Foilsithe ar 

Óráid ag an Taoiseach, Enda Kenny Rún Muiníne as an Taoiseach agus as an Rialtas Dáil Éireann Dé Máirt, an 9 Nollaig 2014

Tairgím: Go n-athdhearbhaíonn Dáil Éireann a muinín as an Taoiseach agus as an Rialtas.

Beagnach ceithre bliana ó shin, rinneadh muintir na tíre sinn a vótáil chun cumhachta, agus iarradh orainn ceithre rud a dhéanamh:

•        An geilleagar a tharrtháil; 

•        Na bainc a athbheochan; 

•        An cháil atá ar Éirinn a athshlánú; agus

•        Thairis gach rud – muintir na tíre a chur chun oibre arís. 

Ag an tráth sin, bheadh an t-airgead go léir caite ag Éirinn laistigh de thrí mhí.

Is éard a bhí i ndán don rialtas ná nach mbeadh aon airgead acu chun íoc as seirbhísí poiblí nó as tuarastail.

Ag an tráth céanna, bhí ag teip go dona ar an ngeilleagar.

Chlis na bainc.

Bhí laghdú mór ag teacht ar phraghsanna tithe. Bhí ardleibhéil de riaráistí morgáiste ann.

Bhí na daoine ba chliste agus na hoibrithe b’fhearr ag fanacht sna scuainí dóil tar éis gur cailleadh ceathrú milliún post sna trí bliana roimhe sin.

Ní hamháin gur bhain an Triúracht Tarrthála an Roinn Airgeadais amach, ach le linn lár an gheimhridh dhuairc sin, bhain sí an tsícé náisiúnta amach. Ina dtithe féin, bhí idir ionadh agus uafás ar mhuintir na tíre.

Bhíodh fuílleach airgid acu roimhe seo, agus báite i bhfiacha a bhí siad ina dhiaidh sin.

Nuair a ghlac an Rialtas seo, de chuid Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, leis an oifig seo in 2011, bhí plean againn chun Éire a tharrtháil ó thodhchaí dhuairc agus éadóchasach.

Cé go raibh an iomaí dúshlán roimh ár dtír le roinnt blianta anuas, d’éirigh linn Éire a chur chun cinn ar aistear a hathshlánaithe.

Is féidir linn seo a dhéanamh, trí chloí phlean sonrach, mar gheall go bhfuil an geilleagar is tapúla fás san Eoraip in Éirinn.

 Ní fhéadfaí é seo a chreidiúint trí bliana ó shin. Níor tharla seo de thimpiste.

Léiríonn sé an plean athshlánaithe atá curtha i bhfeidhm go docht daingean againn ón gcéad lá a bhaineamar an Rialtas amach.  

Plean athshlánaithe ar chuir na páirtithe ina aghaidh gach deis a bhí acu trí ghiotáin chainte, diúltachas agus mífhaisnéis. Gheall Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre sa toghchán deireanach, go leasóimis an comhaontú lochtach tarrthála a rinne Fianna Fáil. Chuireamar deireadh le méaduithe ar cháin ioncaim a d’fhéadfadh poist a mhilleadh. Chuireamar deireadh leis an gciorrú ar an bpá íosta.

Rinneamar na billiún a choigilt ar mhaithe le cáiníocóirí na hÉireann trí rátaí níos saoire ar ár bhfiachas a idirbheartú, trí Bhanc-Chorparáid Angla-Éireannach agus Irish Nationwide a leachtú agus na nótaí gealltanais coiriúla a ionadú, agus níos déanaí ná an méid sin, trí chomhaontú a bhaint amach ar iasachtaí costasacha an IMF a aisíoc go luath.  

Rinne ár straitéis de rannpháirtíocht chomhsheasmhach agus thiomanta lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta an cháil idirnáisiúnta atá orainn a chlaochlú agus is éard a d’eascair as ná fíor-ghnóthachain agus fíor-shochair do mhuintir na tíre.

Tá tréanmhéid d’infheistíocht dhíreach iasachta á dhéanamh go fóill.

Infheisteofar na billiúin a rinneadh a choigilt ar ais isteach inár sochaí trí sheirbhísí níos fearr a sholáthar do mhuintir na tíre agus trí bhonneagar níos fearr a sholáthar dár ngeilleagar.

Dá leanfaimis beartas Shinn Féin in 2011 agus an bóthar a thabhairt don Triúracht lena gcuid airgid nó bata agus bóthar a thabhairt don Eoraip, bheadh Éire i bponc agus í sáite i gcóras athleantach de tharrthálacha éigeantacha agus chaillfí an ceannas náisiúnta atá ar an tír.

