Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Lón na gCainteoirí

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Chainteoir Uasail, A Uachtarán, A Leas-Uachtarán.

Baill na Comhdhála, Aíonna Oirirce agus Cairde.

Lá Fhéile Pádraig faoi mhaise daoibh.

A Uachtarán, a Chainteoir Uasail, bhí caidreamh riamh anall idir na hÉireannaigh agus na Meiriceánaigh. Is caidreamh dílis agus cairdiúil atá ann, a bhfuil teist na mblianta air.

Chabhraigh bhur gceannairí polaitiúla agus sibhialta - ó pháirtithe agus ó chúlraí éagsúla – Éire mar atá sa lá inniu ann a mhúnlú.


Inniu, is mian liom buíochas a ghabháil le Cácas Chairde na hÉireann, a ndearna na Cathaoirligh Richie Neal agus Pete King sárcheannaireacht air.

Ó thráth a bhunaithe, bhí an Cácas dépháirteach - ina chomhdhéanamh agus chomh fada is a bhaineann le ceist Thuaisceart Éireann.

Idir Tip O’Neill agus Richie Neal, idir Ted Kennedy agus Pete King, chabhraigh a bhaill, Daonlathacha agus Poblachtacha araon, chun an bhunchloch a leagan le haghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Comhréiteach a shocraigh an Seanadóir George Mitchell agus atá ráthaithe ag dlí idirnáisiúnta.

Mar a dúirt Ball na Comhdhála, Brendan Boyle, mac le himirceach as Gleann Cholm Cille i gCo. Dhún na nGall, le déanaí, ‘is ionann é agus ceann de mhóréachtaí beartais eachtraigh an 20ú haois.’

Agus is mian liom a rá, thar ceann Rialtas na hÉireann agus phobal na hÉireann, go bhfuilimid buíoch de chácas Chairde na hÉireann sa chomhdháil as cúnamh fíorthábhachtach a thabhairt dúinn ag tréimhse ama tábhachtach chomh fada is a bhaineann le forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus a chinntiú nach mbeidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann arís, is cuma céard a tharlaíonn le Brexit.


A Chainteoir Uasail, dúirt an tUachtarán Reagan uair amháin go ‘roghnóidh daoine a bhfuil rogha acu bóthar na síochána i gcónaí.’ Bhí an ceart aige, agus tá a fhios agam go leanfaidh tír na saoirse den tsaoirse bhunúsach sin a chosaint.

Is mian liom buíochas a ghabháil freisin lenár gcara, (iar-) Bhall na Comhdhála, Bruce Morrison, a chabhraigh le bunchloch na síochána a leagan chomh maith. Tá iomrá ar a ainm siúd i ngach contae in Éirinn mar gheall ar an obair a rinne sé ar mhaithe lena chinntiú go bhféadfadh fir agus mná na hÉireann a n-aisling Mheiriceánach féin a thabhairt chun beochta.

Creidim go bhfuil an clár víosaí E3 nua dílis dár stair choiteann agus gur deis atá ann do ghlúin nua d’aislingeoirí cumasacha, díograiseacha, a gcion a dhéanamh ar son na tíre iontaí seo. Tá súil agam go dtarlóidh sé.


A Chainteoir Uasail, 100 bliain ó shin in 1919, d’fhógair comhdháil d’fhir agus de mhná Éireannacha ár neamhspleáchas, ráiteas misniúil faoi dhaonlathas, saoirse agus féinchinntiúchán, a bhí le cloisteáil ar fud an domhain.

Níor baineadh amach ár saoirse – ár rathúnas ag aon am amháin. Rinneadh an dul chun cinn céim i ndiaidh céime.

Agus ceann de na céimeanna sin ba ea ár mBunreacht nua, Bunreacht na hÉireann in 1937. Le linn dom a bheith i mbun na hóráide seo a ullmhú, tháinig mé ar rud éigin fíorspéisiúil inár gcartlann.

81 bliain ó shin nuair a bunaíodh ár mBunreacht, seoladh teachtaireacht tacaíochta chugainn ó na Stáit Aontaithe, a bhí sínithe ag beagnach 300 Ball den Chomhdháil agus Gobharnóirí, Daonlathaithe agus Poblachtaigh araon.

I measc na n-ainmneacha atá le feiceáil ar an doiciméad sin tá Harry S. Truman, Richard Russell, agus Henry Cabot Lodge Óg.


A Chainteoir Uasail, is mian liom cóip i bhfráma den teachtaireacht a bhronnadh ortsa agus ar an gComhdháil. Mar shiombail dár nasc stairiúil, chun ár gcomhluachanna a chur i gcuimhne dúinn, agus mar ábhar spreagtha don mhéid is féidir linn a bhaint amach i dteannta a chéile amach anseo.

Go raibh míle maith agaibh go léir.