Foilsithe ar 

Seolann an tAire Bruton Cláir Oideachas Múinteoirí Nua trí mhéan na Gaeilge

Suas le 60 áit breise d’oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge le soláthar go bliantúil

Gníomhaíocht lena chinntiú go mbeidh soláthar múinteoirí trí mheán na Gaeilge ar fáil

 

Inniu d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D. dhá chlár oideachas múinteoirí nua trí mheán na Gaeilge. Cuirfidh na cláir nua suas le 60 áit breise trí Ghaeilge ar fáil d’oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge. Tagann na háiteanna nua seo sa bhreis ar an 380 áit breise do chúrsaí oideachas múinteoirí a fógraíodh le déanaí.

Comhlíonann fógra an lae inniu príomhthiomantas sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, a sheol an tAire i 2016, agus is é seo an chéad sainpholasaí oideachais don Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát. Beart tábhachtach atá sna háiteanna nua seo chun a dheimhniú go mbíonn soláthar leordhóthain múinteoirí trí mheán na Gaeilge ar fáil do scoileanna i gceantair sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Léiríonn an dá chlár nua oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge infheistíocht suas le €7m nach mór, bunaithe ar an líon a roghnaíonn na cúrsaí agus is iad Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Mhuire  gan Smál a chuirfidh na cúrsaí ar fáil. Beidh fáil ó Institiúid Oideachais Marino ar an gcúrsa 4-bliana Baitsiléir Oideachais (B.Oid.) trí mheán na Gaeilge do bhunmhúinteoirí a thosóidh i 2019 agus déanfaidh Coláiste Mhuire gan Smál céim Mháistreachta san Oideachas (M.Oid.) a reachtáil do bhunmhúinteoirí agus d’iar-bhunmhúinteoirí, príomhoidí san áireamh, a thosóidh i 2018.

Agus na cláir á sheoladh aige inniu, dúirt an tAire Bruton, “Comhlíonann fógra an lae inniu príomhthiomantas ón bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, an chéad pholasaí dá leithéid, agus ón ár bplean chun sármhaitheas sa teagasc trí mheán na Gaeilge a chothú i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge araon.

“Is iad múinteoirí agus ceannairí scoile an toisc is tábhachtaí lena dheimhniú go mbíonn toradh dearfach ag leanaí ón scoil. Is mian liomsa a dheimhniú go mbíonn go leor múinteoirí cáilithe ag ár scoileanna a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge chun sár-chlár oideachais a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus is céim mhór chun cinn ina threo sin iad na cúrsaí nua seo.”

Bronnadh an dá chonradh mar thoradh ar  phróiseas soláthair cuimsitheach, faoi bhainistiú na OSR i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Chuir an tAire a bhuíochas in iúl freisin do thacaíocht na hOifige um Sholáthar Rialtais don phróiseas.