Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Foirgneamh Scoil Ghnó na Tríonóide a Oscailt

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

A Phropast, a aíonna oirirce, a dhaoine uaisle.

Sula dtosaím, ba mhaith liom roinnt focal a rá faoi bhur gcomhghleacaí, an tOllamh Séamus Lawless, a d’imigh ar iarraidh ar Shliabh Everest an tseachtain seo caite. Is iomaí rud a luaigh na daoine a d’oibrigh i dteannta le Shay faoina charachtar spreagthach. Agus is eol dom gur bhain a thionscadail taighde claochlú amach i ndomhain na staire agus na heolaíochta ríomhaireachta.

Léiríonn an cinneadh a rinne sé chun Sliabh Everest a dhreapadh chun cistí a thiomsú do Charthanas Leanaí Bhaile an Bhairéadaigh a charachtar: cróga, tiomanta, agus ag smaoineamh i gcónaí ar dhaoine eile. Rinne an Tánaiste teagmháil dhlúth le muintir Shay agus déanfaimid gach rud is féidir linn chun cabhrú. Cosúil le gach duine díobh, tá súil agam gur féidir Shay a aimsiú agus a thabhairt abhaile. Agus smaoinímid ar Shay agus a theaghlach agus a chairde ag an tráth deacair seo.

Fad a bhí mé ag siúl timpeall an champais agus mé ar mo bhealach chuig dráma an tseachtain seo caite, chuaigh na meirgí agus na comharthaí i gcion orm atá mar chuid d’fheachtas nua uaillmhianach daonchairdiúil na Tríonóide agus faoin teachtaireacht ‘An Ghlúin a Spreagadh’.

Sin an méid atá á dhéanamh ag Coláiste na Tríonóide le breis agus ceithre chéad bliain agus leanann sé le hamhlaidh a dhéanamh. Bhíomar in ann an foirgneamh seo a thógáil mar gheall ar thabhartais fhlaithiúla dhaonchairdiúla, agus is mian liom ómós a léiriú do na daoine aonair agus na corparáidí a chuir le cineál nua d’oideachas gnó a chruthú i gColáiste na Tríonóide. Cineál den tírghrá is ea an daonchairdeas - ceann de na cineálacha is fearr - agus aithnímid agus is mór againn an chabhair a thugann iad siúd go léir a bhain seo amach.

I ndiaidh dom an foirgneamh nua seo a iontráil, chuir sé fírinne lom i gcuimhne dom.

Tagann síorathrú ar Choláiste na Tríonóide, ach ní thugann sé droim láimhe riamh ar na rudaí is ansa linn.

Bhí sibh i gcónaí in ann súil a chaitheamh i dtreo na todhchaí, agus bheith dílis don am atá imithe thart. Agus sin an méid atá i gceist leis an bhfoirgneamh nua seo agus an Scoil Ghnó nua seo.

Cuireann sé ar chumas Choláiste na Tríonóide oideachas gnó den chéad scoth a chur ar fáil d’Éirinn agus an domhan. Oideachas a chur ar an nglúin nua san fhiontraíocht, sa nuálaíocht agus sa chruthaitheacht.

Is í tallann an bhunchloch faoin rath atá orainn mar thír. Mar sin, bealach is ea infheistíocht san oideachas chun bunchloch féin ár ngeilleagair agus ár sochaí a leagan.

Ollscoil atá i gColáiste na Tríonóide inniu ar ardán domhanda, a mheallann mic léinn, ollúna agus tallann taighde ó áiteanna timpeall an domhain i dtimpeallacht atá iomaíoch go domhanda. Bhí ról lárnach ag ceannaireacht an Phropaist i gcaitheamh na mblianta deacra i ndiaidh an chliste gheilleagraigh anseo, agus is ionann an foirgneamh nua seo, ar go leor bealaí, agus scéal athbheochana d’ollscoileanna na hÉireann.

Bhí ar Éirinn dul i mbun athbheochana le blianta beaga anuas.

Tá lánfhostaíocht beagnach bainte amach againn inniu, agus ní raibh an oiread sin daoine ag oibriú, in oideachas, nó ag tabhairt faoi phrintíseachtaí mar atá inniu. Mar thoradh air sin, tá caighdeáin mhaireachtála ag dul i méid agus tá titim ag teacht ar rátaí bochtaineachta agus díothachta. Tá na leabhair idir dhá cheann na meá againn, tá fiachas náisiúnta á laghdú againn agus déanfaimid ár gcéad taisceadh isteach sa chiste “Lá Báistí” i mbliana.

