Foilsithe ar 

Na chéad fhógraí foilsithe ag Aire Stáit na Gaeltachta i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, inniu go bhfuil na chéad fhógraí foilsithe aige i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar atá:

  • Ciarraí Thiar;
  • Cois Fharraige; agus
  • Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir.

Tá lúcháir orm a bheith in ann a fhógairt go bhfuil an chéad trí fhógra foilsithe agam faoi alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann na fógraí seo tús oifigiúil leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh sna limistéir seo.

a dúirt an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich.

Tabharfar tréimhse suas le 2 mhí ón 16 Eanáir 2014 d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíochtaí chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir sin. Tá sé beartaithe ag an Roinn na treoirlínte pleanála teanga faoin Acht a fhoilsiú ar an lá céanna.

Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta an eagraíocht chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le faomhadh i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe.

Ina dhiaidh sin, beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.

Agus tús oifigiúil curtha anois leis an phróiseas pleanála teanga i 3 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ó thuaidh, ó dheas agus thiar, táim ag súil go mbeidh 10 bhfógra eile foilsithe i gcás 10 limistéar eile an bhliain seo chugainn agus go ndéanfar na fógraí eile ina dhiaidh sin.

a dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich.