Foilsithe ar 

Teicneolaíocht nua do Raidió na Life

D’fhógair an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin TD, agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD inniu go bhfuil maoiniú beagnach €10,000 ceadaithe do Raidió na Life chun ríomhairí nua a cheannach don eagraíocht.

Is stáisiún raidió pobail sainspéise é Raidió na Life a chuireann seirbhís raidió Ghaeilge ar fáil do Bhaile Átha Cliath ar 106.4 FM agus do dhaoine ar fud an domhain ar raidionalife.ie.

Beidh na ríomhairí nua ardsonraíochta á n-úsáid ag oibrithe deonacha an stáisiúin go laethúil chun taighde, léiriúcháin, scríobh scripte agus eagarthóireacht a dhéanamh dá gcláir. Anuas air sin, bainfidh an stáisiún leas as na ríomhairí agus iad ag cur cúrsaí oiliúna foirmeálta trí Ghaeilge ar fáil i scileanna raidió.

Dúirt an tAire Martin:

Cuireann craoltóirí Raidió na Life cláir shamhlaíocha nuálacha ar fáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tabharfaidh an maoiniú seo deis dóibh tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na cláir ardchaighdeáin Ghaeilge a chraolann siad chomh maith le leanúint d’éagsúlacht chultúir agus cheoil na hÉireann agus tíortha eile a léiriú.

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

Is údar áthais ann dom an maoiniú seo a chur ar fáil do Raidió na Life. Is iomaí craoltóir náisiúnta agus idirnáisiúnta a chuir tús lena ngairm i Raidió na Life. Cuireann siad ardán agus spás cruthaitheachta ar fáil dá gcuid oibrithe, chomh maith le seirbhís thábhachtach do phobal na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath. Éascóidh na hacmhainní nua seo an obair laethúil a bhíonn ar siúl ag oibrithe deonacha an stáisiúin agus tacóidh siad leis na cúrsaí foghlama agus oiliúna a chuirtear ar fáil sa stáisiún gach bliain.