Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Bricfeasta Lá Fhéile Pádraig an Leas-Uachtaráin Pence

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Leas-Uachtarán, is mian liom buíochas a ghabháil leatsa agus le Karen agus le do chlann as cuireadh a thabhairt dom chuig bhúr dteach cónaithe. Anuraidh, dúirt tú liom go mbeadh fáilte roimh mo pháirtí, Matt, chomh maith. Is mór an onóir don bheirt againn glacadh leis an gcuireadh sin i mbliana.

Tá súil agam go mbeidh tú in ann glacadh le mo chuireadh chun cuairt a thabhairt ar Éirinn go luath. Geallaim duit go gcuirfear fáilte chroíúil romhat, i gCo. Shligigh agus i gCo. an Chláir go háirithe.

Agus bí cinnte go dtugann tú do mháthair in éineacht leat. Ba mhór an pléisiúr bualadh léi anuraidh, agus bhí comhfhreagras eadrainn uair nó dhó ó shin.

Rud amháin nár lig mé i ndearmad is ea go bhfuil cúpla focal Gaeilge aici agus go bhfuil rann nó dhó Gaeilge ar eolas aici freisin, agus cé gur mhair go leor de thraidisiúin na hÉireann fad is a bhí daoine ag triall ar Mheiriceá, níor éirigh le mórán daoine an cúpla focal Gaeilge a thabhairt thar sáile leo, agus sílim gur rud an-speisialta é nár lig do mháthair an Ghaeilge i ndearmad ar fad agus sílim go gcuirfí cead míle fáilte roimpi in Éirinn.


Tá a fhios agam go bhfuil Karen ag freastal ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta in Abú Daibí faoi láthair. Mar a dúirt mé ar ball, reáchtáladh an Comórtas Domhanda Samhraidh in Éirinn in 2003. Ba é sin an chéad uair a raibh an comórtas ar bun taobh amuigh de na Stáit Aontaithe agus go deimhin chuaigh an t-atmaisféar i bhfeidhm ar an tír ar fad. Tháinig an líon is mó oibrithe deonacha riamh in Éirinn le chéile agus bhí an t-atmaisféar draíochtúil.

Agus a Leas-Uachtarán, fad is atá Karen ag tacú le Foireann Mheiriceá, b’fhéidir go n-iarrfá uirthi gach rath a ghuí ar na lúthchleasaithe Éireannacha chomh maith.

A Leas-Uachtarán, nuair a bhí mise ag fás aníos in Éirinn bhíodh sé de nós agam súil a choinneáil ar chúrsaí polaitíochta sna Stáit Aontaithe – ‘It’s morning in America’, ‘A thousand points of light’, ‘The man from Hope’.

Chabhraigh sé liom an chumhacht a bhí ag an bpolaitíocht obair mhaith a dhéanamh a thuiscint, smaoineamh ar sheasamh i dtoghchán lá éigin, a bheith páirteach i ndéanamh dlíthe agus dlús a chur le hathrú.

É sin ráite, bhí a fhios agam chomh maith go raibh cónaí orm i dtír ina mbeadh dlíthe á mbriseadh agam féin dá gcaithfeadh mé mo shaol mar ba mhian liom ag an am.


Ach, tá sé sin ar fad athraithe sa lá atá inniu ann.

Seasaim anseo ar maidin mar cheannaire ar mo thír féin, duine nach bhfuil gach locht, ach tá breithiúnas á thabhairt orm bunaithe ar mo chinntí agus botúin pholaitiúla seachas ar mo chlaonadh gnéis nó dath mo chraicinn nó m’inscne nó mo chreideamh.

Ní chreidim nach féidir scéal cosúil le mo scéal féin a insint ach i mo thír féin amháin. Tá scéalta mórán mar an gcéanna á n-insint i ngach tír ina bhfuil meas ar shaoirse. I ndeireadh na dála, is clann Dé muid ar fad.

Tá scéalta mórán mar an gcéanna á n-insint sna Stáit Aontaithe, tír agus áit chónaithe lucht an mhisnigh agus na saoirse. Spreagann an aisling Mheiriceánach buachaillí agus cailíní le bheith uaillmhianach, agus daoine eile ar fud an domhain a spreagadh chun a bheith cosúil leo.

Is fírinne uilíoch é E pluribus unum anois.

Táimid ar fad sa bhád céanna.

Nuair a bhímid ag streachailt, bímid ag streachailt le chéile.

Nuair a bhíonn síocháin inár dtimpeall, bímid ag obair le chéile.

Nuair a bhímid ar an ngannchuid, tugaimid lámh chúnta dá chéile.


D’éirigh le fir agus mná a thug aghaidh ar an tír seo na céadta bliain ó shin agus iad sa tóir ar shaoirse creidimh, saoirse pholaitiúil, agus saol nua, cathair bhríomhar a bhunú ar chnoc. D’éirigh leo aisling a chruthú a scaip fud fad an domhain. Aisling a shroich ár dtír féin trasna an Atlantaigh agus a spreag muid chun iarracht níos fearr a dhéanamh.

Is í an aisling is fearr ar fad an aisling a théann ó ghlúin go glúin agus nach bhfuil deireadh ré i ndán di.

Agus leis sin, is mian liom buíochas a ghabháil libh ar maidin as fáilte chroíúil a chur romham agus an méid seo a rá:

‘Ár mbeannacht le Stáit Aontaithe Mheiriceá’. Agus ‘Ár mbeannacht le hÉirinn’.