Tá in Éirinn ceann de na geilleagair is domhandaithe agus is oscailte ar domhan. Cuirimid fáilte roimh infheistiú, caipiteal, trádáil, tallann agus cruthaitheacht.

Measaimid gurb oileán sinn atá i lár domhan ceangailte agus domhandaithe, atá tiomanta do bhallraíocht an AE, na Náisiúin Aontaithe, saorthrádáil agus fiontraíocht shaor.

Cosúil le Coláiste na Tríonóide, diúltaímid éadóchas iad siúd timpeall an domhain ar mian leo meon cúngaigeanta a ghlacadh nó filleadh ar thráth maoithneach fadó nár thit amach riamh. Ina ionad sin, is mian linn na deiseanna agus féidearthachtaí a thapú ar scála domhanda nach raibh ar fáil dúinn riamh roimhe seo.

Is é ár n-uaillmhian chun cultúr agus luachanna na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain. Tuigimid go dteastaíonn freagairtí iltaobhacha cuimsitheacha ó na dúshláin atá romhainn. Is é an t-aon bhealach chun difríocht shuntasach a dhéanamh ar shaincheisteanna, ar nós athrú aeráide, slándála, cánachais sa domhan digiteach nua, agus imirce.

Insíodh an scéal domhanda sin ag an tús inniu, chomh maith. Is é an chéad rud suntasach faoin bhfoirgneamh nua seo ná a dhearadh. Foirgneamh é a úsáideann beagnach fuinneamh ar bith, tá aerú nádúrtha, grianphainéil, agus ballaí glasa dochreidte ann arb eol dom a chruthóidh tairbhí comhshaoil agus síceolaíocha.

Léiríonn an foirgneamh féin conas a chaithimid leis an todhchaí. Faoin inbhuanaitheacht. Faoin gcomhshaol.

Tá athrú aeráide ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh dhaoine inniu.

Dúshlán intíre, dúshlán Eorpach agus dúshlán domhanda atá ann. Ní féidir le haon tír amháin leis féin stad a chur leis. Mar sin, caithfidh gach tír gníomhú le chéile.

Creidim gurb í an fhreagracht is mó atá orainn chun ár bpláinéad a thabhairt don chéad ghlúin eile agus bail níos fearr air ná mar a bhí air nuair a tugadh dúinn é.

Tá ag éirí go diail linn maidir le hathchúrsáil agus fuinneamh in-athnuaite. Níl ag éirí chomh diail céanna linn maidir gáis cheaptha teasa.

Nílimid chun tosaigh ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Beidh ar gach duine aonair, teaghlach, pobal agus gnólacht athruithe a dhéanamh. Agus taispeánann an foirgneamh nuálach seo dúinn an méid is féidir a bhaint amach.

Mar sin, oibreoidh an Rialtas le daoine, an tionscal agus pobail chun an bealach is fearr agus is cuimsithí chun cinn a leagan amach.

Inár bPlean Forbartha Náisiúnta – Tionscadal Éireann 2040 - tá €21.8 billiún á infheistiú againn i gcaitheamh na chéad deich mbliana eile amach romhainn chun cabhrú leis an aistriú seo. Déanfaimid infheistíocht i rudaí ar nós an mhéid seo a leanas:

  • Fuinneamh in-athnuaite; (30% inniu, aníos go dtí 70% in 2030)
  • Bonneagar feithiclí leictreacha;
  • Insliú a thógáil;
  • Leictriú cuid dár n-iarnróid;
  • Níos mó busanna; (cuireadh na chéad bhusanna astaíochtaí ísle chun feidhme an tseachtain seo i mBaile Átha Cliath)
  • Bonneagar siúil agus rothaíochta níos fearr; agus
  • Leathanbhanda tuaithe chun oibriú as baile a spreagadh agus comaitéireacht a laghdú.

Déanfaidh an Rialtas comhaontú ar ‘Plean Uile-Rialtais chun Cur Isteach ar an Aeráid a Chomhrac’. Cuirfidh sé le hobair eile atá á déanamh againn chun geilleagar inbhuanaithe agus atá seasmhach i leith na todhchaí in Éirinn a chruthú.

A Phropaist, cruthaíonn an foirgneamh nua seo fís nua d’oideachas gnó, fís atá uaillmhianach agus a bhfuil dearcadh domhanda aige. Cabhróidh an Scoil Ghnó linn chun ár n-uaillmhian a bhaint amach chun mol nuálaíochta Eorpach a dhéanamh d’Éirinn.

