Foilsithe ar 

An Dara Ard-Rúnaí ceaptha

Cheap an Rialtas Geraldine Byrne Nason Uas. ar an Dara Ard-Rúnaí ag Roinn an Taoisigh inniu (12 Iúil 2011). 

Beidh Geraldine Byrne Nason Uas. freagrach as Feidhm Comhordaithe AE lánpháirtithe a bhainistiú, lena mbaineann ath-imlonnú a dhéanamh ar roinnt den fhoireann ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála go dtí an Roinn an Taoisigh, as tacaíocht a thabhairt do Chomhairle Bainistíochta Eacnamaíochta an Rialtais, agus as tacaíocht don Tanáiste a chomhordú ina fhreagrachtaí uile-rialtais in Oifig an Tánaiste laistigh de Roinn an Taoisigh. 

Ms. Tá Geraldine Byrne Nason Uas. ina hAmbasadóir, Leas-Ionadaí Buan ar Éirinn chuig an Aontas Eorpach.  Ina gairm bheatha go dtí seo thug sí seirbhís mar Stiúrthóir ar an bhFóram Náisiúnta um an Eoraip, seacht mbliana leis an OECD lena n-áirítear ina Stiúrthóir do Rialachas agus Bainistiú Poiblí, chomh maith le seirbhís in Ionadaíocht na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe agus chuig an OSCE.