Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Comhdháil Ghnó Chomhlachas Tráchtála SA-Éire, Páirc an Chrócaigh

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

A Aíonna Oirirce, a Dhaoine Uaisle

Tagaim anseo ar maidin le teachtaireacht shimplí. Gan aon dabht, níl comhpháirtí níos daingne ná cara níos dlúithe ag na Stáit Aontaithe san Eoraip ná Éire.

Is é sin an teachtaireacht a bheidh mé ag cur ina luí ar Uachtarán Trump ag ár gcruinniú an tseachtain seo chugainn.

Céad bliain ó shin, bhunaigh Éireannaigh, idir fhir agus mhná, an chéad Dáil agus, leis sin, fógraíodh ár neamhspleáchas. Ag an gcéad chruinniú riamh, d’eisigh Dáil Éireann Teachtaireacht do Shaornáisiúin an Domhain inar tugadh fís maidir le háit na hÉireann sa gheilleagar trasatlantach, téama chruinniú an lae inniu. Deirtear sa teachtaireacht sin, agus seo sliocht díreach aisti ‘Go hidirnáisiúnta, is í Éire tairseach an Atlantaigh, an pointe is faide siar san Eoraip. Is í an pointe ina dtagann na bealaí móra trádála idir an tOirthear agus an tIarthar le chéile.’

Ba fhís é a spreag Micheál Ó Coileáin, an fear a rinne níos mó ná aon duine eile chun beart a chur le briathar ó thaobh ár neamhspleáchais de. Theastaigh uaidh go mbeadh Éire, mar a dúirt sé féin, “ina clochán idir an Sean-Domhan agus an tOileán Úr’ agus ‘ina malartán mór idir an Eoraip agus Meiriceá’.

Le céad bliain anuas, d’oibríomar chun é sin an bhrionglóid sin a bhaint amach.

I ndiaidh Brexit, leanfaimid de bheith inár gclochán, leanfaimid de bheith inár dtairseach, agus tá sé sin chun tairbhe dúinn go léir. Gach uile seachtain, baineann breis agus €2 billiún leis an sreabhadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus Éire. Tá comhardú na trádála an-sláintiúil ar fad. Cé go bhfuil barrachas earraí in Éirinn faoi láthair, déantar é sin a chomhardú le barrachas seirbhísí sna Stáit Aontaithe. Is sruth dhá threo é an sruth trádála agus infheistíochta gan aon dabht. Tá i bhfad níos mó ná 100,000 Meiriceánach fostaithe ag gnóthlachtaí Éireannacha ar fud na n-earnálacha uile i ngeilleagar na Stát Aontaithe, i gcathracha agus i mbailte éagsúla fud fad na tíre.

Tá an infheistíocht seo ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Fiú sa dá bhliain atá díreach imithe thart, tá cuideachtaí cliant de chuid Fhiontraíocht Éireann tar éis 119 oifig nua a oscailt ar fud na Stát Aontaithe, rud a thugann go 520 líon na ngnólachtaí Éireannacha a bhfuil saoráidí acu sna Stáit Aontaithe. Baineann an scéal céanna le cúrsaí in Éirinn. Tá tionchar carnach na hinfheistíochta Meiriceánaí in Éirinn le blianta fada anuas ag croílár ár dteacht chun cinn mar gheilleagar dinimiciúil, iomaíoch agus oscailte.

Roghnaigh breis agus 760 cuideachta Mheiriceánacha a bheith lonnaithe in Éirinn, agus tá líon níos mó ná 160,000 duine fostaithe go díreach acu. Roinnt mhaith díbh atá ag an gcomhdháil seo inniu, tá sibh anseo thar ceann cuideachtaí Meiriceánacha a bhfuil oibríochtaí acu anseo in Éirinn. Go raibh maith agaibh as cur le rath eacnamaíoch na hÉireann. Tá bród orainn go bhfuil ról againn i rath domhanda Mheiriceá.

