Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Leo Varadkar TD, Fógra maidir le Poist EY

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

Dia daoibh ar maidin,

Go raibh maith agat Frank as cuireadh a thabhairt dom anseo ar maidin.

Is ionann fógra an lae inniu maidir le poist - 600 post nua - agus infheistíocht i dtallann agus rún muiníne i ngeilleagar na hÉireann.

Is fianaise é do chinneadh seirbhísí a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Port Láirge, Luimneach agus Béal Feirste ar thacaíocht a bheith á tabhairt don gheilleagar uile-oileáin. Beidh 50 post bunaithe sa Tuaisceart agus is dea-scéala é seo d’oileán na hÉireann trí chéile.

Ainneoin na ndúshlán atá os comhair gnóthaí ó thuaidh agus ó dheas den teorainn, tá cúis mhaith againn a bheith dóchasach faoin todhchaí, agus is fianaise ar an méid sin an fhorbairt leanúnach atá á déanamh agat.

Tá ár n-earnáil seirbhísí airgeadais faoi bhláth agus ag forbairt. Tá 20 cuideachta as an 25 cuideachta seirbhísí airgeadais is mó ar domhan lonnaithe anseo, agus is ionad airgeadais dhomhanda é Éire anois. Thosaigh forbairt na hearnála seo go mall i gCeantar na nDugaí blianta fada ó shin, ach anois is earnáil náisiúnta é, atá scaipthe ó cheann ceann na tíre.

Is mian leis an Rialtas a chinntiú go leanann ár n-earnáil seirbhísí airgeadais ag mealladh daoine meabhracha as gach cúinne den tír. Is é an sprioc atá againn go mbeidh 50,000 duine fostaithe san earnáil faoin mbliain 2025, agus is fianaise é an fhorbairt atá á déanamh ar oibríochtaí gnóthaí cosúil le do ghnó féin go bhfuil gach seans ann go n-éireoidh linn an sprioc sin a chomhlíonadh.

Cuid dár dtairiscint airgeadais idirnáisiúnta is ea go bhfuilimid ag tacú le foirne oibre ilghnéitheacha. Tá sibhse ar thús cadhnaíochta sa réimse seo, agus tá obair déanta agaibh chun cultúr ionchuimsitheach a chruthú a léiríonn meas ar agus a fháiltíonn roimh dhifríochtaí.

Mar is eol dúinn, tá saol na hoibre ag athrú gach lá, agus ní mór dúinne athrú freisin. Trínár bpolasaí geilleagrach, Future Jobs Ireland, tá obair á déanamh againn chun ár ngeilleagar agus fiontraíocht a dhéanamh seasmhach i leith na todhchaí. Táirgiúlacht a fheabhsú, rannpháirtíocht sa mhargadh fostaíochta a mhéadú, scileanna nua a fhorbairt agus tallann nua a mhealladh. Chomh maith leis sin, tá tairbhe á baint againn as deiseanna atá ag eascairt as nuálaíocht agus athrú teicneolaíoch, agus as an aistriú chuig geilleagar ísealcharbhóin.

Trí gheilleagar a chruthú a éascaíonn foghlaim ar feadh an tsaoil agus uas-sciliú beidh ár dtír in ann tairbhe a bhaint as deiseanna nua agus as margaí nua chun domhan digiteach a chruthú.

Tá gnóthaí cosúil le do ghnó féin ar thús cadhnaíochta – ag cruthú deiseanna iontacha fostaíochta san intleacht shaorga, blocshlabhra agus eolaíocht sonraí.

Dá réir sin, a dhaoine uaisle, is é teachtaireacht an lae inniu go bhfuil Éire sásta glacadh le hinfheistíocht, le caipiteal, le tallann agus le cruthaitheacht.

D’ainneoin na héiginnteachta a bhaineann le Brexit, is am oiriúnach é seo chun infheistíocht a dhéanamh in Éirinn. Is muide an 7ú geilleagar is iomaíche ar domhan, agus an dara geilleagar is iomaíche i limistéar an Euro. Tá ár ngeilleagar agus an t-airgeadas poiblí á mbainistiú go maith. Táimid ag croílár na hEorpa, an mhargaidh aonair agus limistéar an Euro.

Inniu tá:

  • 2.3 milliún duine i mbun fostaíochta. An líon is mó riamh;
  • Ráta dífhostaíochta de thart ar 5%, ráta atá ag titim;
  • Fás geilleagrach ó cheann ceann na tíre;
  • Fás leanúnach ar thuarastal, leis na meántuilleamh ag méadú sa bhreis ar 3% anuraidh, chun tosaigh ar an ráta boilscithe;
  • Tá barrachas buiséid againn, rud nach bhfuil ach ag fíorbheagán tíortha.
  • Tá rátaí bochtaineachta agus díothachta ag titim;
  • Tá an fiachas náisiúnta laghdaithe mar chéatadán de % OTI. Tá sé laghdaithe a leath i gcomparáid le 5 bliana ó shin;
  • Tá caiteachas poiblí ag ardú, ag leath an ráta a tugadh faoi deara i rith ré an “Tíogair Cheiltigh”. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé inbhuanaithe;
  • Tá fiachas teaghlaigh ag titim;
  • Cur chun feidhme Thionscadal Éireann 2040, Comhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí maidir le pá, agus an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí;
  • Táthar ag leanúint le hathchóirithe ar chosaintí sóisialta cosúil le saoire thuismitheoireachta, agus Liúntas Cuardaitheora Poist do dhaoine féinfhostaithe, agus ní bheidh aon tionchar ag Brexit orthu; agus
  • Tá méadú ag teacht ar thógáil tithíochta agus tá fianaise áirithe ann go bhfuil praghsanna tithe ag cothromú. Tógadh breis is 20,000 teach nua le bliain anuas.

Ach tá rioscaí agus dúshláin ann fós. Baineann riosca le Brexit mí-ordúil. Tá breis éiginnteachta le tabhairt faoi deara sa gheilleagar domhanda.

Ní féidir linn gach rud a mhaolú. Ach is féidir linn – agus tá - gníomh cinntitheach agus dearfach á dhéanamh againn chun an tionchar a laghdú.

Oibreoidh Buiséad an lae amárach chun an dul chun cinn atá déanta againn i dtéarmaí geilleagracha a chosaint, agus i dtéarmaí forbairt a dhéanamh ar cheartas sóisialta, comhdheis agus caighdeán na beatha a fheabhsú.

Is fianaise é an rath atá ar EY agus ar ár n-earnáil seirbhísí airgeadais gur cheart dúinn a bheith lán dóchais agus muiníne faoin todhchaí.

Is fianaise é fógra an lae inniu maidir le poist ar rud a chreid mé le fada. Is é tallann agus daoine croílár ár ratha agus iad na cuideachtaí a n-éiríonn leo na cuideachtaí a ndéanaimid infheistíocht iontu.

Oibreoidh an Rialtas libh ionas gur féidir linn deiseanna nua a chothú don uile dhuine.

Guím gach rath oraibh sna blianta amach romhainn.

Go raibh maith agaibh.