Foilsithe ar 

Seolann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich ‘Rith 2012’

Ag labhairt dó ag seoladh ‘RITH 2012’ i nGaoth Dobhair maidin inniu (8 Márta 2012), dúirt an tAire Stait na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go raibh lúcháir air a bheith páirteach sa tionscnamh nuálach seo, a bhfuil sé mar aidhm aige labhairt na Gaeilge a spreagadh ó cheann ceann na tíre.

 

Is í seo an dara bliain atá an t-ollrith náisiúnta seo ar siúl agus tá sé eagraithe mar chuid d'imeachtaí ‘Seachtain na Gaeilge 2012’. Sa deich lá amach romhainn, táthar ag súil go rithfidh na mílte duine ar son na Gaeilge ar thuras iomlán de 1000 cileaméadar.trí bhreis agus 200 baile agus 15 contae. Beidh baitín atá deartha go speisialta don ócáid, a bhfuil teachtaireacht speisialta ann, ag athrú láimhe ó dhuine go duine le linn an turais. Nochtar an teachtaireacht atá sa mbaitín nuair a bhainfear ceann scríbe amach ar Árann, Co. na Gaillimhe, Lá Fhéile Pádraig seo chugainn.

 

Thréaslaigh an tAire Stáit le lucht eagraithe 'Rith 2012' agus dúirt sé gur deis iontach é do ghrúpaí pobail, clubanna spóirt, scoileanna, clubanna óige agus daoine aonair a dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge ar bhealach spórtúil agus taitneamhach. "Tugann ócáidí mar seo deis do gach uile dhuine teagmháil a dhéanamh leis an Ghaeilge ar bhealach dearfach,spraíúil agus tugann sé spreagadh dóibh ár bpríomhtheanga náisíúnta a úsáid, fiú mura bhfuil acu ach an cúpla focala dúirt an tAire Stáit. ",