Léirigh sibh muinín asainn nuair a infheistigh sibh in Éirinn, agus chabhraigh sibh chun cineál na hinfheistíochta eachtraí a bhí ag tarlú anseo a athrú.

Creidim go mbeidh rochtain ag teastáil i gcónaí ó chuideachtaí idirnáisiúnta ar an Margadh Eorpach Aonair – an limistéar margaidh is mó ar domhan. Tá todhchaí na hÉireann ag croí an Aontais Eorpaigh. Tá an-chuid buntáistí iomaíocha againn. Tá muintir na hÉireann ar an daonra is óige san Eoraip, agus 40% de níos óige ná 29 bliana d’aois. I ndiaidh infheistíochta móire a dhéanamh san oideachas, tá muintir na hÉireann i measc na ndaoine is fearr a bhfuil léann orthu, agus déantar iad a spreagadh le smaoineamh agus le cruthú a dhéanamh. Tá ceann de na geilleagair is oscailte agus is gnóthaí ar domhan againn, lena mbaineann timpeallacht ghnó mealltach, ráta comhsheasmhach 12.5% don cháin corparáide comhsheasmhach mar bhonn taca aici. Tacaíonn gach ceann de na trí pháirtí móra leis an mbeartas sin. Tá feabhas ag teacht i gcónaí ar ár nascacht, agus tá naisc dhíreacha againn anois ó Éirinn go 18 gcathair sna Stáit Aontaithe. Tá nach mór 60,000 suíochán i gceist leis sin, níos mó ná dhá oiread níos mó ná an líon a bhí i gceist seacht mbliana ó shin. Agus tíortha eile san Eoraip ag féachaint lena ndoirse a dhúnadh anois, tá meon dearfach ag muintir na hÉireann i leith na himirce. Faoi láthair, rugadh breis agus duine amháin i ngach seisear thar lear, rud a chiallaíonn gur cheann de na tíortha is idirnáisiúnaithe í Éire.

Tá ár gcultúr agus ár luachanna ag teacht le cultúr agus luachanna Mheiriceá.

Tá geilleagar na hÉireann iomaíoch agus athléimneach, agus táimid ag baint taitnimh anois as forás eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cothrom. Tá an fhostaíocht ag an leibhéal is airde riamh anois. Tá ráta fáis OTI 4.2% á thuar againn don bhliain áirithe seo. In 2018, rinneamar barrachas buiséid a thaifeadadh agus tá rún againn an rud céanna a dhéanamh i mbliana. Bhaineamar an chloch mhíle sin amach agus ag an am céanna, cáin ioncam á laghdú againn ar mheán-ioncaim, níos mó spáis á chruthú le haghaidh caiteachais caipitil, ár bhfiachas náisiúnta á laghdú agus Ciste Éigeandála á bhunú chun athléimneacht an Stáit a mhéadú i gcoinne suaite eacnamaíocha a d’fhéadadh tarlú. Tá ár n-ionadaíocht taidhleoireachta á leathnú againn agus consalachtaí nua bunaithe againn i gcathracha amhail LA agus gníomhaireachtaí níos láidre bunaithe againn in áiteanna amhail Raleigh.

Nílimid ag éirí réchúiseach áfach. Is fíor-riosca do dhul chun cinn eacnamaíoch na hÉireann é an neamhchinnteacht sa gheilleagar domhanda, atá á spreagadh ag a leithéid agus Brexit agus teannas trádála idirnáisiúnta agus athruithe i rialacha trádála domhanda. Táimid iomlán feasach faoin nganntanas tithíochta agus na srianta infreastruchtúir sa tír agus tá infheistíocht á déanamh againn chun é sin a chur ina cheart.

