Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, ag seoladh Phlean Aeráide an Rialtais, Gráinseach Ghormáin

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

A Airí, a bhaill den phreas, a chairde dhílse.

Ba í an imní ba mhó a bhí ar mo ghlúin agus sinn ag fás aníos ná go scriosfaí an domhan i rith Léirscrios núicléach comhcheannasach.

Mhaireamar tríd an gCogadh Fuar agus bhíomar ann nuair a thit Searnóbail amach. Chuir sé fíor-bhagairt orainn agus chruthaigh sé bagairt soiléir agus láithreach. Ach, níor tharla sé. Fuair an dóchas an lámh in uachtar ar an eagla. Tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar agus d’éirigh leis an tsíocháin.

Nuair a bhíomar ag fás aníos, ba bháisteach aigéadach agus ídiú an chisil ózóin na buarthaí comhshaoil ba mhó a bhí orainn. Fíor-bhagairtí a bhí iontu seo, seachas scéalta chailleach an uafáis. Agus thugamar faoi, ar scála domhanda, agus sáraíodh ár n-eagla.

Is é an eagla is mó atá ar dhaoine óga atá ag fás aníos inniu ná go millfear an domhan in apacailipsis aeráide.

Ní gá dó tarlú. Is féidir é a sheachaint. Is féidir stop a chur leis. Is féidir dul i mbun gnímh.

Agus inniu, deirimid go rachfar i mbun gnímh.

Caithfidh sé tarlú ar gach leibhéal - an duine aonair, an teaghlach, an gnólacht agus an rialtas.

Is é ár gcuspóir chun ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 2% gach bliain go ceann deich mbliana.

Níl an sprioc á baint amach againn, ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn, agus tá orainn anois é sin a dhéanamh i bhfad níos tapúla.

Treoirphlean atá sa phlean atá á sheoladh inniu againn a leanfaimid chun é sin díreach a dhéanamh.

Baineann gníomhú ciallmhar ar son na haeráide leis.

Agus mar sin, mar Rialtas, tacóimid le agus cuirfidh Gníomhartha ar son na hAeráide chun cinn a laghdaíonn ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa mar gheall gurb é sin is gá dúinn a dhéanamh chun ár bpláinéad a thabhairt slán chomh maith le gníomhartha ar son na haeráide a bhronnfaidh tithe níos teo, aer níos glaine, agus caighdeán beatha níos fearr orainn - gníomhartha ar son na haeráide a chruthóidh poist agus gnólachtaí na todhchaí.

Ag an am céanna, ní thacóimid le Gníomhartha ar son na hAeráide a n-éireoidh daoine níos boichte ná a gcaillfimid poist mar gheall orthu ná nach mbeimid chomh sábháilte céanna mar gheall orthu ná nach laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfírinne.

Tá cothromaíocht le baint amach agus creidim go ndéanann an plean seo é sin díreach.

Nuair a bhíonn go leor daoine ag trácht ar athrú aeráide, luann siad go mbeidh drochrath agus milleadh, agus fiú díothú i ndán dúinn. Mura dtéitear i mbun gníomh ar bith, b’fhéidir go mbeidh an ceart acu fiú, i ndeireadh na dála.

Ach cruthaíonn gníomhú ar son na haeráide deis, dar liom féin. Ní chuirtear an córas as riocht dá bharr. Is éard atá i gceist leis ná an córas a athrú.

Oiriúnú, athchóiriú agus nuachóiriú. Is ionann réabhlóid aeráide agus na réabhlóidí digiteacha, tionsclaíocha agus talmhaíochta a thit amach roimhe seo, go pointe áirithe. An chéad chéim eile d’fhorbairt dhaonna.

Agus cruthaíonn gníomhú ar son na haeráide deiseanna ollmhóra. Poist nua agus gnólachtaí nua agus saibhreas nua á gcruthú trí fhuinneamh in-athnuaite, insliú foirgnimh agus foraoiseacht.

Iompórtálacha laghdaithe breoslaí iontaise agus b’fhéidir fiú an fhéidearthacht go ndéanfar easpórtálaí leictreachais d’Éirinn.

Margaí nua do bhia a tháirgtear go hinbhuanaithe, an lorg carbóin is ísle agus na caighdeáin leasa ainmhithe is airde.

Tá Plean Aeráide an lae inniu ceannasach agus uaillmhianach.

Ní lorgaíonn sé aon údar gaisce ná chun bua a thabhairt le fios.

Ní thugann sé faoin lár báire a aimsiú.

