Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, ag Comhdháil FBM & Straitéis Fiontraíochta, Staid Aviva

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

A aire, a dhaoine uaisle, dia daoibh ar maidin.

Tá ár rath eacnamaíoch agus ár bpobail ar fud na tíre ag brath ar earnáil bhríomhar FBM agus ar chultúr fiontraíochta.

Táim fíorbhuíoch den Aire Humphreys as comhdháil a eagrú a thugann deis dúinn plé a dhéanamh ar an méid is gá dúinn a dhéanamh anois agus as cuireadh a thabhairt dom labhairt anseo.

Is mian liom fáilte a chur romhaibh ar fad, go háirithe sibhse a thaistil le bheith anseo, lena n-áirítear ár gcainteoirí ó OECD, Rialtas na Gearmáine, agus an Coimisiún Eorpach.

Níl ach teachtaireacht shimplí amháin agam inniu. Ionas go mbeidh ár rogha geilleagair agus sochaí againn in 2025 – ísealcharbón, táirgiúlacht ard, ardteicneolaíocht, oiriúnach do theaghlaigh, trádáil agus iomaíochas domhanda - ní mór dúinn an timpeallacht inar féidir an méid sin a bhaint amach a chruthú.

Tá an Rialtas ag obair an t-am ar fad chun caidreamh a bhunú le cuideachtaí ilnáisiúnta agus chun infheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh. Ach is é an tosaíocht atá againn cuideachtaí agus fiontraithe dúchasacha a chothú agus tá ról lárnach agaibhse in uaillmhian 2025 a bhaint amach.

Is ionann FBManna agus 99.8% de na gnóthaí ar fad inár Stát agus 70% den fhostaíocht ar fad in Éirinn.

Is sibhse cnámh droma ár bpobal áitiúil, is sibhse atá ag soláthar post agus ioncam do theaghlaigh ar fud na tíre. Cinntíonn sibh fás cothrom réigiúnach.

Is é an cuspóir atá againn cabhrú libhse a bheith níos láidre, bhur dtáirgiúlacht a fheabhsú agus bhur n-acmhainneacht a mhéadú. Táimid ag iarraidh tacú le fiontraíocht i ngach grúpa den tsochaí, rannpháirtíocht níos mó ban, níos mó daoine óga, agus níos mó daoine faoi mhíchumas a spreagadh.

Braitheann ár rathúnas eacnamaíoch amach anseo ar dhaoine cosúil libhse atá sásta dul sa seans agus fostaíocht a chruthú. Is iad fiontraithe agus daoine féinfhostaithe bunchloch ár sochaí agus ár ngeilleagair. Is é an ról atá ag an Rialtas an oiread sin tacaíochta agus is féidir a thabhairt daoibh.


Chuige sin, trí bliana ó shin, bhunaíomar Creidmheas Ioncam Tuillte nua chun cabhrú leis an mbearna idir daoine féinfhostaithe agus oibrithe ÍMAT a laghdú. Sa Bhuiséad deireanach d’éirigh linn an creidmheas sin a mhéadú €200 eile.

Is fiú €1,350 an creidmheas anois agus táimid ag iarraidh go mbeidh sé cothrom leis an gCreidmheas Cánach ÍMAT amach anseo.

Ó Dheireadh Fómhair 2017, tá rochtain ag daoine féinfhostaithe ar an Scéim Sochar Cóireála freisin, a áirítear inti Sochar Fiaclóireachta agus Radharceolaí.

Ó mhí na Nollag ar aghaidh i mbliana, beidh daoine féinfhostaithe in ann tairbhe a bhaint as Sochar Cuardaitheora Poist chomh maith.

Táimid i mbun machnaimh ar chúrsaí pinsin chomh maith. Go ginearálta, is féidir le daoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí, nó in ilnáisiúntaigh, nó i gcuideachtaí móra, a bheith muiníneach go mbeidh pinsean ceirde acu nuair a théann siad ar scor, sa bhreis ar an bpinsean Stáit, agus go mbeidh sé oiriúnach dóibh nuair a théann siad ar scor. Ní hionann an cás chomh fada is a bhaineann le daoine atá ag obair san earnáil phríobháideach agus le haghaidh FBMannna. Go deimhin, níl aon soláthar pinsin ag dhá thrian de na daoine atá ag obair san earnáil phríobháideach seachas pinsean an Stáit, agus caithfear é seo a athrú. I mian liom go mbeidh cumhdach uilíoch againn do phinsin in Éirinn agus go mbeidh gach duine páirteach i scéim pinsin ceirde, scéim a gcuirfear tús léi in 2022.