A Chomhghleacaithe, níl an 29 Márta anois ach 22 lá uainn - is é sin an dáta atá an Ríocht Aontaithe chun an Aontas Eorpach a fhágáil. Ar an drochuair, ag an bpointe seo, tá neamhchinnteacht fós ag baint leis na téarmaí ar a n-imeoidh sí. Agus sinn go léir ag obair chun teacht ar réiteach, táimid ag ullmhú freisin do gach rud a d’fheadfadh tarlú, chun a chinntiú go mbeidh ár ngnólachtaí cosanta ó na héifeachtaí is measa. Go mbeidh poist agus ioncaim cosanta. Tá tionscnaimh curtha i bhfeidhm againn chun cabhrú le cuideachtaí ullmhú do Brexit, agus tá pleananna teagmhasacha i bhfeidhm chun cabhrú le cuideachtaí déileáil le hiarmhairtí an cháis is measa. D’ainneoin an dúshláin a bhaineann le Brexit, táimid muiníneach as an todhchaí.

Is féidir linn a bheith muiníneach as mar táimid ag tógáil chuige cheana féin. Leis an Tionscadal Éire 2040, ár bplean náisiúnta forbartha agus spásúla, tá infheistíochtaí ollmhóra á ndéanamh againn inár infreastruchtúr poiblí – tithíocht, córas iompair, oideachas agus cúram sláinte i ngach áit ar fud na tíre.

Tá infheistíocht €116 billiún le déanamh thar tréimhse 10 mbliana chun scrogaill tráchta a bhaint de, chun ár seirbhísí poiblí a nua-aoisiú, chun a chinntiú go dtugtar forbairt eacnamaíoch do gach áit inár dtír, agus chun a chinntiú go bhfuil acmhainn againn forás a dhéanamh amach anseo. Tá sna sluaistí sa talamh, tá an plean á chur i bhfeidhm. I mbliana amháin, tiocfaidh méadú 25% nó €1.5 billiún ar chaiteachas caipitil agus infheistíocht in infrastruchtúr. Ospidéil nua, scoileanna nua, bóithre nua, tionscadail fuinnimh agus teileachumarsáid, chomh maith le infrastruchtúr cultúir nua a bheidh i gceist leis sin.

Táimid ag pleanáil freisin do thodhchaí ár bpost. Sna laethanta beaga atá romhainn amach, foilseofar ár bhfís d’fhostaíocht san 21ú céad ar a dtugtar Poist Todhchaí. Tá cur chuige idirghníomhaireachta á úsáid againn chun táirgeacht ár mbonn fiontraíochta a fheabhsú; chun poist ardchaighdeáin agus inbhuanaithe a chinntiú; agus chun geilleagar athléimneach, nuálach agus nasctha ar fud an domhain a chothú. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh Éire réidh mar thír chun ár gcuid de na poist nua agus den saibhreas nua a chruthófar sa 21ú céad a fháil.

Le chéile, baineann leath de OTI an domhain leis an Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, sin níos mó ná leath d’Infheistíocht Dhíreach Eachtrach an domhain agus aon tríú dá sruthanna trádála. Díreach cosúil le caidreamh ar bith fadtéarmach, beidh teannas le láimhseáil agus dúshláin le réiteach i gcónaí. Is é ár dtuairim nach ann do chomhpháirtíocht déthaobhach eile ar domhain a bhfuil acmhainn níos fearr aige freagairt do na dúshláin a bhaineann le timpeallacht domhanda atá ag athrú go tapa.

Tá an AE iomlán tiomanta do chomhpháirtíocht leanúnach láidir a chothú leis Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus tá Eire iomlán tiomanta do ról lárnach a bheith aici maidir leis an gcaidreamh sin a chothú agus a fhorbairt sna blianta fada atá romhainn.

Mar fhocal scoir, creidim gur ann do chaidreamh eacnamaíoch idir ár dá thír atá athléimneach agus lán deiseanna don todhchaí.

Go raibh maith agaibh as cabhrú chun an cairdeas sin a dhaingniú. Tá sé tar éis cabhrú leis an tír seo a háit cheart a ghlacadh i measc thíortha an domhain, agus le chéile creidim gur féidir linn i bhfad níos mó fós a bhaint amach.