Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, an Teach Bán, Fáiltiú Lá le Pádraig

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Uachtaráin, a Chéad mhná, a Leas-Uachtarán,

Creidim i gcónaí gurb é atá i gceist sa stair ná staidéar ar an todhchaí.

Cuireann sí na háiteanna a rabhamar roimhe seo i gcuimhne dúinn agus cuireann sí i dtreo ár gcéad cheann scríbe eile sinn.

San am atá imithe thart, rinne sealbhóirí bhur n-oifigí sainmhíniú a thabhairt ar a raibh i ndán don tír iontach seo in am na cinnteachta agus in am na géarchéime.

Chabhraigh an tUachtarán Washington chun Meiriceá a chruthú agus léirigh sé don domhan mór brí ceart na saoirse agus mar a d’oibrigh an daonlathas.

Chabhraigh an tUachtarán Jefferson chun tír iontach a dhéanamh den tír seo agus saorphoblacht a chruthú.

Rinne an tUachtarán Lincoln an daonlathas a chaomhnú agus chruthaigh sé nach mbaineann teorainn ar bith leis an tsaoirse.

Fuair na hUachtaráin Roosevelt agus Reagan an lámh in uachtar ar dhá dhroch-impireacht agus shlánaigh siad saoirse don domhan mór.

Is é an uaillmhian atá agatsa, a Uachtaráin, ná Meirceá a Athbhunú mar Thír Iontach agus feicimid torthaí na huaillmhéine sin inniu.


Tá geilleagar Mheiriceá ag dul ó neart go neart. Tuilleadh fostaíochta. Ioncaim á méadú. Díreach mar a dúirt tú go ndéanfá.

Níl sárú le fáil ar chumhacht mhíleata Mheiriceá.

Creidim féin áfach go bhfuil níos mó i gceist le hiontas Mheiriceá ná cumas eacnamaíoch agus cumhacht mhíleata. Tá sé bunaithe sna rudaí is ansa linn faoi Mheiriceá: muintir Mheiriceá, a gcuid luachanna, náisiún nua atá bunaithe ar an tsaoirse. Tír agus áit dúchais iad siúd atá cróga agus saor.

‘Is é ár dtuairim gur fírinne fhéin-fhollasach iad an fhírinne seo gur cruthaíodh cothrom na daoine uile agus gur thug a gcruthaitheoir cearta áirithe doshannta dóibh - an bheatha, an tsaoirse agus tóraíocht an tsonais.

‘Náisiún… tiomanta don tairiscint… ní thiocfaidh deireadh go deo le rialtas na ndaoine, rialtas atá bunaithe ag na daoine, do na daoine.’

Tír a chuir daoine ar an ngealach “ní ós rud é go raibh sé éasca ach ós rud é go raibh sé deacair.”


A Uachtaráin, spreag an tsúil a bhí acu ar Mheiriceá daoine ar fud an domhain a raibh an tsaoirse uathu, daoine i mo thír féin ina measc.

Rinne mná amhail Susan B. Anthony agus Rosa Parks, Rachel Carson agus Marsha Johnson sinn go léir a spreagadh, mná a d’athraigh an bealach a smaoiníomar ar a chéile agus ar an domhan mórthimpeall orainn.

Agus iad spreagtha ag an gluaiseacht cearta sibhialta, thosaigh muintir Thuaisceart na hÉireann ag éileamh cearta agus deiseanna comhionanna.

  • Chas siad na hamhráin chéanna.
  • Beidh an bua againn
  • Agus d’éirigh leo é sin a dhéanamh.

Agus tá a fhios maith againn nach ionann Meiriceá a athbhunú mar thír iontach agus troid, nó dearmad a dhéanamh ar na rudaí a rinne tír iontach di cheana féin.

Is spreagadh í Meiriceá do dhaoine mórthimpeall an domhain agus tá an-chuid daoine tar éis teacht anseo chun cur fúthu.

Tháinig daoine, lena n-áirítear na milliúin ó Éirinn a bhí i measc na lámha a rinne Meiriceá a thógáil.

Tháinig daoine eile an treo eile, agus tagann fós, agus cuirimid fáilte gan choinníoll rompu siúd.


