Foilsithe ar 

Ráitis ón Taoiseach, an tUasal Enda Kenny chuig Cruinniú Mullaigh an Ghréasáin

An Taoiseach Enda Kenny ag Cruinniú Mullaigh an Ghréasáin tar eis an cloigín NASDAQ a bhualadh

An Taoiseach Enda Kenny ag Cruinniú Mullaigh an Ghréasáin tar eis an cloigín NASDAQ a bhualadh

Réamhrá

A dhaoine uaisle, a aíonna oirirce, fáilte go Baile Átha Cliath, an áit is spreagúla ar domhan inniu chun gnóthaí an lae amárach a thógáil.

Is mór an onóir dom a bheith anseo libh chun cloigín NASDAQ a bhualadh le linn na comhdhála teicneolaíochta is mó agus is fearr san Eoraip.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le Paddy Cosgrave agus a fhoireann go léir as an ócáid uathúil seo a chur ar bun agus freisin chun fáilte a chur roimh Nelson Griggs agus Bruce Aust as NASDAQ.

Cloigín NASDAQ

Is é seo an chéad uair dó seo tarlú in Éirinn. Léiriú siombalach is ea bualadh chloigín NASDAQ i mBaile Átha Cliath ar sheasamh príomhúil na hÉireann mar mhol fiontraíochta agus nuála digití.

Le blianta beaga anuas táimid ag mealladh gnólachtaí nua teicneolaíochta ó gach áit sa domhan.

Is sna Dugthailte anseo i mBaile Átha Cliath atá cuid de na gorlanna fiontraíochta is spreagúla ar domhan lonnaithe agus iad suite le taobh na comhlachtaí tráchtála idirlín móra domhanda. D’fhéadfá éiceachóras a thabhairt air ach ní thugann sé sin tuiscint iomlán dúinn ar scála na gníomhaíochta atá ag tarlú ar fud na hÉireann inniu.

Tá iliomad comhlachtaí teicneolaíochta nua á dtionscain.

Tá na mílte oibrithe ag teacht go Baile Átha Cliath agus go hÉireann chun a lorg féin a fhágáil ar an nuathonn nuála digití seo.

Tá athrú ag teacht ar an domhan anseo romhainn mar gheall ar an gcomhleá smaointe agus daoine seo.

Cruinniú Mullaigh an Ghréasáin

Féach thart timpeall ort inniu – agus feicfidh tú na fáthanna gur áit spreagúil í Éire do ghnólachtaí teicneolaíochta nua.

Tá an láthair seo lán le fuinnimh. Fuinneamh na ndaoine óga, oilte agus paiseanta as Éirinn.

Cuimsíonn ár gcultúr athrú agus dúshláin nua agus cuirtear beocht isteach i ngnó.

Táimid bródúil a bheith aitheanta ar cheann de na tíortha beaga is fearr ar fud an domhain ó thaobh gnó.

Táimid ar an eacnamaíocht is oscailte sa domhain thiar.

Déanaimid ceiliúradh ar ár dtimpeallacht ghnó-bhunaithe.

Tacaímid le Taighde agus Forbairt den chéad scoth le ráta cánach corparáideach iomaíoch agus trédhearcach.

Tá infheistíocht in Éirinn ag an leibhéal is airde riamh. Creideann lucht gnó in Éirinn agus aithníonn siad na deiseanna ollmhóra atá anseo. Chuir mé fáilte phearsanta roimh chuideachtaí agus d’fhógair mé sonraí faoi leathnú isteach in Éirinn ag cuideachtaí a d’fhreastail ar Chruinnithe Mullaigh an Ghréasáin cheana, mar Qualtrics agus Squarespace.

Dóibh siúd a bhfuil suim acu déanamh amhlaidh, tugaim gealltanas daoibh inniu go dtabharfaidh an Rialtas seo an méid cúnaimh agus is féidir chun cabhrú libh athlonnú chuig an gcathair teicneolaíochta is spreagúla san Eoraip.

Conclúid

Mar fhocal scoir ba mhaith liom an méid a dúirt an t-eacnamaí mór le rá Paul Krugman i 1998 a roinnt libh: “Faoi 2005 nó mar sin, beidh sé soiléir nach mbeidh tionchar an Idirlín tada níos mó ná tionchar an mheaisín facs ar an eacnamaíocht”.

Léiríonn sé sin gur rud dainséarach é ráitis maidir leis an todhchaí a dhéanamh in aois Google.

Cé nach ndéanfaidh mé aon ráiteas maidir le todhchaí an idirlín mé féin, cuirim geall go ndéanfar cuid mhór den todhchaí sin a mhúnlú anseo in Éirinn. Agus dá bhrí sin tá sé d’onóir agam an NASDAQ, an príomh-mhargadh poiblí do chomhlachtaí teicneolaíochta ar domhan, a oscailt.

Go raibh maith agaibh.

CRÍOCH