Foilsithe ar
€45,500 ceadaithe do CLG Lios Póil ag an Aire Stáit Kyne
Tá fógartha ag Seán Kyne, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil deontas €45,500 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael Lios Póil, Co Chiarraí.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air deontas a chur ar fáil a chuideoidh leo seastán nua agus áiseanna eile a thógáil a bheadh ann do mhuintir na háite agus do chuairteoirí agus iad ag baint sult as na cluichí agus an Ghaeilge mar theanga caidrimh acu.