Foilsithe ar 

Seolann an tAire Madigan ‘Scéim Nua Rannpháirtíochta Pobail Tailte Móna’

D'fhógair Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu (Dé Céadaoin 30 Bealtaine) go mbunófaí Scéim Rannpháirtíochta Pobail Tailte Móna a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le pobail ina n-iarrachtaí chun portaigh ardaithe na hÉireann a chur chun cinn agus a chaomhnú.

Dúirt an tAire

Beidh maoiniú suas le €160,000 ar fáil in 2018 ar bhonn píolótach chun tacú le raon éagsúil tionscnamh: imeachtaí, cláir oideachais, fógraí, taispeántais agus feabhsuithe ceantar áitiúil chun rialú speiceas ionrach in aice le nó laistigh de phortaigh ardaithe Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, Limistéar Nádúrtha Oidhreachta nó limistéir phortaigh eile.

Dúirt an tAire,

Tá súil agam go spreagfaidh an scéim seo pobail le bheith páirteach i bhfeabhsú a limistéir phortaigh áitiúla agus chun feasacht a mhúscailt faoinár dtimpeallacht nádúrtha.

Tá mionsonraí faoi Théarmaí agus Coinníollacha na Scéime agus an Fhoirm Iarratais is gá chun iarratas a dhéanamh ar fáil ag https://www.npws.ie/peatlands-and-turf-cutting/peatlands-community-engagement-scheme.

Nótaí Eagarthóirí:

Is é Aonad Bainistithe na dTailte Móna a riarfaidh an scéim laistigh den tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) den Roinn.

Tá mionsonraí faoi Théarmaí agus Coinníollacha na Scéime agus Foirm Iarratais ar fáil ón Aonad Bainistithe na dTailte Móna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90 trí ríomhphost: peatlandsmanagement@chg.gov.ie nó Fón: 053 9117384/053 9117456.

Tá sé i gceist go n-oibreoidh an scéim mar scéim bhliantúil, faoi réir phróisis bhuiséadacha an Státchiste.  Glacfar le hiarratais le haghaidh 2018 go dtí 4pm an 16 Iúil 2018 agus níos déanaí in imthosca eisceachtúla, faoi réir an mhaoinithe atá ar fáil laistigh den scéim. Ní mór tionscadail a ceadaíodh in 2018 a chomhlánú agus éileamh ar aisíoc cistí a dhéanamh faoin 26 Samhain 2018.