Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Cruinniú Iomlánach le hionadaithe ó Eaglaisí, Pobail Chreidimh agus Eagraíochtaí Neamhfhaoistiniúla, Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Cuir i gComparáid leis an Óráid mar a tugadh í

Tráthnóna maith agus go raibh maith agaibh as teacht.

Is mian liom fáilte a chur romhaibh chuig Halla Naomh Pádraig d’idirphlé an lae inniu.

Is mian liom fáilte a chur chomh maith roimh na breathnóirí ó institiúidí acadúla, Fóram Idirchreidimh Chathair Bhaile Átha Cliath agus ó áiteanna eile, agus roimh na meáin a bheidh linn ag tús an tseisiúin.

Deich mí ó shin d’fháiltíomar roimh an bPápa Prionsias go hÉirinn. Le linn dom a bheith i mbun cainte sa seomra seo an t-am sin, mhol mé go raibh sé in am anois caidreamh nua a bhunú idir Reiligiún agus an Stát in Éirinn - cúnant nua don 21ú hAois. Aois nuair nach mbeidh reiligiún ag croílár ár Stáit, ach go mbeidh ról dáiríre agus fiúntach aige inár sochaí.

Is cuid den obair sin an t-idirphlé struchtúrtha sin agus cuireann sé leis na cruinnithe a bhí agam dhá bhliain ó shin leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, agus leis na hEaglaisí Protastúnacha anuraidh.

Creidim gurb é idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta an bealach is fearr chun an caidreamh nua sin a bhunú, caidreamh ina dtugtar aitheantas do na cosúlachtaí agus do na difríochtaí eadrainn.

Cúnant a bheidh bunaithe ag ár bpobail dhifriúla. Cúnant nach bhfuil forbartha ag an Stát, ach atá cruthaithe ag na daoine, múnlaithe agaibh ar fad, agus ina dtugtar léargas ar luachanna ár sochaí.


Is deis atá in ócáid an lae inniu plé a dhéanamh ar an gcineál cúnaint a bheidh ann, agus ar na hábhair spéise agus imní níos ginearálta.

Nuair a d’fhógair fir agus mná ghlúin na réabhlóide ár neamhspleáchas 100 bliain ó shin sa chéad Dáil gheall siad ‘a gcinniúint don Dia Uilechumhachtach’ agus d’iarr siad a ‘Bheannacht Dé air seo, an chéim dheireanach den streachailt’.

Samhlaigh dá mbeadh a leithéid sin d’fhocail á scríobh againn inniu. Céard a bheadh a rá againn? Conas a bhféadfaí rudaí a rá ar bhealach eile chun éagsúlacht ár bpobal a chur san áireamh, lena n-áirítear na creidimh dhifriúla ar fad, mar aon leis na daoine atá gan chreideamh?

Dhéanfaí iarracht daoine a chur san áireamh seachas daoine a fhágáil ar lár trínár bhfocail agus gníomhaíochtaí.

Dá réir sin, nuair a bheidh cúnant nua á chomhaontú againn ba cheart go mbeadh tionchar ár staire le brath ach ba cheart go mbeimis saor ón stair sin. Saor ón ré atá caite seachas a bheith mar phríosúnach ag an stair sin. In Éirinn, tá deis againn caidreamh nua a chruthú a chosnaíonn saoirse reiligiúnach agus a léiríonn meas ar chearta an uile dhuine. Cinnteofar go gcaithfear go cothrom le gach duine.

Léiríodh sa daonáireamh is déanaí nach bhfuil creideamh ar bith ag beagnach duine as gach deichniúr atá cláraithe anseo. Tá níos mó creideamh á liostú de réir a chéile, agus tá spás do gach duine i bPoblacht cheart.


Le linn dom a bheith ag féachaint ar na saincheisteanna agus ceisteanna atá curtha agaibh, thug mé suntas do rud amháin. Ní leis an creideamh amháin a bhaineann na réimsí a bhfuil spéis agaibh iontu agus na hábhair atá ag déanamh imní daoibh. Áirítear ina measc na dúshláin is mó atá os comhair ár dtíre: tithíocht, Brexit, agus athrú aeráide, mar shampla.

Is mian linn aire a thabhairt dóibh siúd atá mórthimpeall orainn, is mian linn aire a thabhairt dár bpobail agus dár dtodhchaí, agus is mian linn aire a thabhairt dár bpláinéad.

Níl na rudaí is cás linn agus atá ag déanamh imní dúinn teoranta dúinn féin; baineann siad leis an tír ar fad agus níos faide ó bhaile fiú.

Is tír lán creidimh, spioraid agus luachanna í Éire. Ba mhaith linn Poblacht a fhorbairt atá bunaithe ar: teaghlach, pobal, fiontraíocht, ceartas sóisialta, éagsúlacht, oscailteacht don domhan, comhionannas roimh an dlí, agus saoirse aonair. Sin iad na luachanna atá á gcomhroinnt againn, na luachanna a chruthaíonn nasc eadrainn ar fad.

Tá an oiread sin athruithe tarlaithe in Éirinn ó tionóladh an chéad Dáil 100 bliain ó shin. Sa lá inniu ann níor rugadh duine as gach seisear againn anseo.


