Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich fáilte roimh Athbhreithniú Údarás na Gaeltachta ar 2013

Chuir Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, fáilte roimh thorthaí na bliana 2013 a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta inniu, 21 Eanáir 2014.

Dúirt an tAire Stáit gur ábhar sásaimh é gur éirigh leis an Údarás 616 post a chruthú in 2013, ag tógáil san áireamh an aeráid dúshlánach eacnamaíoch atá ann faoi láthair. Is údar dóchais é fosta, a dúirt an tAire Stáit, gur ceadaíodh tograí i gcaitheamh na bliana a ghinfidh fostaíocht mheasta de 560 post amach anseo. “Cuirim fáilte roimh thorthaí an athbhreithnithe seo a léiríonn go raibh an líon ba lú caillteanais post le tríocha bliain i gcliant chomhlachtaí Gaeltachta le linn 2013 agus a leiríonn fosta an obair fhiúntach atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun bonn seasmhach a choimeád faoin fhostaíocht sa Ghaeltacht”, a dúirt an tAire Stáit. Thagair an tAire Stáit fosta don laghdú leanúnach atá ar an ráta caillteanais post le roinnt blianta anuas. “Is cinnte gur léiriú dearfach eile é seo ar an dóigh a bhfuil comhlachtaí Gaeltachta tar éis a mbonn fostaíochta a bhuanú le blianta anuas agus iad in ann díriú anois ar bhorradh a chur faoina bhfiontair agus an eacnamaíocht ar tí a theacht chuici féin.