Ina ionad sin, tá de chuspóir aige comhthuiscint a chruthú maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, ardán ar féidir linn go léir cur leis fad a chuirtear i bhfeidhm agus a leasaítear é gach bliain.

Comhthuiscint atá tromchúiseach, éifeachtach agus ciallmhar.

Freagraíonn sé don idéalachas atá tugtha faoi deara againn i measc ár ndaoine óga le roinnt seachtainí anuas agus a chuireann an réalachas ar fáil a chumasaíonn athruithe forleathana a dhéanamh, le haistriú atá beartaithe agus cothrom, ionas nach mbraitheann duine ar bith gur fágadh ar lár iad.

Mar sin, creidim gur lá dóchais agus roinnt suaircis é seo.

Táimid chun an bealach a athrú a tháirgtear agus a úsáidtear leictreachas, conas a théitear ár dtithe agus ár n-ionaid oibre; an bealach a thaistealaímid; na saghsanna feithiclí a cheannaímid, agus conas a tháirgtear bia.

Is éard a bhaineann leis ná láir bheoga chathrach faoi dhaonra ar féidir maireachtáil iontu agus ina bhfuil conláistí agus iompar sármhaith fad a dhéanaimid dlús níos airde a chothú.

Earnáil níos glaise agus éagsúlaithe talmhaíochta agus agraibhia a dhéanann bia ardchaighdeáin inrianaithe a tháirgeadh ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh carbóin de – faoi mar atá á éileamh níos mó ag na tomhaltóirí a dtáirgimid bia dóibh.

Thar aon ní eile, táimid chun borradh astaíochtaí a scaradh ó bhorradh geilleagrach.

Lena chinntiú go mbaintear an plean seo amach, tá Bord Soláthair um Ghníomhú ar son na hAeráide á bhunú ag mo Roinn, Roinn an Taoisigh, a dhéanfaidh maoirseacht ar an gcur i bhfeidhm; agus oibreoimid go han-dlúth lenár gcomhghleacaithe go léir ar fud an Rialtais chun dul i ngleic leis na gníomhartha seo.

Dearbhaímid inár mBunreacht gur náisiún mór sinn i dtaobh ár ‘dúthracht d’idéal na síochána agus an chomhoibrithe chairdiúil idir náisiúin, atá bunaithe ar cheartas agus moráltacht idirnáisiúnta.’

Déanfaimid fírinne an mhéid seo a athdhearbhú trínár n-oibleagáidí maidir le laghduithe carbóin a shásamh sna blianta amach romhainn agus trí ghníomhú ar son na haeráide agus an bhithéagsúlacht a chuimsiú isteach inár mbeartais idirnáisiúnta forbartha agus eachtracha.

Faoi mar a dúirt mé cheana féin, creidim gurb í an fhreagracht is mó atá orainn chun ár bpláinéad a thabhairt don chéad ghlúin eile agus bail níos fearr air ná mar a bhí air nuair a tugadh dúinn é.

Tá athruithe á ndéanamh anois againn le Plean an lae inniu, sula mbeidh sé ró-dhéanach, lena chinntiú go ndéanaimid é sin díreach.

Aithnímid nach bhfuil na freagraí go léir ag an Rialtas. Mar sin, oibreoimid le daoine, an tionscal agus pobail chun an bealach is fearr agus is cuimsithí chun cinn a leagan amach. Bealach chun cinn atá éifeachtach agus ciallmhar. Bealach a bhaineann ár spriocanna amach, agus ar bhealach atá dea-leagtha amach agus a ndearnadh an machnamh ceart air, a thacaíonn le fostaíocht agus caighdeáin mhaireachtála agus a chumasaíonn aistriú cóir.

Is é an cur chuige a ghlacfaimid chun daoine agus gnólachtaí a spreagadh chun iompar a athrú agus teicneolaíochtaí nua a oiriúnú trí dhreasachtaí, dídhreasachtaí, rialacháin agus faisnéis.

Is é ár gcuspóir, fad a dhéanaimid pleanáil don todhchaí, chun aistriú chuig sochaí ísealcharbóin agus atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Aire Richard Bruton as an gceannas a ghlacadh as an bPlean seo agus as oibriú le comhghleacaithe i ngach Roinn chun freagairt chomhcheangailte Rialtais a chruthú.

Cuimsítear sa Phlean seo ár ndóchas go léir don todhchaí. Ár ngairm chun gnímh sa chomhrac chun ár bpláinéad a thabhairt slán.

Go raibh maith agaibh.