Foilsithe ar 

Ráiteas an Thaoisigh ar Chomóradh 45 Bliain na Buamála i mBaile Átha Cliath Muineachán

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

Is ar na teaghlaigh sin a bhfuair daoine dá muintir bás nó a ngortaíodh iad ar an fhíor-dhrochlá sin in 1974 atáimid ag smaoineamh inniu. Maraíodh 33 shibhialtach san ainghníomh seo, agus bean a bhí ag súil le páiste ina measc, agus gortaíodh beagnach 300 duine, an líon is mó daoine ar gortaíodh in aon lá amháin le linn na dTrioblóidí.

Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh leis na teaghlaigh sin a chaill daoine muinteartha leo, agus dóibhsean ar gortaíodh iad, ar an 17 Bealtaine 1974.

Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag fiosrú gach uile leid chun an fhírinne iomlán a fháil amach faoi cad a tharla in iarracht chun clabhsúr éigin, is cuma más beag é, a chur ar fáil do mhuintir na n-íospartach.

Tá Imscrúdú an Gharda Síochána ar Bhuamáil 1974 fós oscailte, agus déanfaidh an Garda Síochána mionscrúdú ar aon fhianaise a thagann chun cinn go huile is go hiomlán.