Foilsithe ar 

€50,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Donnachadh Mac Fhionnlaoich do Choláiste UISCE, Co Mhaigh Eo

D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich inniu (14ú Márta 2012) go bhfuil deontas €50,000 ceadaithe aige do Choláiste UISCE i gCo Mhaigh Eo chun a chur ar a gcumas forbairt a dhéanamh ar an ngníomhaíochtaí ar mhaithe leis an nGaeilge in abhantrach an Choláiste.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil agus go raibh tionchar fíor-thábhachtach ag Coláiste Uisce ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge in abhantrach an Choláiste. "Tá mé dóchasach, go gcabhróidh an toga seo go mór le cur i bhfeidhm na spriocanna atá sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge sa phobal seo" a dúirt an tAire Stáit.