Cúis bhróid dom, mar Thaoiseach, go bhfuil ár dtír i measc ceann de na tíortha is éagsúla ar domhan, agus ceann de na tíortha is óige.

Cinntíonn an éagsúlacht inár bpobail – inár scoileanna – inár n-ionaid adhartha – inár n-ionaid oibre, go bhfuilimid níos láidre.

Tá a fhios ag daoine ar fud an domhain gur féidir le daoine in Éirinn a n-aislingí a fhíorú agus nach mbeidh breithiúnas á dhéanamh orthu mar gheall ar a reiligiún, nó a ngnéasacht, nó a n-inscne nó a dton cnis.

Tharla sé seo mar go bhfuil cultúir á gcomhroinnt, go bhfuil eispéiris á gcomhroinnt, agus go bhfuil creidiúintí á gcomhroinnt.

Chabhraigh sibh ar fad lena chinntiú gurb amhlaidh atá, agus go raibh maith agaibh.

I ndaonlathas rannpháirtíochta tá gá le hidirphlé rialta le heaglaisí, le pobail chreidimh agus le heagraíochtaí neamhfhaoistiniúla. Go deimhin, foráiltear dó seo i gconarthaí an AE.

Tá an luach a bhaineann le heagraíochtaí reiligiúin agus creidimh le feiceáil mórthimpeall orainn gach lá. Mar shampla, trí na carthanais agus eagraíochtaí deonacha creideamh-bhunaithe a dhéanann an oiread sin obair mhaith inár bpobail.


Ba cheart go mbeadh aon chúnant nua – aon chaidreamh nua idir an Stát agus bhur n-eagraíochtaí bunaithe ar iolrachas, seachas dí-eaglaiseachas absalóideach.

Ciallaíonn sé sin, mar shampla, rogha oideachais níos fearr do thuismitheoirí trí thuilleadh scoileanna Ag Foghlaim Le Chéile, scoileanna pobail náisiúnta agus Gaelscoileanna. Ciallaíonn sé freisin go mbeidh roinnt scoileanna reiligiúnacha á ndífheistiú ón earnáil phobail más é sin a theastaíonn ó thuismitheoirí. Níl chiallaíonn sé dí-eaglaisiú iomlán oideachais.

Uaireanta is ábhar imní é dífheistiú ach creidim gur féidir linn an t-imní a laghdú má dhéileálann muid leis seo go híogaireach agus ar bhealach comhoibríoch. Is é an cuspóir atá ann na roghanna a theastaíonn ó thuismitheoirí áirithe in áiteanna áirithe a chur ar fáil. Ní hionann rogha a bheith ar fáil agus dímheas ar an obair luachmhar atá déanta ag Eaglaisí éagsúla chun oideachas a chur ar leanaí na hÉireann le blianta fada anuas.

Níl ann ach a admháil go bhfuil Éire an 21ú haois i bhfad níos éagsúla, agus go bhfuil rogha níos fearr ag teastáil ó go leor tuismitheoirí maidir le cén áit agus conas a gcuirtear oideachas ar a gcuid leanaí.

Chomh maith leis sin, ní mór dúinn a thuiscint go mb’fhéidir nach mbeadh rogha scoileanna indéanta nó praiticiúil i ngach ceantar, agus nach mór tuairimí an mhóraimh mar aon le tuairimí an mhionlaigh a chur san áireamh.

In aon chúnant nua ní mór go mbeadh ról ann fós do mhaoiniú Stáit carthanas creideamh-bhunaithe agus eagraíochtaí deonacha, cosúil le hOspís Naomh Proinsias agus Ospís agus Seirbhísí Cúraim Mhuire, mar shampla.

Nílimid ag iarraidh nach mbeidh maoiniú ar fáil dóibh nó go gcuirfear deireadh leis an saorálaíochas agus leis an éiteas atá sna háiteanna seo. Sa tslí chéanna, tá go leor eagraíochtaí creideamh-bhunaithe i ndiaidh cur go suntasach le cabhrú linn déileáil leis an nganntanas tithíochta, cosúil le Crosscare agus de Paul, Iontaobhas Peter Mc Verry agus eagraíochtaí eile.

Anuas air sin, ní mór go mbeimis toilteanach plé a dhéanamh le heagraíochtaí áirithe, atá á rith ar bhonn deonach go dtí seo, a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh a socruithe rialachais agus maoinithe a athbhreithniú.

Baineann na téamaí a bheidh á bplé againn anseo inniu le gnéithe uile na sochaí ar mhaithe le cur ar ár gcumas teacht ar chomhréiteach níos fearr.

Is turgnamh de shaghas é anois. Tá súil agam go mbeidh rath ar an obair agus creidim gur cheart dúinn teacht le chéile mar seo gach dhá bhliain más féidir, agus go bhféadfaí cruinnithe rialta déthaobhacha a reáchtáil liom féin agus le hairí, nuair is gá.

Táim ag súil go mór le bheith ag comhrá libh tráthnóna.

Go raibh maith agaibh.