Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Cruinniú Mullaigh Chomóradh 20 Bliain ar The Wheel, Páirc an Chrócaigh

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

A dhaoine uaisle, is deas a bheith anseo inniu. Mo bhuíochas le John, Paul agus Deirdre as an gcuireadh.

Tugann comóradh an deis dúinn chun an t-am atá imithe thart a thabhairt chun cuimhne, chomh maith le smaoineamh faoin todhchaí.

Ba bhliain thábhachtach 1999 dár bpobal agus earnáil dheonach. Bhí fís ag daoine a raibh an dearcadh céanna acu ó áiteanna éagsúla ar fud na tíre i dtaobh conas a gcomhfhuinneamh a chur chun feidhme ar mhaithe le leas coiteann. Is eol dúinn go léir na torthaí.

Bhunaigh The Wheel sibh mar ionad ilfhreastail do rud ar bith a bhaineann leis an earnáil charthanais agus neamhbhrabúis. Níos tábhachtaí ná sin, ba ráiteas dána a bhí in The Wheel féin faoin luach a chuirimid mar shochaí ar oibriú go deonach, ar an bpobal, ar chabhrú le daoine eile. Léiríonn sé an tábhacht a bhaineann le bheith inár saoránaigh ghníomhacha inár saol laethúil.

Cuireann na toghcháin amárach an méid a bhí á dhéanamh agam 20 bliain ó shin i gcuimhne dom – ag tabhairt faoi mo chéad fheachtas. Níor éirigh liom in aon chor. Bhain mé 380 céadrogha amach agus ní raibh mé san iomaíocht a thuilleadh ar an gcúigiú comhaireamh. Ach foghlaimíonn tú níos mó, amanna, nuair nach n-éiríonn leat ná mar a fhoghlaimíonn tú nuair a éiríonn leat. D’fhoghlaim mé conas teachtaireacht a mhíniú, feachtas gairmiúil a reáchtáil agus gan géilleadh riamh.

Dom féin, b’éard a bhain le saoránacht ghníomhach ná páirt a ghlacadh sa pholaitíocht áitiúil agus iarracht a dhéanamh chun difear a dhéanamh. Cúig bliana ina dhiaidh sin, chuaigh mé san iomaíocht arís agus bhain mé barr na vótaí agus an chéadrogha sa tír amach. Táim buíoch gur chuaigh mé san iomaíocht i 1999 mar gheall gur fhoghlaim mé go leor ón eispéireas. Agus táim spreagtha go fóill inniu mar gheall go gcreidim sa tseirbhís phoiblí agus go bhfuil an fonn céanna orm chun rudaí a dhéanamh níos fearr. A chreidiúint gur féidir athrú a bhaint amach agus féidir gluaiseacht i dtreo dul chun cinn agus rudaí níos fearr.

Rinne mé machnamh ar chomóradh eile le déanaí, chomh maith. Rinneamar comóradh in Aibreán ar chothrom 70 bliain ó tháinig an Phoblacht i bhfeidhm, agus chuir sé mé ag smaoineamh faoin méid is ciall le poblachtachas inár dtír inniu.

Bhí ciall dhiúltach leis an bhfocal ar feadh ró-fhada. ‘Foréigean poblachtach’, ‘uafás poblachtach’, ‘Óglaigh na hÉireann’. ‘Frith-Bhreatanachas’, an Sóisialachas anseo agus páirtí polaitíochta ar leith sna Stáit Aontaithe.

Caithfimid an focal a aisghabháil.

Ag dul siar a fhad le haimsir Wolfe Tone, níor theoiric pholaitiúil a bhí i gceist leis an bpoblachtachas, i bhfírinne, ach b’fhonn a bhí i gceist leis, i ndáiríre, chun an ceangal leis an mBreatain a ghearradh.

Mar thír neamhspleách inniu a ghlacann ár bpáirt ar leibhéal domhanda, tá orainn machnamh a dhéanamh ar an méid is ciall le maireachtáil i bhfíor-Phoblacht, ar an méid is ciall le bheith mar shaoránach, i bhfírinne. Is gá dúinn é sin a phlé inár dtír, ceapaim. Ba mhaith liom dá gcuirfí an plé sin chun cinn, agus ba mhaith liom dá ndéanfadh sibhse, in The Wheel, é sin a dhéanamh sna míonna amach romhainn.

Cuireann obair The Wheel i gcuimhne dúinn conas is féidir leis an tsaoránacht ghníomhach ár dtír a athrú chun feabhais. Mar dhea, tugann sé chun solais gach rud dearfach faoinár bPoblacht, agus na hidéil a léiríodh i bhForógra 1916.

Is féidir le heagraíochtaí atá dírithe ar mhisean, ar nós The Wheel, rudaí a athrú ó bhonn i sochaí na hÉireann. Cuireann siad seirbhísí ar fáil go rialta nach gcuireann comhlachtaí poiblí ná fiontair thráchtála ar fáil go díreach.

Cé gur tháinig feabhas mór ar ár gcás geilleagrach ón gcliseadh, tá pobail agus teaghlaigh ann go fóill a dteastaíonn cabhair uathu.

Rinne an Rialtas €190 a infheistiú, dá bharr, i gClár um Ghníomhachtú Pobail agus Cuimsiú Sóisialta nua chun cabhrú leo siúd is mó atá imeallaithe sa tsochaí.