A Uachtaráin, is stair chomhroinnte atá eadrainn, is todhchaí comhcheangailte atá romhainn amach.

Creidim mar sin gur ceart na deiseanna céanna a bheith ag glúnta todhchaí ár saoránach chun sochaithe a chéile a shaibhriú mar a rinne na glúnta roimhe sin.

Níl náisiún ar bith eile ann a bhfuil an méid céanna nasc chun na Stáit Aontaithe aici agus Éire, agus a bhfuil a laghad sin bealaí aici chun na hinimirce dleathaí ag an am céanna. Gach uair a labhraíomar faoin ábhar seo, d’éirigh linn teacht ar chomhaontú.

Agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leatsa agus don Chomhdháil as an tacaíocht a léirigh sibh do chlár víosa nua E3, clár a ligeann do líon áirithe Éireannach teacht anseo ar bhonn bliantúil.

A Uachtaráin, inniu tá a háit féin glactha ag Éire i measc náisiúin an domhain.

Ball bródúil de na Náisiúin Aontaithe, a ghníomhaíonn mar fhórsa a théann chun sochair daoine ar fud an domhain.

Táimid siúráilte faoi ár n-áit san AE, an baile Eorpach comónta a chabhraíomar lena thógáil.

Tairseach chuig domhan an Atlantaigh agus, tá súil agam, droichead idir an Eoraip agus Meiriceá.

Ag an bpointe seo inár stair, a Uachtaráin, ba mhaith linn na naisc eacnamaíocha idir ár dá náisiúin a dhaingniú tuilleadh.

Chabhraigh blianta fada d’infheistíocht in Éirinn ó ghnólachtaí Meiriceánacha leis an tír a athrú ó bhonn ó ceann de na tíortha is lú forbartha go ceann de na tíortha is saibhre: barrachas buiséid, níos mó daoine fostaithe anois ná riamh, cáin ioncaim níos ísle, pá ag dul i méid, an bhochtaineacht agus an díth ag dul i laghad.

Gabhaimid buíochas libh agus ní dhéanfaimid dearmad go deo ar an bpáirt a bhí agaibh san athrú eacnamaíoch sin.


Inniu, áfach, is bealach dhá threo atá inár gcaidreamh eacnamaíoch. Tá 100,000 Meiriceánach ar fud caoga Stát fostaithe i gcuideachtaí atá faoi úinéireacht Éireannach agus tá tuilleadh fostaíochta beartaithe.

Tá 119 gnólacht Éireannach tar éis infheistiú a dhéanamh anseo ó tháinig tusa chun na hoifige seo.

Tá infheistíocht cuideachtaí Éireannacha sna Stáit Aontaithe tar éis méadú faoi thrí le blianta beaga anuas.

Tá barrachas trádála i gceist ó thaobh earraí agus marsantachta a dhéantar a chomhardú leis an barrachas trádála atá i gceist libhse ó thaobh seirbhísí de.

Tá poist agus trádáil ag dul sa dá threo.

Is chun leasa gach duine ar an iomlán atá an tsaorthrádáil agus an tsaorfhiontraíocht. Coimeádaimid mar sin é.


Dúirt an tUachtarán Lincoln tráth go raibh ‘an t-am a bhí imithe thart ina chúis don am i láthair agus go mbeidh an t-am i láthair ina chúis don todhchaí. Is naisc iad sin go léir sa slabhra síoraí a théann ón rud finideach go dtí an rud neamhfhinideach.

A Uachtaráin, is cuid den slabhra síoraí sin í Éire, agus táimid fíorbhródúil as ár naisc le do thír féin. Is mór againn Meiriceá agus an tsúil atá againn ar Mheiriceá.

Agus tá a fhios maith againn nach ionann Meiriceá a athbhunú mar thír iontach agus troid nó dearmad a dhéanamh ar na rudaí a dhéanann tír iontach di cheana féin.

Agus mar sin, a Uachtaráin, ag teacht le meon ár staire fada chomhroinnte agus ár gcairdis, cuireann sé gliondar orm an babhla seamróige seo a bhronnadh ort.

Lá ‘le Pádraig sona daoibh go léir!