcháin agus chun buíochas a ghlacadh leo sin ar fad a ghlac páirt sa phróiseas le tamall de mhíonna anuas.

Tá sruthchraoladh á dhéanamh ar an ócáid ar leathanach Facebook na Roinne agus ar an suíomh idirlín d'fhonn freastal orthu sin nach dtig leo a bheith i láthair an lá áirithe sin.  Beidh deis leis an ócáid seo freisin a bhfuil tugtha chun tosaigh le próiseas Oidhreacht Éireann 2030 go dtí seo a mheas agus roinnt de na réamhthorthaí ón bpróiseas comhairliúcháin, agus de na bearta a dhéanfar ar an gcéad chuid eile, a chur i láthair go grinn mionsonraithe.  Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag leanacht den obair anailíse ar na haighneachtaí mar chuid den bhunobair maidir leis an mbeartas foréiseach i leith oidhreacht foirgníochta agus oidhreacht nádúrtha na hÉireann go ceann na mblianta seo romhainn a leagan amach.

Dúirt an tAire Madigan:

Is ábhar mór dóchais againn an spéis mhór a léiríodh san oidhreacht foirgníochta agus san oidhreacht nádúrtha i rith an phróiseas comhairliúcháin.

Tá oiread na suime agus an chúraim a léirigh na sluaite agus na bearta comhairliúcháin ar siúl ina ábhar spreagtha againn mar atá réimse leathan na moltaí faoinar féidir a dhéanamh agus ar gá a dhéanamh ina leith.

I ndáil leis an eastát oidhreachta poiblí, na foirgnimh stairiúla agus na séadchomharthaí náisiúnta, is mian liom an obair a dhéanann Oifig na nOibreacha Poiblí, príomhpháirtnéirí Rialtais na Roinne maidir leis an obair bainistíochta agus caomhnúcháin ar an eastát sin, a thréaslú leo agus buíochas a ghlacadh as an gcion tairbhe cinniúnach a dhéanann siad agus as cuidiú linn an ócáid seo a chur ar siúl.

Is mian liom buíochas a chur in iúl don Chomhairle Oidhreachta freisin agus do chraobhchóras oidhreachta na n-údarás áitiúil agus do na páirtnéirí eile ar fad maidir le cúrsaí oidhreachta as an gcúnamh agus an gcomhairle saineolais a cuireadh ar fáil i rith an phróiseas comhairliúcháin.

Dúirt an tAire Madigan freisin:

Táim an-bhuíoch de na mílte, idir dhaoine aonair, eagraíochtaí neamhrialtais agus grúpaí pobail, a chuir aighneachtaí faoi bhráid agus is mian liom a dheimhniú go bhfuil aird á thabhairt oraibh ar fad.

Is léir an t-éileamh atá ar bhearta cúnta breise i leith na hoidhreachta ar na haighneachtaí agus beidh a lorg sin ar an bPlean Oidhreachta nua i bhfoirm bhearta chun modhanna nua cistíochta a shonrú agus a aimsiú. Tá gá géar freisin le díriú ar thionchar ar an oidhreacht, ar chaillteanas bithéagsúlachta agus ar chreimeadh an ábhar oidhreachta go ginearálta agus beidh bearta á sonrú sa Phlean Oidhreachta nua chun dul i ngleic leis sin.  Tugtar faoi deara freisin éileamh tréan ar chúnamh maidir le cúrsaí oideachais agus le rannpháirtíocht dhaoine óga i gcúrsaí oidhreachta agus beidh a lorg sin ar Oidhreacht Éireann 2030 freisin i cuid shonrach.

Táim ag tnúth le bualadh le cuid mhór díobh sin a bhfuil curtha acu leis an bplean ag an ócáid seo agus mholfainn d'aon duine nach féidir leo a bheith inár gcuideachta nasc a cheangal leis an sruthchraoladh beo a bheidh ar fáil ar leathanach Facebook na Roinne agus ar an suíomh idirlín.

 

Nóta

Beidh an seisiún ar fáil beo anseo:

 This information session will be livestreamed on:

Facebook       Suíomh

Breis Eolais ar fáil anseo.