Foilsithe ar 

Tosaíonn an tAire Madigan misean trádála agus cultúir chun na hIorua agus na Sualainne

Tabharfaidh an tAire cuairt ar Osló, Uppsala agus Stócólm ina ndéanfaidh sí raon de dhualgais chultúrtha, turasóireachta agus eacnamaíochta. Buailfidh an tAire Madigan le baill de phobal na hÉireann, agus tabharfaidh sé aghaidh ar fáiltiú speisialta Lá Fhéile Pádraig arna óstáil ag Ambasadóir na hÉireann in Osló. Le linn a cuairte, buailfidh an tAire Madigan lena contrapháirt Ioruach, an tAire Cultúir Trine Skei Grande chun clár Éire Ildánach agus beartas cultúrtha a phlé.

In Osló, tabharfaidh an tAire cuairt ar an Litteraturhuset, an chéad Tigh Litríochta san Iorua, agus ar Thigh Cheoldráma Osló. Le linn a cuairte, buailfidh sí le Stiúrthóir nua Éireannach Thigh Cheoldráma Osló, Annilese Miskimmon.

Buailfidh an tAire Madigan le raon cuideachtaí Éireannacha atá ag feidhmiú san Iorua agus sa tSualainn. Freastalóidh an tAire ar liostáil Nasdaq Zutec, cuideachta lena dtacaíonn Fiontraíocht Éireann, agus an chéad chuideachta Éireannach a bheidh ar snámh ar mhalartán Nasdaq Stócóm. Labharfaidh an tAire le cuideachtaí foirgníochta Éireannacha ag seimineár le Fiontraíocht Éireann san Ionad Trádála Domhanda i Stócólm.

I Stócólm, tabharfaidh an tAire Madigan cuairt ar Ollscoil Uppsala, áit a mbuailfidh sí leis an Leas-Seansailéir Eva Åkesson agus tíolacfaidh sí dhá scoláireacht do mhic léinn chun cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht, le tacaíocht ó Roinn an Aire.

Freastalóidh an tAire ar imeacht ‘glasú’ Thurasóireacht Éireann ag Long Vasa i Stócólm. Is é músaem Vasa an díol spéise is mó do thurasóirí i gCríoch Lochlann agus is é seo an tríú bliain gur aontaigh an Músaem long Vasa ‘a ghlasú’ chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh.

Ar Lá Fhéile Pádraig, beidh an tAire Madigan i gceannas ar pharáid Lá Fhéile Pádraig Stócólm trí lár Stócólm go dtí an Gamla Stan stairiúil – Seanchathair.

Ag labhairt di roimh an turas dúirt an tAire Madigan:


“Is pribhléid ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn thar lear agus tá áthas orm an deis a bheith agam bualadh lenár ngníomhaireachtaí, a gcliantchuideachtaí agus leasanna tábhachtacha gnó eile san Iorua agus sa tSualainn chun plé a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé ár n-naisc trádála a neartú. Tá cur chun cinn chultúr na hÉireann, agus na hÉireann mar áit chun gnó a dhéanamh ríthábhachtach, i ngach ceann de na theagmhálacha Rialtais atá ar siúl ar fud na cruinne ar Lá Fhéile Pádraig.

Táim ag tnúth le cruinniú le mo chomhghleacaí Ioruach, an tAire Cultúir Trine Skei Grande chun beartas cultúrtha agus clár Éire Ildánach a phlé agus réimsí eile féideartha i gcomhair comhoibriú amach anseo.”