Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh: Seoladh an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, Scoil Mhic Dara ar an gCeathrún Rua

A Chairde,
Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu le haghaidh seoladh an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Tá sé an-oiriúnach go bhfuil an polasaí seo á sheoladh i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrún Rua i gceart lár na Gaeltachta.

Tá tábhacht an-mhór ag baint leis an bpolasaí seo. Is léiriú é do thiomantas an Rialtais agus na Roinne Oideachais agus Scileanna do bheartais na Straitéise 20 Bliain do Ghaeilge a chur i bhfeidhm, go háirithe na beartais a bhaineann le caomhnú agus láidriú na Gaeilge sna limistéir Ghaeltachta. Beidh an polasaí seo agus an pacáiste de thacaíochtaí a thiocfaidh leis ina chabhair mhór do na scoileanna Gaeltachta.

Is ócáid an-speisialta í seoladh an pholasaí Gaeltachta. Seo í an chéad pholasaí don oideachas Gaeltachta atá foilsithe ó bunaíodh an Stáit. Tá sé an-thráthúil go bhfuil an polasaí á sheoladh i rith bliain chomórtha 1916.

Creidim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an nGaeltacht don teanga agus don chultúr. Is acmhainn luachmhar í an Ghaeltacht d‘fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Is suíomh nádúrtha í an Ghaeltacht do labhairt laethúil na teanga. Thar aon ní eile, is baile í an Ghaeltacht do chainteoirí dúchais Gaeilge; tá sé fíorthábhachtach go dtabharfar tacaíocht do na roghanna teanga atá déanta ag na cainteoirí seo. Mar a mhaítear sa Straitéis 20 Bliain, tá dualgas orainn a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo sna ceantair Ghaeltachta.

Ón taithí atá agam ar Ghaeltacht Mhuigheo ach go háirithe, tuigim go rí-mhaith na dúshláin atá roimh an nGaeilge sna pobail agus sna scoileanna Gaeltachta. Tá a fhios agam chomh maith na hiarrachtaí fónta atá ar bun ag eagraíochtaí, scoileanna agus pobail Ghaeltachta chun úsáid na teanga a láidriú. Tugann an polasaí Gaeltachta seo deis luachmhar in éineacht leis na próisis phleanála teanga tógáil ar na hiarrachtaí seo. Tugann an polasaí deis freisin fuinneamh beoga úrnua a chothú sna scoileanna agus sna pobail Ghaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna réimsí éagsúla i saol na Gaeltachta.

Tréaslaím leis an Aire Bruton as ucht an pholasaí seo a ullmhú i gcomhairle leis an Aire Kyne, Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta. Molaim an fhís atá ann don oideachas Gaeltachta. Molaim an mór an sprioc atá ann sároideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga na Gaeltachta agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sna pobail Ghaeltachta. Molaim an aitheantas a thugtar do riachtanais na ngasúr atá á dtógáil le Gaeilge.

Ach tá áthas orm go bhfuil an Polasaí seo réalaíoch chomh maith:
· Leagtar amach na coinníollacha do scoileanna chun a bheith aitheanta mar scoileanna Gaeltachta;
· Cuirtear síos ar na tacaíochtaí a chuirfear ar fáil dóibh;
· Tugann an polasaí aitheantas do ról lárnach na dtuismitheoiri agus an tábhacht a bhaineann le muinín na dtuismitheoirí a chothú in obair na scoileanna.
Creidim go ndéanfaidh an polasaí seo agus na beartais a bhaineann leis an-difríocht do na scoileanna agus na pobail Ghaeltachta agus do stádas na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sé á chur i bhfeidhm ar bhonn comhoibritheach idir na Ranna Stáit, na heagraíochtaí pobail agus na pobail scoileanna.
Arís tréaslaím le gach duine a bhí páirteach ann, go háirithe iad siúd atá anseo inniu. Táim ag súil le torthaí na hoibre. Go raibh maith agaibh.