Foilsithe ar 

€2,000 ceadaithe ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. do Chumann Scoildrámaíochta na Gaillimhe

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu (Dé Máirt 16 Aibreán 2013), go bhfuil deontas €2,000 ceadaithe aige do Chumann Scoildrámaíochta na Gaillimhe chun cur ar a gcumas na costais a bhain le Féile Scoildrámaíochta na Gaillimhe 2013 a chlúdach.

Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil don fhéile. “Is sampla maith é an deontas seo de thiomantas mo Roinne tacú le bearta praiticiúla ar nós na féile seo a chuidíonn go mór leis an Ghaeilge a threisiú lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Stáit.