Creidimid go mbeidh na polasaithe seo mar bhonn le córas pinsin ranníocach níos cothroime agus níos simplí ina bhfuil léargas á thabhairt i bpinsean an duine ar a ranníocaíochtaí árachais shóisialta agus cultúr nua de choigilteas scoir pearsanta in Éirinn.


Tá a fhios againn ar fad go bhfuil cúrsaí eacnamaíocha go maith faoi láthair. I láthair na huaire tá:

  • 2.3 milliún duine i mbun fostaíochta - an líon is mó riamh;
  • Ráta dífhostaíochta 4.4% - an ráta is ísle ó 2005;
  • Tá an fás geilleagrach le tabhairt faoi deara ar fud na tíre, agus tá formhór na bpost nua á gcruthú lasmuigh de cheantar Bhaile Átha Cliath;
  • Fás cothrom pá, mhéadaigh an meántuilleamh sa bhreis ar 3% anuraidh, go maith chun tosaigh ar bhoilsciú. Is rud maith é sin - ba cheart go mbeadh pánna ag méadú níos tapa ná boilsciú. Is bealach amháin é lena chinntiú go n-éireoidh linn dálaí maireachtála a ardú.
  • Rátaí bochtaineachta, bochtaineachta leanaí agus díothachta ag titim;
  • Tá feabhas tagtha ar thuairisceáin an Státchiste bliain i ndiaidh a chéile agus, i mbliana, beidh feabhas ar an mbarrachas taifeadta in 2018 le tabhairt faoi deara;
  • Tá an fiachas náisiúnta laghdaithe mar % de GDP;
  • Tá caiteachas poiblí ag méadú ach ag leath an ráta a bhí le tabhairt faoi deara i rith thréimhse an “Tíogair Cheiltigh”;
  • Cur chun feidhme Thionscadal Éireann 2040, tá tionscadail a raibh daoine ag caint fúthu le blianta fada anuas tosaithe anois mar go rabhamar in ann caiteachas caipitiúil a mhéadú 25% i mbliana
  • Comhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí maidir le pá;
  • An Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus athchóirithe ar chosaintí sóisialta cosúil le saoire thuismitheoireachta agus Sochar Cuardaitheora Poist do dhaoine féinfhostaithe á bhforbairt; agus
  • Tá tógáil tithe ag méadú agus tá roinnt fianaise ann go bhfuil praghsanna tithe ag cothromú.

Níl aon amhras orm ach gur cheart dúinn an dul chun cinn seo a chomhdhlúthú agus tréaniarracht a dhéanamh níos mó a bhaint amach. Agus creidim nach mór dúinn a bheith ullamh don todhchaí agus do thodhchaí na hoibre go háirithe.


Leagtar amach inár straitéis, Future Jobs Ireland, athrú beartais chun líon na bpost ar ardchaighdeán a mhéadú ionas go mbeidh caighdeáin maireachtála níos airde againn. Poist inbhuanaithe, nach bhfuil baol chomh hard ann go gcaillfear iad. Cuireann sé deireadh le haon réchúis agus leagann sé síos clár oibre chun freagairt do bhagairtí amach anseo agus chun dul chun cinn a chomhdhlúthú.

Ní mór do gach glúin a samhail fiontraíochta agus gnó a athrú, nó fanann rudaí mar an gcéanna, nó titeann rudaí ar gcúl fiú. Caithfimid ár modh oibre a athrú.

Mar thír, ní mór dúinn glacadh leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil mar ghnáthchuid den saol, ionas go mbeimid in ann dul in oiriúint do theicneolaíocht agus d’earnálacha nua. Dá réir sin, táimid tiomanta dár ráta Foghlama Feadh an tSaoil a dhúbailt faoi 2025.

Is mian liom gur tír í Éire a bheidh ag obair chun maireachtáil, seachas tír a bheidh ag maireachtáil chun a bheith ag obair.