Táimid ag oibriú mar Rialtas chun níos mó áiteanna a thógáil ar féidir leo an fhiontraíocht agus an nuálaíocht a chothú agus infheistíocht agus tallann a mhealladh.

Ar an gcuma chéanna, tá fís ag Coláiste na Tríonóide do Bhaile Átha Cliath agus d’Éirinn lena n-áirítear Institiúid cheannródaíoch E3 agus Ceantar Nuálaíochta na Canála Móire. Tá baint lárnach ag an Scoil Ghnó sin leis an bhfís sin.

Is é ár misean chun comhoibriú a chur chun cinn idir bonn agus tionscal scothach na hÉireann. Mar sin, faoi Thionscadal Éireann 2040, tá leathbhilliún euro á infheistiú ag Éirinn idir an t-am i láthair agus 2027 i dtaighde, forbairt agus imlonnú teicneolaíochtaí agus feidhmeanna suaiteacha ar bhonn tráchtála.

Faoin gcéad ghairm, íocfar cistiú os cionn €4 milliún le Coláiste na Tríonóide i gcaitheamh na chéad trí bliana eile do 4 thionscadal a bhfuil sibh ag tabhairt fúthu le 6 chomhpháirtí éagsúla.

Cuirfidh an Scoil Ghnó nua seo oideachas ar mhic léinn chun aghaidh a thabhairt ar poist an lae amárach. Poist nach ann dóibh inniu; poist is féidir le fir agus mná a dhéanann staidéar anseo a chruthú.

Ta ullmhú á dhéanamh againn mar Rialtas, chomh maith, do dhomhan na todhchaí. Is eol dúinn go léir go n-athróidh inseamhnú saorga, róbataic agus feithiclí uathoibrithe ár ndomhan sna blianta amach romhainn an méid céanna a d’athraigh an t-idirlíon agus an guthán póca é tamall de bhlianta ó shin. Caithfimid a bheith réidh chun tairbhe a bhaint as na poist nua agus an saibhreas nua a chruthófar.

Chun go mbeidh an geilleagar agus an tsochaí againn a theastaíonn uainn sa bhliain 2025 – geilleagar agus sochaí ísealcharbóin, ardtáirgiúlachta, ardteicneolaíochta, a thacaíonn leis an teaghlach, a dhéantar a thrádáil go domhanda agus atá iomaíoch, tá orainn an timpeallacht a chruthú a inar féidir é sin a bhaint amach anois.

Tá ar gach glúin a samhail fiontraíochta agus phost a mhúscailt. Mura ndéanfaidh siad é sin, éireoidh sé marbhánta. Táimid ag oibriú chun an bealach a oibrímid a athrú. Tá ullmhú á dhéanamh againn do Phoist Amach Anseo (Future Jobs), anuas ar phoist an lae inniu.

Mar chuid de seo, tá gairm iomaíoch á seoladh againn ar thograí faoin Tionscnamh Caipitil Dhaonna nua chun €300 milliún a infheistiú in ardoideachais i rith na 5 bliana.

Ar cheann de na dúshláin mhóra fhadtéarmacha atá romhainn, tá feabhas a chur ar iomaíochas aghaidh táirgiúlacht ár FBManna atá faoi úinéireacht intíre. Is mian linn aitheantas a bhaint amach faoin mbliain 2025 mar lárionad FBManna dinimiciúla ardghnóthachtála faoi úinéireacht na hÉireann ina bhfuil lucht saothair cumasach agus inoiriúnaithe. Seo an chéad chéim eile dár bhforbairt náisiúnta.

Beidh orainn ceannaireacht agus bainistíocht scileanna na ndaoine a oibríonn laistigh dár n-earnáil FBManna a fheabhsú. Tá orainn meon nua a chruthú ina mbíonn fáil ag scileanna bainistíochta agus gnó ag lucht bainistíochta ár FBManna chun gur féidir iad seo a chur chun cinn. Is féidir leis an Scoil Ghnó seo cabhrú linn an uaillmhian sin a bhaint amach.

Focal scoir amháin.

Is é an t-oideachas gnó Choláiste na Tríonóide. Meonta nua a spreagadh agus smaointe nua a chruthú a athróidh an domhan. Cabhróidh an foirgneamh nua seo leat chun é sin a dhéanamh sa 21ú haois agus ina dhiaidh sin. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal mac léinn, foireann agus alumni Choláiste na Tríonóide timpeall an domhain as seo a bhaint amach, agus guím gach rath oraibh don todhchaí.