Sheol Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Cill Chainnigh Bheoite inniu (Dé hAoine) ag Stiúideo Cartoon Saloon, a bhfuil clú air fud fad an domhain. Is féile úrnua scéalaíochta amhairc í Cill Chainnigh Bheoite. Le linn na féile, cuirfear cartúin, beochan agus léaráidí i láthair i sraith taispeántas, cainteanna, taibhléirithe, ceardlann agus eispéireas lena gceiliúrfar cruthaitheacht agus ceardaíocht na hamharcíomhá. Beidh sí ar siúl ag ionaid éagsúla i gCathair Chill Chainnigh idir an 23 Feabhra agus an 25 Feabhra.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Madigan:
“Ní deis líonraithe amháin í ‘Cill Chainnigh Bheoite’. Is fíorchúis í le héachtaí iontacha an tionscail anseo i gCill Chainnigh a cheiliúradh freisin. Is eiseamláir í den tábhacht a bhaineann leis an gcruthaitheacht. Is é sin an fáth a bhfuil ríméad orm a fhógairt go bhfuil deontas €15,000 á chur ar fáil agam don fhéile i mbliana mar chuid den Chlár Éire Ildánach atá á reáchtáil ag an Rialtas.”
Dúirt an tAire Madigan freisin:
“An rud atá iontach faoin gcartún ar ndóigh ná gur féidir leis – mar mheán - freastal ar gach cultúr agus ar ghach teanga. Is cuma faoin bhun-theanga. Tugann sé meán fíor-éifeactach dúinn chun scéal ár dtíre féin a insint. Baineann idir ghné uilíoch agus ghné áitiúil leis an gcartún. Sa ghné uilíoch, déantar cumarsáid trasna gach cultúir agus i ngach teanga agus, sa ghné áitiúil, insítear ár scéal don domhan mór, lena n-áirítear sa Ghaeilge anseo in Éirinn. Tá sé sin fíorluachmhar.”
Ag labhairt di faoin ainmniúchán le haghaidh Duais Acadaimh a fuair Cartoon Saloon le déanaí as “The Breadwinner”, dúirt an tAire:
“Is eol dom go mbeimid go léir ar bís agus muid ag amharc ar an searmanas sa Dolby Theatre in Los Angeles an 4 Márta. Is iontach an rud é ainmniúchán a fháil ar an gcéad dul síos. Éacht dochreidte amach is amach do Cartoon Saloon is ea ainmniúchán a fháil den tríú huair. Tá súil agam go mór go mbeidh sibh in ann i gceann seachtaine an teideal “Buaiteoir Duais Acadaimh” a chur le bhur CVanna, a bhíonn ag fás de shíor.”
Ag fáiltiú di roimh an ócáid, dúirt Ciara Sugrue, Ceann Féilte Fháilte Éireann:
“Forbraíodh an chéad fhéile ‘Cill Chainnigh Bheoite’ mar fhreagairt don tionscnamh ‘What’s the Big Idea?’ a reáchtáil Fáilte Éireann. Le linn an tionscnaimh, bhíomar ag lorg smaointe nua nuálacha le haghaidh féilte nua in Éirinn a bheadh an-tarraingteach do chuairteoirí idirnáisiúnta. Bhí féile ‘Cill Chainnigh Bheoite’ ar cheann de cheithre ócáid a forbraíodh ó na céadta aighneacht a fuarthas faoin tionscnamh agus táimid tiomanta do thacaíocht airgeadais a thabhairt don fhéile ar feadh trí bliana chun go mbeidh deis aici fás agus forbairt. Tá an fhéile ag teacht go mór le ‘Sean-Oirthear na hÉireann’, branda de chuid Fháilte Éireann a bhfuil mar aidhm leis, i measc nithe eile, Éire a chur chun cinn mar thír ag a bhfuil na scéalaithe is fearr ar domhan.”
Ní ba luaithe sa lá, sheol an tAire Madigan an Scoil Náisiúnta Scannán don Ógra 2018. Is deis bhliantúil ar leith í do dhaoine óga obair go gairmiúil ar léiriú scannán ar chaighdeán craolacháin. Meallann sí daoine óga ó gach cearn d’Éirinn, ón Eoraip agus ó na Stáit Aontaithe fiú. Ghuigh an tAire gach rath ar na heagraithe agus ar na mic léinn. Dúirt sí:
“Bainigí taitneamh as an eispéireas agus as an gcairdeas leis na mic léinn eile. Táim lánchinnte de go leanfaidh an Scoil Náisiúnta Scannán don Ógra le ról ríthábhachtach a chomhlíonadh i saol cultúrtha na hÉireann sna blianta atá le teacht. Táim ag súil leis na daoine cumasacha a aimsíonn sí a fheiceáil amach anseo.”