Tá cistiú á sholáthar againn i mbliana do 400 eagraíocht phobail tríd an gClár Seirbhísí Pobail mar gheall gur mian linn feabhas a chur ar dheiseanna d’eagraíochtaí pobail. Agus is mian linn a chur ar a gcumas fostaíocht, áiseanna agus seirbhísí áitiúla a chur ar fáil dá bpobail áitiúla.

Tá an Rialtas tiomanta, chomh maith, chun cabhrú le samhail inbhuanaithe de dhaonchairdeas in Éirinn a thógáil.

Níl stair ró-iontach sin bainteach leis an daonchairdeas in Éirinn, ach foirm den tírghrá é agus ba cheart é a aithint amhlaidh. Tá níos mó samhlacha den daonchairdeas ar fáil againn inniu, tá faisnéis bhreise againn ar na cúiseanna agus an carthanas éagsúil a dteastaíonn cúnamh uathu, agus tá níos mó trédhearcachta ann maidir le tionchar na hoibre atá á déanamh ná mar a bhí riamh roimhe seo.

Trínár gCoistí Forbartha Pobail Áitiúil, is mian linn cur chuige comhtháiteach agus comhtháite a fhorbairt, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i leith forbairt áitiúil agus pobail. Déanfaidh athbhreithniú leanúnach ar na Coistí seo forbairt áitiúil agus pobail a neartú níos mó.

Sholáthraíomar cistiú breis agus €300 míle mar Rialtas d’údaráis áitiúla chun imeachtaí a reáchtáil don Big Hello ní ba luaithe an mhí seo mar chuid den Deireadh Seachtaine Pobail Náisiúnta tionscnaimh.

Cuireadh breis agus 800 imeacht ar bun ar fud na tíre. Is ó na pobail féin a tháinig na smaointe do na himeachtaí seo. Dom féin, chruthaigh sé go bhfuil meanma na meithle beo beathach agus go roinntear luachanna pobail inár dtír.

Tugann The Big Hello chun solais luachanna pobal, agus déanann sé ceiliúradh, chomh maith, ar ról oibrithe deonacha laistigh de na pobail siúd. Cuid ríthábhachtach dár n-aitheantas náisiúnta is ea oibriú go deonach, agus is gá dúinn a thuiscint an t-ollmhéid a chuireann sé le sochaí na hÉireann.

Braitheann ár gcumainn spóirt, ionaid phobail, agus na ceangail uile eile a choimeádann ár bpobail beo beathach ar na mílte oibrí deonach gach seachtain.

Tá oibriú go deonach ag croílár ár bpleananna chun a sochaí a thógáil nach mbraitheann duine ar bith ar lár inti.

Tá cur amach fairsing ar an méid a chuireann carthanas le cúrsaí, agus creidim go mbeidh todhchaí thábhachtach acu.

Tá breis agus 10,000 carthanas cláraithe in Éirinn anois.

Agus cabhróidh ár n-obair chun an Rialálaí Carthanas a bhunú agus a fhorbairt leis an gcreat reachtaíochta a sholáthar chun trédhearcacht a chur ar fáil agus an bhraistint iomláine agus muiníne as an earnáil a athshlánú.

Ciallaíonn an Poblachtachas Nua-Aimseartha, chomh maith, smaoineamh faoinár ról mar shaoránaigh dhomhanda.

Ar cheann de na heispéiris ba thairbhí a bhí agam riamh ná nuair a chaith mé roinnt ama mar oibrí deonach le VSO sa Mhongóil in 2008. Ba dhian an obair í, bhí mé traochta, agus thaispeáin sé dom conas is féidir le gníomhartha beaga tionchar trom a imirt orthu siúd a gcabhraímid leo.

D’athraigh an chuairt a thug mé ar thionscadail chúnaimh na hÉireann san Aetóip agus ar ár bhFórsaí Cosanta fad a bhí mé i Mailí ní ba luaithe i mbliana mo pheirspictíocht i leith an domhain ón mbonn.

Tá an oiread sin is féidir linn a dhéanamh chun an daonlathas agus saoirse a chur chun cinn agus chun slándáil agus deis gheilleagrach a bhaint amach sa domhan.

Beidh breis agus €800 milliún i gceist lenár mbuiséad Cúnaimh Forbartha Thar Lear i mbliana. Faoin mbliain 2030, beidh 0.7% dár nOllioncam Náisiúnta á infheistiú againn i bhForbairt Idirnáisiúnta.

Rinne an Chomh-Aireacht ár misean coimeádta síochána sa Liobáin Theas a athnuachan díreach an tseachtain seo.

Mar sin, táimid ag tabhairt faoinár bhfreagrachtaí mar shaoránaigh dhomhanda. Poblachtaigh ar leibhéal domhanda sinn.

Is ionann The Wheel agus gach rud dearfach faoin bPoblachtachas Cathartha inniu.

Tá bhur n-obair ag cabhrú le pobal agus earnáil dheonach faoi rath a thógáil fiche bliain i ndiaidh gur bunaíodh sibh. Pobal agus earnáil ina bhfuil cothroime, deis agus ceartas ina cheartlár.

Ní dhéanann ár gcaidreamh leis an mBreatain an poblachtachas a shainiú a thuilleadh. Dar liom féin gur leis an Eoraip agus an domhan níos fairsinge a bhaineann ár gcaidreamh leis an bPoblachtachas Cathartha. Baineann meanma sheirbhíse poiblí agus braistint pobail leis. Léiríonn fonn chun cabhrú le daoine eile, trí oibriú go deonach, gníomh pobail agus fiontraíocht shóisialta é.

Go raibh maith agaibh.