Táimid ag díriú ar tháirgiúlacht inniu, agus táimid ag iarraidh dlús a chur le fás táirgiúlachta sa gheilleagar trí chéile, go háirithe i measc FBManna. Dá réir sin, tá an deis á tapú ar maidin Colún Táirgiúlachta Future Jobs Ireland a sheoladh, a chinntíonn an méid thuasluaite.

Tugtar le fios in anailís a rinne OECD agus an Roinn Airgeadais le déanaí go bhfuil ag éirí go maith le hÉirinn chomh fada is a bhaineann le táirgiúlacht i gcomparáid le ballstáit eile den AE. Tá roinnt gnólachtaí domhanda an-táirgiúla ag tacú leis seo, áfach, agus tá an bhearna táirgiúlachta idir na ceannairí seo agus ár ngnólachtaí dúchasacha intíre féin ag leathnú.

Pointe ábhartha don lá inniu, is ea go bhfuil sprioc sonraithe againn go mbeidh táirgiúlacht intíre á méadú 1% sa bhliain.

Seo a leanas atá á dhéanamh againn chun dul i ngleic leis an dúshlán táirgiúlachta:

  • Tá Oifigí Fiontair Áitiúil á neartú againn;
  • Tá straitéis nua fiontraíochta ban á forbairt;
  • Tá Scéim Iasachta d’Fhás Todhchaíoch á seoladh;
  • Tá tús á chur le clár Barr Feabhais Oibríochtúil chun dlús a chur le hathrú cuideachtaí; agus
  • Tá an tástáil FBM á cur i bhfeidhm ar gach reachtaíocht nua.

Chomh maith leis sin, tá plean á fhorbairt againn chun feidhmíocht FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí Éireannacha in earnálacha nua a fheabhsú bunaithe ar thátail OECD ar thagair Kris agus Ulrik dóibh níos túisce.


Chomh maith leis sin, tá an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Future Jobs Ireland á foilsiú againn ina léirítear go bhfuil ár spriocanna á gcomhlíonadh againn. Rinne an Rialtas an Tuarascáil a bhreithniú agus foilseofar tuarascálacha ar dhul chun cinn gach sé mhí thar shaolré na straitéise.

Beidh sé ailínithe go hiomlán lenár gcuspóir a chinntiú go dtéann forbairt fiontair agus cruthú fostaíochta amach anseo chun tairbhe gach cuid den tír.

Is fiú a lua, gur chruthaigh cliantchuideachtaí Fhiontraíocht Éireann beagnach 19,000 post nua anuraidh. Cruthaíodh breis is 60% de na poist lasmuigh de réigiún Bhaile Átha Cliath. Le blianta beaga anuas, tá ról lárnach ag Oifigí Fiontair Áitiúil agus ag Fóraim Réigiúnacha Scileanna inár n-éiceachóras gnó.

Is é an aidhm atá le Tionscadal Éireann 2040 a chinntiú go bhfuil poist agus deiseanna fostaíochta ann do dhaoine ionas go mbeidh ar a gcumas maireachtáil agus dul chun cinn a dhéanamh i ngach ceantar in Éirinn.

Tá infheistíocht straitéiseach agus spriocdhírithe ag tacú leis an uaillmhian seo, tríd an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha ar fiú €500m é. Seoladh an dara glao i Luimneach an tseachtain seo caite agus spreagfaidh sé comhoibriú idir na hearnálacha taighde, oideachais agus fiontair, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta ina measc.


Mar a dúirt an tAire Humphreys, táimid ag ullmhú do Brexit agus ní mór do ghnóthaí a chinntiú go bhfuil siad ullamh do Brexit chomh maith.

Is cuma céard a tharlóidh mar thoradh ar Brexit, bainfidh tábhacht mhór le hearnáil bhríomhar FBM agus cultúr fiontraíochta chomh fada is a bhaineann lenár rath eacnamaíoch agus pobail ar fud na hÉireann.

Dá réir sin, baineann tábhacht le plé an lae inniu. Ní mór a chinntiú go bhfuil an oiread agus is féidir á dhéanamh againn chun FBManna atá ann cheana féin a fhorbairt agus fiontraíocht a spreagadh ionas go mbeidh FBManna nua ann amach anseo.

Tá súil agam go mbeidh díospóireacht bhríomhar agaibh inniu agus táim ag súil le torthaí bhur gcuid oibre a fheiceáil.

Go raibh maith agaibh.