Foilsithe ar 

Deontas €25,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaioch T.D., do Ghael Uladh, na Doirí Beaga, Dún na nGall, don scoilbhliain 2011/2012

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu (23 Feabhra, 2012) go bhfuil deontas €25,000 ceadaithe aige le haghaidh Gael Uladh le cuidiú leo leanúint leis an obair a dhéanann an eagraíocht do scoileanna agus do phobal na Gaeltachta.

"Tá obair iontach déanta ag Gael Uladh thar na mblianta," a dúirt an tAire Stáit. "Is liosta le lua," a deir sé, "na leabhair a cuireadh i gcló a raibh saibhreas mór de Ghaeilge Chúige Uladh iontu a bheadh i mbaol a chaillte murach Gael Uladh."

D’fhógair an tAire Stáit go mbeidh athbhreithniú le déanamh ag an Roinn ar an gcaiteachas seo roimh an mbliain 2012/2013.