Foilsithe ar 

Tugann an tAire Madigan Cuairt ar an Músaem Náisiúnta Cló

Cuireann an Músaem tuiscint níos fearr chun cinn ar shuntas stairiúil agus ar thábhacht chomhaimseartha na clódóireachta in Éirinn trí léargas a thabhairt ar an oidhreacht, ar an gceird agus ar an teicneolaíocht a bhaineann léi. Is baill de thionscal na clódóireachta a bhunaigh é agus osclaíodh go hoifigiúil é i séipéal garastúin Oifig na nOibreacha Poiblí i nDúnThor an Bhacaigh, Baile Átha Cliath 4, in 1996. Is ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó na Boird Oideachais agus Oiliúna den chuid is mó a fhaigheann an Músaem maoiniú.
Is músaem ar leith é - níl a mhacasamhail le fáil in Éirinn. Trealamh clódóireachta litirphreasa den chuid is mó atá sa bhailiúchán. Is cineál clódóireachta rilífe é an litirphreas, a cheap Johannes Gutenberg in 1439. Tá sé ar cheann de na haireagáin is fearr a rinneadh riamh. Ba é an príomhmhodh clódóireachta a bhí i réim ar feadh 500 bliain sula ndeachaigh sé as feidhm, sa saol tráchtála, i lár an fichiú haois.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan maidir le misean an Mhúsaem chun tuiscint níos fearr a chothú maidir le suntas stairiúil na clódóireachta in Éirinn:

Dúirt an cealaitheoir ón 19 haois, Wendell Phillips, ‘B’ionann an tionchar a d’imir púdar gunna ar an gcogadh agus an tionchar a d’imir an clóphreas ar an intinn.” Ní sa saol clóite amháin a bhí an borradh faoin bhfoghlaim agus faoin gcruthaitheacht le feiceáil ach d’imir postaeir, an íocónagrafaíocht agus forbairt na ngrafaicí clóite tionchar domhain ar dhaoine i bhfios agus i ngan fhios dóibh freisin agus déantar céiliúradh ar an méid sin sa Mhúsaem Cló ar bhealach spéisiúil agus rannpháirteach.

Le linn a cuairte d’fhéach an tAire ar an taispeántas atá ar taispeáint ann faoi láthair, Print Protest and The Polls: The Irish women’s suffrage campaign and the power of print media, 1908-1918. Déantar comóradh sa taispeántas sin ar chéad bliain ó bhí vóta ag mná in Éirinn don chéad uair trí léargas a thabhairt ar an úsáid a bhain na feachtasóirí ar son ceart vótála do mhná in Éirinn, agus a lucht freasúra, as na meáin chlóite agus iad ag déanamh bolscaireachta agus agóide. Tá sé mar aidhm ag an taispeántas tréimhse a dtugtar neamhaird uirthi i stair na mban a thabhairt chun solais agus léargas a thabhairt ag an am céanna ar an nasc láidir idir an agóid chomhaimseartha pholaitíochta agus na meáin chlóite a bhí ag teacht chun cinn.