Foilsithe ar
Allúntas suas le €100,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Seán Kyne le haghaidh fearais oifige do na hoifigigh pleanála teanga
D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (3 Aibreán) go bhfuil allúntas suas le €100,000 ceadaithe aige d'Údarás na Gaeltachta le gur féidir leo ciste, nach mó ná €5,000 in aghaidh an Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a chur ar fáil i leith fearais oifige do na hOifigigh Pleanála Teanga agus iad ag dul i mbun oibre faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.
Is i gcomhréir le bearta 2.1, 2.14 agus 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an t-allúntas á cheadú.
Dúirt an tAire Stáit:
Cuireann sé an-áthas orm an t-allúntas seo a cheadú, De thoradh an chúnaimh phraiticiúil seo, beidh an tÚdarás in ann a chinntiu go bhfuil an fearas cuí oifige ar fáil do na hoifigigh pleanála teanga atá á gceapadh i rith an ama faoin bpróiseas. Léiriú eile is ea é seo faoi thiomantas an Rialtais don phróiseas pleanála teanga agus d'fheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge.