Foilsithe ar 

Óráid leis an Taoiseach, Seoladh Jabanna do Thodhchaí na hÉireann 2019, Saotharlanna Dogpatch, CHQ

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

Tráthnóna maith daoibh, go léir.

Is cúis áthais dom a bheith anseo leis an Aire Humphreys agus leis an Aire Donohoe agus chun Jabanna don Todhchaí (Future Jobs) a sheoladh.

Sílim go bhfuil sé oiriúnach go bhfuilimid ag seoladh Jabanna don Todhchaí anseo mar gheall ar an scéal den teacht chun cinn de CHQ ó stóras stórála de thobac, taenna agus biotáillí sna 19 ú haois go dtí mol miondíola dinimiciúla, nuálaíochta agus cultúrtha san 21ú haois agus is sampla beo é den dóigh ar féidir linn dul in oiriúint ar athrú ar bhealach rathúil.

Ag Dogpatch feicimid conas a éiríonn le smaointe nua i suíomhanna stairiúla. Le hocht mbliana anuas, tá sé tar éis teacht chun cinn, agus is é an mol nuathionscanta is mó in Éirinn anois é agus tá sé mar bhunchloch inár n-éiceachóras teicneolaíochta.

Léiríonn a rath ár n-uaillmhian chun Éire a athrú go príomhchathair theicniúil na hEorpa. Féachaimid é seo freisin ar an obair atá á déanamh ag ionaid taighde arna maoiniú ag an Rialtas ar nós ADAPT, ar thug róbat cainte an lae atá inniu ann dúinn, ag bunathrú saol an ábhair dhigitigh.


Tá fostaíocht iomlán beagnach ag Éirinn. Ní raibh an oiread sin daoine riamh againn ag obair, i mbun oideachas ná i mbun printíseachtaí. Mar thoradh air sin, tá méadú ag teacht ar chaighdeáin mhaireachtála agus tá laghdú ag teacht ar rátaí bochtaineachta agus díothachta. Tá daoine ag obair go dian le hocht mbliana anuas agus ba chóir dóibh a bheith bródúil as a mhéid a rannchuidigh siad lenár dtír. Ach ní féidir neamhshuim a dhéanamh de. Ní féidir linn ár maidí a ligean le sruth. Tá an botún sin déanta ag Éirinn cheana agus ní dhéanfaimid é arís.

Tá a fhios againn go mbeadh an comhaontú Breatimeachta is cineálta fiú níos lú ná an caidreamh reatha atá againn. Tá a fhios againn freisin:

  • Go bhfuil an t-ionchas don timpeallacht trádála idirnáisiúnta dúshlánach leis an bhfilleadh ar ais de cosantaíochas agus náisiúnachas eacnamaíoch;
  • Go bhfuil luas an athraithe teicneolaíochta ag dul i méid i gcónaí;
  • Go bhfuil rialacha agus caighdeáin chánachais dhomhanda ag athrú agus ní mór dúinn a bheith ar an taobh ceart den stair nuair a thagann na rudaí seo chun cinn;
  • Go gcaithfimid dlús a chur le dícharbónú dár ngeilleagar mar gheall ar Athrú Aeráide;
  • Go gcuireann déimeagrafaic - daonra atá ag dul in aois, brú ar leas, ar phinsin agus ar sheirbhísí, agus ar an nglúin atá ag teacht chun cinn nach bhfuil a cuid post ann fós; agus
  • Go bhfuil táirgiúlacht ár bhfiontair bheaga agus mheánmhéide intíre i bhfad taobh thiar de na gnólachtaí atá faoi úinéireacht eachtrach.

Mar sin féin, ní leor na dúshláin sin a aithint. Ní mór dúinn gníomhú.

Agus is é sin an rud atá i gceist le Jabanna don Todhchaí.

Leagtar amach athrú beartais chun líon na bpost d’ardchaighdeán a mhéadú ionas go mbeidh caighdeáin mhaireachtála níos fearr againn. Poist inbhuanaithe, nach bhfuil chomh leochaileach sin ó thaobh caillteanais de. Le Jabanna do Thodhchaí na hÉireann, déantar smionagar de bhogás agus leagtar amach clár oibre chun freagairt do rioscaí na todhchaí.

Is é an rud a cheapaim mise go bhfuil thar a bheith suntasach ná go bhfuilimid ag déanamh cinnte go mbainimid leas as na hathruithe atá ag tarlú cheana féin i saol na teicneolaíochta, intleacht shaorga agus róbataic, agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin.