Ba é an toradh a bhí ar ár straitéis ná chun ár dtír a thabhairt slán ón tarrtháil beagnach ar an lá seo an bhliain seo caite gan aon ghá a bheith ann leis an dara tarrtháil nó le socruithe coinníollacha eile. Sa mhullach air sin, chuamar i mbun gnímh le déileáil le deamhain aimsir chaite fhuair agus fhuarchúiseach na hÉireann.

Sa chéad óráid a thug mé anseo mar an Taoiseach, labhair mé faoi conas a thagann leigheas ar chneá ón imeall isteach.

Agus chuir mé tús láithreach bonn leis an bpróiseas leighis sin inár dtír. Bhí mná Neachtlanna Magdelene ann i dtosach báire.

Thugamar aird ar ár máithreacha agus a leanaí nuair a tugadh isteach an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis.

Thugamar aire do theaghlaigh Halla Priory agus iad siúd a bhí i dtithe piríte.

Táimid ag oibriú anois chun cabhrú leis na mná a ndearnadh gnáthaimh shimfiseatóime orthu.

Tá ullmhúcháin á ndéanamh againn do reifreann ar Phósadh Comhghnéis, agus is eol dom go mbeidh seo ina ábhar tábhachtach do go leor lánúineacha, a gcairde, agus a dteaghlaigh, fud fad na tíre seo.

An tseachtain seo, phléamar easpa dídine, rud a ndéanfaimid díospóireacht air anseo amárach.

I ngach gné den obair seo, ba mhaith liom a chinntiú go gcuirfimis an ruaig ar na deamhain, sean-ríshlata cultúrtha na mídhaonnachtúla.

Bhí mé meáite ar chinntiú nach mbeadh Éire riamh arís ina háit chomh fuarchúiseach dá muintir.

Agus táim go fóill.     

Táimid ag tabhairt faoi athshlánú geilleagrach agus sóisialta faoi láthair.

Tuigim go maith nár mhothaigh go leor daoine atá ag éisteacht amuigh ansin leis an díospóireacht seo inniu é sin riamh ina saol.

Táimse chomh mífhoighneach céanna le gach duine eile go dtabharfar faoi deara tairbhí an athshlánaithe ar fud ár dtíre.

Ach inniu, tá an tarrtháil fágtha againn, agus táimid sna margaí arís eile, agus b’fhéidir gurb ábhar díomá seo don fhreasúra.   

Tá na bainc cobhsaí.

Tá breis agus 80,000 post nua ann.

Is ionann sin agus 80,000 duine as gach cearn in Éirinn a éiríonn gach maidin agus a bhfuil braistint nua de dhóchas acu don todhchaí.

Ní raibh na scuainí dóil chomh gearr le cúig bliana anuas.  Is sinne an geilleagar is tapúla fás san Eoraip. 

Tá an t-easnamh teannta sáraithe againn agus cuirfear deireadh iomlán leis faoin mbliain 2018  Mar gheall ar mhargaí níos fearr fiachais, tá na billiúin níos mó againn le caitheamh ar ár seirbhísí poiblí, agus chun feabhas a chur ar an saol agus rudaí a dhéanamh níos fusa. 

Tá cánacha pearsanta laghdaithe agus bainfidh daoine sochar as athstruchtúrú eile cánach sna buiséid a thiocfaidh aníos amach anseo.

Roimh dheireadh na míosa, tabharfaidh daoine faoi deara go bhfuil beagán níos mó acu ina bpacáiste pá nuair a thiocfaidh na chéad chiorruithe cánach i bhfeidhm.

Seo an chéad uair le fada an lá a gheobhaidh muintir na tíre rud éigin ar ais dóibh féin, an chéad uair a thabharfaidh siad tairbhe áirithe faoi deara. Tosófar leis an athshlánú, ar fhulaing go leor daoine an oiread sin dó, a thabhairt faoi deara.  

Agus is sinne is gá buíochas a ghabháil leo as ucht an íobairt a rinne siad. 

Níl duine ar bith gan locht.

Níl Rialtas ar bith gan locht.

Ná nílimse féin, go deimhin. Dar ndóigh, níor éirigh linn an rud ceart a dhéanamh i gcónaí go dtí seo. Is mise is túisce a aithníonn an méid sin.  

Ná níor bhaineamar amach gach rud a rabhamar ag súil leis nuair a ghlacamar leis an oifig.

Ní mór dúinn foghlaim, agus foghlaimeoimid, ónár gcuid botún agus níos mó a dhéanamh ar son mhuintir na hÉireann.

Creidim go mbeidh an bhliain 2014 mar bhliain tairsí in athshlánú na hÉireann nuair a sholáthróidh ár mbeartas geilleagrach na hacmhainní a theastaíonn chun ár bpobail agus ár sochaí a atógáil.

Coimeádfar an luas geilleagrach seo an bhliain seo chugainn.

Tar éis seacht mbliana dhúshlánacha, is féidir le muintir na hÉireann bheith ag súil le caighdeáin mhéadaitheacha mhaireachtála, níos mó ioncaim indiúscartha agus seirbhísí poiblí a leasaítear go minic.

