Foilsithe ar 

Óráid leis an Taoiseach Leo Varadkar, T.D.

Chas mé le cúigear stiúrthóirí Quinn Industrial Holdings tráthnóna inniu.

Lorg mé an cruinniú seo a thionól chun buíochas a ghabháil leis na stiúrthóirí as a misneach, a dtiomantas agus a ndúthracht don chuideachta ríthábhachtach seo a chruthaíonn an oiread sin fostaíochta agus gníomhaíocht gheilleagrach i réigiún a bhfuil géarghá leis.

Theastaigh uaim a ndearcthaí a chloisteáil agus dearbhú a thabhairt dóibh go dtacaíonn an Rialtais le QIH, a fhostaíonn breis agus 800 duine in Éirinn agus Tuaisceart Éireann, agus lena dhearbhú dóibh gur cuid lárnach den phobal é.

Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Kevin Lunney as an athléimneacht a léirigh sé i ndiaidh gur fuadaíodh, gur ionsaíodh agus gur céasadh go brúidiúil é.

Phléigh mé an cruinniú a bhí agam le déanaí le Coimisinéir an Gharda Síochána agus leis an Aire Dlí agus Cirt. Dhearbhaigh mé dóibh go bhfuiltear ag caitheamh lena slándáil, slándáil a bhfostaithe, agus dlí agus ord i réigiún na teorann mar ábhar den tromchúise is mó in uachtar an Rialtais.

Caithfear dlí agus ord a bhaint amach, agus bainfear amach é, i ngach cuid den tír. Chomhaontaíomar chun leanúint le teagmháil a dhéanamh lena chéile de réir mar a leanann an t-imscrúdú coiriúil in aghaidh na ndéantóirí ar aghaidh.