Uaireanta is féidir le bogás fréamhú nuair a bhíonn geilleagar ag feidhmiú go maith. D’fhéadfadh neamhshuim a dhéanamh ar rath a bhí saothraithe go crua agus neamhaird a thabhairt ar rioscaí agus ar dheiseanna. Ocht mbliana ó shin, bhí cúrsaí eacnamaíochta i réim i measc ár ngnóthaí poiblí, sa lá atá inniu ann is annamh a bhíonn siad sa dioscúrsa poiblí. De bharr go bhfuil deiseanna iomadúla ann anois, ní mór dúinn cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a dtabharfaimid tús áite dár n-acmhainní, dár mbua agus dár n-infheistíocht.

Le Jabanna do Thodhchaí na hÉireann, déantar pleanáil le haghaidh forbairtí na todhchaí agus spreagtar díospóireacht phoiblí faoinár dtreoir eacnamaíoch agus faoin méid is gá dúinn a dhéanamh chun fás inbhuanaithe agus poist d’ardchaighdeán a choinneáil don ghlúin seo agus don chéad ghlúin eile.

Má táimid chun an geilleagar agus an tsochaí a theastaíonn uainn i 2025 a bheith againn - ísealcharbóin, ardtáirgiúlacht, ardteicniúil, oiriúnach do theaghlaigh, iomaíoch agus ar an margadh domhanda, ní mór dúinn an timpeallacht a chruthú nuair is féidir.


Mar sin, mar thír ní mór dúinn foghlaim ar feadh an tsaoil a fheiceáil mar an norm ionas go mbeimid inoiriúnaithe do theicneolaíocht nua agus d'earnálacha nua. Agus, inniu, táimid ag fógairt go bhfuil rún daingean againn an ráta um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil a dhúbailt go 18% faoi 2025.

Ní mór do ghnólachtaí smaoineamh ar bhealaí nua chun bua a mhealladh agus a choinneáil trí roghanna oibre solúbtha agus cianda; is féidir le mná chomh maith le fir an post a dhéanamh. Ionas gur féidir le daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe oibriú le Google, Facebook agus Apple gan a bheith ag taisteal go Cathair Chorcaí nó go Baile Átha Cliath.

Ba mhaith liom gur tír í Éire a oibríonn chun cónaí inti, agus gan chónaí chun oibriú inti.

Tá gá le gach glúin croitheadh mór a bhaint as a samhail fhiontair agus poist, mura ndéantar é sin, éireoidh sí marbhánta. Ní mór dúinn an bealach ina n-oibrímid a athrú.

Le Jabanna do Thodhchaí na hÉireann, cuirtear béim láidir ar tháirgiúlacht a mhéadú agus ar rátaí rannpháirtíochta a threisiú ionas gur féidir linn leas a bhaint as athruithe teicneolaíochta agus iad a leabú i ngach cuid dár ngeilleagar. Cinntíonn sé freisin go leanfaimid orainn ag cur le scileanna na n-oibrithe Éireannacha agus a bhíonn muid ag bogadh go gasta chuig geilleagar ísealcharbóin.

Creidim go soláthraíonn an straitéis seo creat uaillmhianach do thodhchaí na bpost in Éirinn.


Tá deis againn táirgiúlacht ár FBManna atá faoi úinéireacht intíre a threisiú agus ní mór dúinn an deis seo a thapú. Sa lá atá inniu ann, tá cáil ar Éirinn mar cheann de na háiteanna is tarraingtí d'Infheistíocht Dhíreach Eachtrach. Faoin mbliain 2025 ba mhaith liom go mbeadh cáil den chineál céanna orainn mar bhaile FBManna Éireannacha dinimicúla, ardghnóthachtálaithe, le lucht saothair cumasach agus oiriúnaithe. Is é seo an chéad chéim eile dár bhforbairt náisiúnta. Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide Éireannacha atá rathúil sa bhaile agus ansin ag dul ar an gcéim dhomhanda.

Agus Marie Curie á lua, ‘ níl an bealach chun cinn tapa ná éasca.' Ach má chuirimid plean i bhfeidhm anois, is féidir linn é a dhéanamh níos éasca.

Le Jabanna don Todhchaí, cuirtear treo nua ar fáil maidir leis an chaoi a bpleanálaimid do gheilleagar an 21ú haois.

Tá sé ceannasach, tá sé uaillmhianach, agus tá sé insroichte.

Trí aghaidh a thabhairt go díreach ar na dúshláin atá romhainn i saol na hoibre, is féidir linn a chinntiú go mbeimid in ann rath a bhaint as na claochluithe atá ag teacht. Is féidir linn aghaidh a thabhairt ar an todhchaí go muiníneach mar gheall ar na hullmhúcháin atá déanta againn inniu.

Go raibh maith agat.