Is iad seo torthaí an athshlánaithe gheilleagraigh agus caithfimid a chinntiú go dtosaíonn gach duine, i ngach áit in Éirinn, le hé a thabhairt faoi deara ina saol laethúil. Ó iontrálamar an Rialtas, dhíríomar ar an ngeilleagar a tharrtháil.

Ach ní leor marthain gheilleagrach.

Níorbh leor riamh é.

Ní sprioc ann féin é.

Ní dhéanann sé ionadaíocht do dheireadh phleananna nó uaillmhianta an Rialtais. Cad is fiú athshlánú gan daonnacht?   

Cad is fiú é rath geilleagrach gan dínit, meas agus comhthrua?   

Cad is fiú saibhreas náisiúnta nach gcuireann an pobal nó croí nó intinn nó meanma san áireamh?

Cad is fiú cáil nuair a chónaíonn agus a fhaigheann fir agus mná bás ar ár sráideanna? Níl ár gcuid oibre déanta go fóill.

Tá clár uaillmhianach don todhchaí atá amach roimh Éirinn ag Rialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre.

Teastaíonn uaim go mbeidh Éire mar thír atá lán le deiseanna. Áit a bhfuil an tsaoirse ag daoine chun rud ar bith a bhaint amach a dtugann sé faoi agus chun sochair a gcuid iarrachtaí a bhaint.

Áit nach gcuirfidh aon easpa post, tithíochta nó seirbhísí aon srian ar a n-uaillmhianta sa saol. Is é an chéad rud a dtugaimid tús áite dó ná an tasc a chríochnú a bhaineann le gach ceann de na poist a cailleadh le linn an chúlaithe a athshlánú. Nach fágtar duine ar bith dífhostaithe nó tearcfhostaithe i gcoinne a dtola.

Tugaimid lánfhostaíocht air seo, agus tá plean uaillmhianach againn chun é sin a bhaint amach faoi 2020, ag an tráth is déanaí. Is éard a bheidh i gceist leis ná ár seirbhísí tacaíochta post agus leasa a bhunathrú agus gach duine atá dífhostaithe go fadtéarmach a aistriú ar ais isteach i bpoist íoctha.

Tabharfar leasuithe seismeacha faoi deara in 2015 sa limistéar seo de réir mar a thugaimid isteach ár dtionscnamh JobPath. An bhliain seo chugainn, oibreoidh ár straitéisí tógála agus tithíochta sóisialta le hearnáil inmharthana tógála a athbhunú a sholáthróidh an tithíocht a theastaíonn ó mhuintir na tíre.

Cabhróidh poist nua a chruthú, geilleagar a bheidh i mbun fáis agus ár bpleananna uaillmhianacha leasaithe linn, chomh maith, chun seirbhísí níos fearr a sholáthar do dhaoine chun cabhrú leo a lánchumas a bhaint amach.

Tá pleananna leasaithe i bhfeidhm againn san oideachas, cúram sláinte agus i leas sóisialach agus in go leor limistéir eile a dhéanfar a athrú an bhliain seo chugainn agus sna blianta amach romhainn, chomh maith.    

A Cheann Comhairle,  D’éirigh leis an Rialtas seo, agus liomsa, mar Thaoiseach, ag oibriú i gcomhar leis na daoine, le teacht i gcabhair ar Éirinn nuair a bhí sí i bponc. 

Táimid dírithe i gcónaí ar ár bplean d’athshlánú na hÉireann.

Ní chuirfidh rud ar bith isteach orainn ón obair thábhachtach a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar shaol mhuintir na tíre seo.

Críochnóimid an tasc a thug muintir na hÉireann dúinn agus bainfidh amach an t-athshlánú ar mhaithe le gach uile dhuine.

Níl sé ar intinn agam aon chobhsaíocht a chruthú trí Thoghchán Ginearálta a ghairm in 2015.

Agus is é mo rogha don Rialtas i ndiaidh an Toghcháin Ghinearálta in 2016 ná go leanfar leis an gcomhrialtas ar éirigh leis ceannas geilleagrach a fháil arís eile ar an tír.

An 9 Márta 2011, chuir an Rialtas, le muintir na hÉireann, céim chinniúnach díothú.

An dóchas a bheith againn gur féidir linn feabhas a chur orainn féin. An dóchas a bheith againn gur féidir linn an Rialtas a athnuachan.

An dóchas a bheith againn as todhchaí mhuiníneach, le chéile dúinn féin, dár leanaí agus do leanaí ár leanaí.

An tír bheag is fearr ar domhan a dhéanamh d’Éirinn le haghaidh gnó, chun teaghlach a thabhairt aníos inti, agus chun dul in aois inti le dínit agus le meas. Molaim an rún seo don Teach.