Foilsithe ar 

Coimisiún um Thodhchaí na Meán ar bun 

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Bhí cruinniú tionscnaimh ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán inniu, an 29ú Deireadh Fómhair.

Is é sainchúram an Choimisiúin ná iniúchadh a dhéanamh ar conas gur féidir le meáin chraolta, chlóite agus ar líne na hÉireann aidhmeanna seirbhísí poiblí a bhaint amach le maoiniú inbhuanaithe, le maoirseacht eagarthóireachta neamhspleách deimhnithe agus tacaíocht d’earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hÉireann.

Dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin an tOllamh Brian MacCraith:

Tá ríméad orm go bhfuil obair thábhachtach an Choimisiúin faoi lán seoil. Tugann baill an Choimisiúin aghaidh ar an dúshlán seo le réimse leathan saineolais agus taithí, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leo siúd agus páirtithe leasmhara eile sna míonna amach romhainn.

Inné, cheap an Rialtas an ball deireanach den Choimisiúin nuair a fáiltíodh roimh Siobhan Holliman. Leas-eagarthóir ar The Tuam Herald is í Holliman, ball de Chomhairle Preasa na hÉireann agus iriseoir le breis agus 20 bliain de thaithí aici i gcraoltóireacht agus nuachtáin réigiúnacha.

I gceann 9 mí, cuirfidh an Coimisiún tuairisc faoi bhráid an Taoisigh agus Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

I dteachtaireacht ar ócáid chruinnithe tionscnaimh an Choimisiúin, ghabh an Taoiseach Micheál Martin TD buíochas le baill an Choimisiúin as a ndíogras, agus dúirt:

Tá na meáin inbhuanaithe, neamhspleách agus proifisiúnta riachtanach i ndaonlathas sláintiúil, agus táim ag tnúth go mór le moltaí an Choimisiúin don todhchaí.

Ghuigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD gach rath ar an gCoimisiún, agus dúirt:

Tá sainchúram ar an gCoimisiún conair a leagadh síos do thodhchaí na meán in Éirinn, a thacóidh le dioscúrsa oillte poiblí is a chuirfidh ardáin ar fáil dár dteanga, dár gcultúr, na healaíona cruthaitheacha agus spórt.

Nóta d’eagarthóirí:

Is iad baill deiridh an Choimisiúin na daoine seo a leanas:

Cathaoirleach an Choimisiúin, an tOllamh Brian MacCraith, iar-Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Sinéad Burke, Stiúrthóir Tilting the Lens, scríbhneoir agus acadóir gníomhach sna meáin shóisialta, agus ball den Chomhairle Stáit

Alan Rusbridger, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha an Reuters Institute for the Study of Journalism ag an University of Oxford, agus iar-phríomheagarthóir Guardian News and Media

Lynette Fay, saorchraoltóir (trí mheán na Gaeilge agus Béarla ar BBC Radio Ulster) le cúlra acadúil sa chumarsáid fheidhmeach

Nuala O’Connor, comhbhunaitheoir South Wind Blows, scríbhneoir agus scannánóir faisnéise i réimsí an cheoil agus na healaíona

Gillian Doyle, Ollamh le hEacnamaíocht na Méan, (Theatre, Film and Television Studies), University of Glasgow

Mark Little, POF agus comhbhunaitheoir Kinzen. Bunaitheoir na háisíneachta nuachta sóisialta, Storyful

Stephen McNamara, Stiúrthóir Cumarsáide, Irish Rugby Football Union

An Dr Finola Doyle-O’Neill, Staraí Craoltóireachta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Siobhan Holliman, Leas-eagarthóir The Tuam Herald, ball de Chomhairle Preasa na hÉireann agus comhchathaoirleach ar an Irish Executive Council den NUJ.

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Seol ríomhphost chuig Government Information Services, press.office@taoiseach.gov.ie nó tabhair cuairt ar www.futureofmediacommission.ie